Proinsias Mac Aodhagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Proinsias Mac Aogáin
FrankAiken.jpeg

In oifig
21 Aibreán, 1965 - 2 Iúil, 1969
Réamhtheachtaí: Seán Mac an tSaoi
Comharba: Erskine Hamilton Childers

In oifig
19571969
Réamhtheachtaí: Liam Mac Cosgair
Comharba: Pádraig Ó hIrighile

Dáta breithe 13 Feabhra, 1898
  Contae Ard Mhacha
Dáta báis 18 Bealtaine, 1983
  BÁC
Páirtí Fianna Fáil

Polaiteoir sinsearach Éireannach ab ea é Proinsias Mac Aodhagáin (níos deireanaí, Proinsias Mac Aogáin ina úsáid féin) nó Frank Aiken as Béarla (13 Feabhra, 1898 - 18 Bealtaine, 1983). In éineacht le Eamon de Valera, bhí sé ar duine acu siúd a bhunaigh Fianna Fáil ar 23 Márta, 1926. Vótáladh isteach ar an Dáil an chéad uair sa bhliain 1923 é, agus mhair sé ansin go dtí an bhliain 1973. Bhí sé ina Thánaiste sna blianta ó 1965 go dtí 1969.

Saol[athraigh | edit source]

Saolaíodh an tAodhagánach i gCamloch, Contae Ard Mhacha sa bhliain 1898. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh sa bhliain 1914, agus bhí sé ina bhall den IRA i gCogadh na Saoirse. Ní raibh sé sásta leis an gConradh Angla-Éireannach ná leis an Saorstát, agus mar sin, chuir sé troid ar lucht leanúna an Choileánaigh. Tháinig sé i gcomharbas ar Liam Ó Loingsigh mar Cheann Foirne ar an IRA. B'eisean a d'ordaigh don IRA scor den chath agus na hairm a dhumpáil, ar an 24 Bealtaine, 1923, agus mar sin, is féidir a rá gurbh eisean a chuir deireadh le Cogadh Cathartha na hÉireann. Mhair sé ina Cheann Foirne ar an IRA go dtí 12 Samhain, 1925.

Bhí an tAodhagánach ar an chéad Aire Cosanta in aon rialtas de chuid Fhianna Fáil, agus b'eisean a choinnigh súil ar chúrsaí cosanta na tíre i Ré na Práinne, is é sin, i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Sna blianta i ndiaidh an chogaidh, chaith sé trí bliana ina Aire Airgeadais, ach is mar Aire Gnóthaí Eachtracha is mó is cuimhin leis na daoine é inniu. Chuir sé béim ar chearta na náisiún beag mar bhaill chothroma de na Náisiúin Aontaithe, agus theastaigh uaidh polasaí neamhspleách a bheith ag Éirinn sna gnóthaí eachtracha. Bhí sé barúlach gur chóir d'Éirinn dlúthpháirtíocht a léiriú do na náisiúin bheaga eile, ar nós na Tibéide agus na hUngáire, a bhí i mbéal an phobail sna caogaidí.

Thacaigh sé le neamhspleáchas na hAilgéire freisin, nuair a bhí cogadh coilíneach ar siúl ag an bhFrainc sa tír sin, agus bhí sé go tréan in aghaidh na hapairtéide. Chuir sé béim ar thábhacht an dlí idirnáisiúnta mar urra le saoirse na náisiún beag agus mar sciath chosanta ar bhagairt an chogaidh adamhaigh. Bhí plean dá chuid féin le síocháin a thabhairt isteach sa Mheán-Oirthear, agus shíl sé gurbh í Éire an tír cheart le headráin a dhéanamh idir Iosrael agus na hArabaigh, ó bhí caidreamh maith ag Éirinn le dhá thaobh na coimhlinte.

D'éirigh an tAodhagánach as an bpolaitíocht go hiomlán sa bhliain 1973, ó bhí sé míshásta le Cathal Ó hEochaidh agus leis an tionchar a bhí aige siúd sa pháirtí. D'iarr an tUachtarán de Valera air bheith ina iarrthóir d'Fhianna Fáil sa chéad toghchán Uachtaráin eile, ach d'fhág an tAodhagánach an Uachtaránacht ag Erskine Hamilton Childers.