Seán T. Ó Ceallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán T. Ó Ceallaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Seán Thomas O'Kelly
25 Lúnasa 1882
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Samhain 1966
84 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
2 Uachtarán na hÉireann
25 Meitheamh 1945 – 24 Meitheamh 1959
← Dubhghlas de hÍdeÉamon de Valera →
Teachta Dála
9 Meitheamh 1944 – 14 Meitheamh 1945
Téarma parlaiminte: 12ú Dáil


Teachta Dála
1 Iúil 1943 – 10 Bealtaine 1944 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 11ú Dáil


An tAire Airgeadais
16 Meán Fómhair 1939 – 14 Meitheamh 1945
← Seán Mac an tSaoiProinsias Mac Aodhagáin →
An tAire Oideachais agus Scileanna
8 Meán Fómhair 1939 – 27 Meán Fómhair 1939
← Tomás Ó DeirgÉamon de Valera →
Teachta Dála
30 Meitheamh 1938 – 26 Bealtaine 1943 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 10ú Dáil


Tánaiste
29 Nollaig 1937 – 14 Meitheamh 1945 – Seán F. Lemass →
Teachta Dála
21 Iúil 1937 – 25 Bealtaine 1938 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 9ú Dáil


Teachta Dála
8 Feabhra 1933 – 14 Meitheamh 1937 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 8ú Dáil


Teachta Dála
9 Márta 1932 – 22 Nollaig 1932 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 7ú Dáil


An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
9 Márta 1932 – 8 Meán Fómhair 1939
← Risteárd Ó MaolchathaP. J. Ruttledge →
Leas-Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Shaorstát na hÉireann
9 Márta 1932 – 29 Nollaig 1937
← Earnán de Blaghd
Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1927 – 17 Nollaig 1931 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 6ú Dáil


Teachta Dála
23 Meitheamh 1927 – 16 Lúnasa 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 5ú Dáil


Teachta Dála
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 4ú Dáil


Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Ceann Comhairle
22 Eanáir 1919 – 16 Lúnasa 1921
← An Cunta PluincéadEoin Mac Néill →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Dublin College Green (en) Aistrigh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin College Green (en) Aistrigh

Rúnaí ginearálta Conradh na Gaeilge
1915 – 1920 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Scoil Uí Chonaill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirLeabharlann Náisiúnta na hÉireann (1898–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil (1926–)
Sinn Féin (1905–1926) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh Cathartha na hÉireann agus Éirí Amach na Cásca
Gradam a fuarthas
Síniú

Polaiteoir Éireannach ab ea Seán Tomás Ó Ceallaigh, (25 Lúnasa, 188223 Samhain, 1966).[1][2] Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin agus bhunaigh sé chomh maith an páipéar The Nation. Bhí sé ina bhall de Bhárdas Bhaile Átha Cliath ó 1906 go dtí 1924. Toghadh go Dáil Éireann é i 1918 agus bhí sé ina Theachta Dála go dtí 1946. Bhí sé ina Cheann Comhairle sa Chéad Dáil, idir 1919 agus 1921. Bhí sé ina Leas-uachtarán ar rialtas an tSaorstáit ó 1932 go dtí 1938; ina Aire Rialtas Áitiúil agus Sláinte Poiblí 1932-1939; ina Thánaiste 1937-1945 agus ina Aire Airgeadais 1939-1945. Toghadh é mar Uachtarán na hÉireann i 1945. Fuair sé bás ar an 23 Samhain, 1966.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seán T. Ó Ceallaigh i gcathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1882, ar Shráid Capel i dtuaisceart na cathrach. D'fhreastail ar Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Richmond. Sa bhliain 1898, ghlac sé post mar chúntóir leabharlainne sóisir i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Sa bhliain chéanna, chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall den bhord rialaithe sa bhliain 1910 agus sa bhliain 1915 bhí post an Ard-Rúnaí bainte amach aige.

Sinn Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Ó Ceallaigh áit i Shinn Féin, díreach tar éis é a bhunú mar pháirtí dé-mhonarcachta caipitlíoch sa bhliain 1905. Rinneadh rúnaí oinigh de i 1908, post a choinnigh sé go dtí 1925. Sa bhliain 1906, toghadh é go Bárdas Bhaile Átha Cliath, áit ina fhan sé go dtí 1924.

I mí Márta na bliana 1915, chuaigh Ó Ceallaigh ar thuras go dtí Cathair Nua-Eabhrac, chun pleananna don éirí amach a bhí déanta ag Óglaigh na hÉireann a chur i bhfios do Clann Na nGaedheal. Cheap Pádraig Mac Piarais é ina Chaptaen Foirne, chun a bheith réidh nuair a bhrisfeadh an troid amach.

Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, gabhadh, scaoileadh saor agus ath-ghabhadh Ó Ceallaigh. D'éalaigh sé as coinneáil i Fairfield sa Ríocht Aontaithe agus d'fhill sé abhaile.

Olltoghchán na bliana 1918[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Ó Ceallaigh suíochán in olltoghchán na Breataine sa bhliain 1918. Dhiúltaigh sé an suíochán i Westminster a ghlacadh, mar a rinne na baill ar fad ó Shinn Féin. Ina áit, bhunaigh siad parlaimint nua i mBaile Átha Cliath ar a tugadh Dáil Éireann uirthi. Sa Chéad Dáil, roghnaíodh Ó Ceallaigh mar Cheann Comhairle, an chéad cheann nua-aimseartha i stair na hÉireann.

Ina theannta sin, chuaigh sé i mbun oibre mar thoscaire ón bpoblacht Éireannach nua, ag iarraidh aitheantais a fháil ón bpobal idirnáisiúnta ag an gcomhdháil síochána i Versailles.

Ó Ceallaigh agus de Valera[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dlúthchomhlach é Ó Ceallaigh de hÉamon de Valera - a bhí ina Uachtarán ar Dháil Éireann idir mí Aibreáin 1919 agus mí Lúnasa 1921 agus Uachtarán na Poblachta idir mhí Lúnasa 1921 agus mí Eanáir 1922. Bhí an bheirt in aghaidh an Conradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag an dá rialtas i mí na Nollag 1921.

Nuair a d'éirigh de Valera as uachtaránacht na Poblachta ar 6 Eanáir 1922, tháinig Ó Ceallaigh ar ais ó Pháras ag lorg comhréitithe a thabharfadh an post ar ais dó. Dhiúltaigh de Valera glan dó - níor thaitin an smaoineamh leis - agus seoladh díreach ar ais go Páras é.

Coinníodh Ó Ceallaigh faoi ghlas go dtí mí na Nollaig 1923, nuair a bhí an Cogadh Cathartha ar siúl. Chaith sé an dá bhliain ina dhiaidh sin ag obair mar thoscaire chuig na Stáit Aontaithe.

Bunaitheoir ar Fhianna Fáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a shiúil de Valera amach as Sinn Féin sa bhliain 1926 chun a pháirtí poblachtach féin (Fianna Fáil) a bhunú, lean Ó Ceallaigh ina dhiaidh. Nuair a bhain Fianna Fáil tromlach amach in olltoghchán na bliana 1932, ceapadh de Valera mar Uachtarán na hArd-Chomhairle (Príomh-Aire an tSaorstáit) agus roghnaigh sé Ó Ceallaigh mar Aire Rialtais Áitiúil. San aireacht seo, thuill sé clú conspóideach dó féin mar gheall ar a iarrachtaí chun Seanascal Shaorstát Éireann James McNeill a náiriú go poiblí. Mar shampla, tarraingítí Armbhanna na hÉireann siar as ócáidí oifigiúla ina raibh McNeill i láthair, agus uair míchlúiteach eile shiúil Ó Ceallaigh agus Aire Cosanta Proinsias Mac Aodhagáin amach as ócáid taidhleoireachta ina raibh McNeill ann mar aoi oinidh ag an Leagáideacht Fhrancach. Rinne an eachtra seo dochar do cháil agus d'íomhá phoiblí Uí Cheallaigh.

D'fhoilsigh McNeill go leor de na sonraí faoin ábhar, rud a chuir cuma amaideach ar de Valera. D'fhág McNeill an post, agus bhí ar de Valera seanascal nua a fháil, cé go raibh sé ag iarraidh gach uile baint leis an oifig seo a sheachaint. Níor ainmníodh Ó Ceallaigh féin don phost, rud a chuir iontas ar a lán daoine. Níl eolas cruinn ann, ach meastar go raibh amhras ar de Valera faoin bhaint a bhí ag Ó Ceallaigh leis an eagraíocht Caitliceach Rómhánach den eite dheis Knights of Columbanus. Bhí de Valera den tuairim go raibh foinse éigin ag an dream seo sa chomhaireacht, agus ba chosúil go raibh Ó Ceallaigh oiriúnach don jab, b'fhéidir i ngan fhios dó. Cibé an fáth, ni dhearnadh seanascal de agus tugadh an post do Domhnall Ua Buachalla, iar-TD as Contae Chill Dara.

Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Ó Ceallaigh mar Uachtarán ar an 25 Meitheamh, 1945. Toghadh arís é, gan chomórtas, sa bhliain 1952. Chríochnaigh an tréimhse seo le cuairt stairiúil ar na Stáit Aontaithe i 1959. Labhair sé le comhthionól de Thithe na Comhdhála ar Lá Fhéile Pádraig an 17 Márta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CEALLAIGH, Seán Tomás (1882–1966) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. president.ie. "Childrens Section - Stair / Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]