Tánaiste
Is é an Tánaiste leas-cheannaire rialtais na hÉireann, nó an tOireachtas mar a thugtar air. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann, an teach ísle san Oireachtas. Ceaptar an Tánaiste ag Uachtarán na hÉireann, tar éis ainmníocht ón Taoiseach. D'fheidhmeodh an Tánaiste thar ceann an Taoisigh dá bhfaighfeadh seisean bás nó dá gcuirfí ó chumas é, go dtí go gceapfaí Taoiseach nua.
Faoi láthair, is é Éamon Mac Giollamóir atá sa phost.
Téarma[athraigh]
Tá bunús an nóis le fáil i sean-chóras na nGael. Bhíodh Tánaiste ainmnithe ag Taoisigh chun a n-áit a ghlacadh dá marófaí iad nó dá dtarlódh rud ar bith a chuirfeadh cosc orthu a ndualgais a chomhlíonadh. Sa dóigh sin bhíothas ag súil nach mbeadh achrann nuair a bheadh comharba le piocadh. "An té a bhfuiltear ag feitheamh leis' is bunchiall don fhocal.
Stair[athraigh]
Cruthaíodh an t-oifig seo i 1937, in áit oifig an Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle a bhí ann i ré an Saorstát. Bunaíodh an t-oifig mar pháirt den bhunreacht nua Bunreacht na hÉireann. Ba é Seán T. Ó Ceallaigh, ó bhFianna Fáil, an chéad Tánaiste ar 29 Nollaig, 1937. Sa lá atá inniu ann, is coitianta go bhfaigheann ceannaire an dara páirtí is mó sa comhrialtas an post tábhachtach seo.
Liosta Tánaistí[athraigh]
Bhí trí théarma san oifig ag Seán F. Lemass (Fianna Fáil) agus Risteard Mac An Earraigh (Lucht Oibre). Bhí dhá théarma ag Liam Ó Neachtain (Lucht Oibre), agus téarma amháin ag na daoine eile.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |