Liam Ó Neachtain
| Liam Ó Neachtain | |
|
3ú Tánaiste
|
|
| In oifig 18 Feabhra 1948 – 13 Meitheamh 1951 |
|
| Réamhtheachtaí: | Seán F. Lemass |
| Comharba: | Seán F. Lemass |
| In oifig 2 Meitheamh 1954 – 20 Márta 1957 |
|
| Réamhtheachtaí: | Seán F. Lemass |
| Comharba: | Seán F. Lemass |
|
|
|
| Dáta breithe | 1900 |
| BÁC, Éire | |
| Dáta báis | 4 Nollaig, 1963 |
| BÁC | |
| Páirtí | Páirtí an Lucht Oibre |
Polaiteoir Éireannach ba ea Liam Ó Neachtain (Béarla: William Norton) (1900 - 1963), a bhí ina Thánaiste idir 18 Feabhra, 1948 agus 13 Meitheamh, 1951. Ba é ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre é idir na blianta 1932 agus 1960.
Saol [athraigh]
Rugadh Liam Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1900, agus thosaigh sé ag obair leis an tseirbhís phoist sa bhliain 1916. Bhí sé páirteach sa cheardchumannachas a bhí láidir sa chathair ag an am, agus bhí sé ina rúnaí ag Ceardchumainn Lucht Oibre an Phoist idir na blianta 1924 agus 1948. Toghadh Ó Neachtain ina Theachta Dála i 1926 do Chontae Átha Cliath, agus ansin do Chontae Chill Dara ón mbliain 1932 go dtí a bhás.
Rinneadh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre de sa bhliain 1932. Thóg Ó Neachtain an páirtí isteach san chéad rialtas idirpháirtíoch idir na blianta 1948 agus 1951, agus eisean ina Thánaiste agus ina Aire Leasa Shóisialaigh. Bhí comhrialtas ann arís sa bhliain 1954, agus ba é Ó Neachtain an Tánaiste arís.
Cailleadh Liam Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1963.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
- Síolta
- Polaiteoirí na hÉireann
- Táinistí na hÉireann
- Teachtaí Dála
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 9ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 11ú Dáil
- Baill den 12ú Dáil
- Baill den 13ú Dáil
- Baill den 14ú Dáil
- Baill den 15ú Dáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 17ú Dáil
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Daoine a rugadh i 1900
- Básanna i 1963