Seán Ó Loingsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Ó Loingsigh
Seán Ó Loingsigh

I bhfeidhmeannas: (1) 10 Samhain, 1966 - 14 Márta, 1973
(2) 5 Iúil, 1977 - 11 Nollaig, 1979
Réamhtheachtaí: (1) Seán F. Lemass
(2) Liam Mac Cosgair
Comharba: (1) Liam Mac Cosgair
(2) Cathal Ó hEochaidh
Dáta breithe: 15 Lúnasa, 1917
Áit bhreithe: Corcaigh, Éire
Dáta báis: 20 Deireadh Fómhair, 1999
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Gairm: Abhcóide
Páirtí polaitíochta: Fianna Fáil
Tánaiste: Proinsias Mac Aodhagáin
Erskine Hamilton Childers
Seoirse Ó Colla

Bhí Seán Ó Loingsigh (John "Jack" Mary Lynch, as Béarla) (15 Lúnasa, 191720 Deireadh Fómhair, 1999), ar an 4ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann). Bhí dhá théarma aige in oifig idir 1966-1973 agus 1977-1979.

Toghadh é do Dháil Éireann don chéad uair mar ionadaí Chorcaí sa bhliain 1948, agus atoghadh é ag gach olltoghchán go dtí lá a scoir sa bhliain 1981. Le linn a ghairme, bhí sé mar Aire Airgeadais (1965-966), Aire Tionscoil agus Tráchtála (1959-1965), Aire Oideachais (1957-1959), Aire Gaeltachta (1957) agus mar Rúnaí Parlaiminte. Bhí sé ar an 3ú ceannaire ar Fhianna Fáil idir 1966 agus 1979, agus é ag teacht i gcomharbacht ar Sheán Lemass. Ba é Ó Loingsigh ceannasaí deireanach Fhianna Fáil chun tromlach foriomlán a fháil sa Dáil.

Peileadóir agus iománaí mór le rá le foirne peile agus iomána Chorcaí a bhí ann, sula gcrom se ar an bpolaitíocht.

Tagairtí[athraigh | edit source]



Foireann Iománaíochta na Mílaoise (2000)
Gaelic Athletic Association.png

1 Antóin Ó Roideacháin | 2 Seán Ó Dúghaill | 3 Nioclás Ó Domhnaill | 4 Roibeaird Mac Riocaird | 5 Pádraig Ó Faoláin | 6 Seán Ó Céin | 7 Brian Ó Faoileacháin | 8 Seán Ó Loingsigh | 9 Lory Ó Meachair | 10 Criostóir Ó Rinn | 11 Mícheál Mac Aodha | 12 Séamas Langtún | 13 Éadbhard Ó Cathaoir | 14 Réamann Ó Coimín | 15 Séamas Ó Dúghaill |