Pádraig Mac Artáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polaiteoir agus poblachtach Éireannach ab ea Pádraig Mac Artáin (Patrick McCartan sa Bhéarla) (13 Márta 1878 - 28 Márta 1966). Rugadh é gar do Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain. Chuaigh sé ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus é ina fhear óg agus chuaigh sé isteach i gClan na Gael i gcathair Philadelphia. Ba eagarthóir é ar an iris "Irish Freedom" (Saoirse na hÉireann). D'fhill sé go hÉireann roinnt bliain ina dhiaidh sin agus cháiligh sé mar dhochtúir. Bhí baint aige i gcónaí leis an bpolaitíocht náisiúnach agus d'oibrigh sé le Bulmer Hobson agus Denis McCollough sna Cumainn Dhún Geanainn agus i mBráithreachas na Poblachta.

Bhí sé chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 mar chuid de ghrúpa ó Chontae Thír Eoghain ach níor ghlac, mar gheall ar fhrithordú Eoin Mac Néill. Gabhadh é tar éis an éirí amach agus imtheorannaíodh é i bpríosún oscailte i Sasana. D'imigh sé ón bpríosún gan cead gan cheiliúradh sa bhliain 1917 agus d'fhill sé go hÉireann chun cabhrú le Sinn Féin san fothoghcháin a reachteáileadh timpeall na tíre an bhliain sin.

Ba é Mac Artáin iarrthóir Shinn Féin i bhfothoghchán Ard Mhacha Theas ach bhí an bua ag Páirtí Parlaiminteach na hÉireann mar gheall ar vótaíocht bheartach na nAontachtaithe. Toghadh é níos déanaí i bhfothoghchán i dTulach Mhór Contae an Rí sa bhliain 1918. Atoghadh é in olltoghchán 1918 agus ceapadh é mar ionadaí Shinn Féin do na Stáit Aontaithe ag cruinniú an Chéad Dáil, agus d'fhan sé san Stáit Aontaithe go dtí 1921. Agus é sna Stáit Aontaithe, shuigh sé agus Joseph Garrity, as an gCarraig Mhór freisin, ar De Valera tacú le brainse Philadelphia Chlan na Gael in áit brainse Nua Eabhrac chun achmainní an fheachtais a úsáíd chun tacú le neamhspleáchas na Éireann in ionad bheith ag díriú ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe. Chabhraigh Mac Artáin le forbairt an "American Association for the Recognition of the Irish Republic" Cumann Meireacánach chun Poblacht na hÉireann a Aithint.

Atoghadh é i ndáilcheantar Laois-Uíbh Fhailí sa bhliain 1921. Thacaigh sé go drogallach leis an gConradh Angla-Éireannach sna díospóireachtaí sa Dáil. Dúirt sé nach féidir leis "vótáil ar son an anoird". Chuir sé an milleán ar an gcaibinéad agus dúirt sé "Tá an Phoblacht ina raibh De Valera mar uachtarán marbh". D'fhág sé an pholaitíocht ar feadh 20 bliain.

Ghlac sé páirt i dtoghchán uachtaránachta na bliana 1945 mar iarrthóir neamhspleách agus fuair sé beagnach 20% de na vótaí. Fuair sé ainmniúchán ó fhiche ball den Oireachtas (naonúr Teachtaí Dála ó Chlann na Talmhan agus cúigear Teachtaí Dála agus seisear Seanadóirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Ba bhunaithoir Chlann na Poblachta é ach theip air suíochán a bhuachaint don pháirtí in olltoghchán 1948. Ceapadh é don Seanad an bhliain chéanna agus bhí sé ina Sheanadóir go dtí 1951.

D'fhoilsigh sé leabhar sa bhliain 1932 "With De Valera in America" (Le De Valera i Meireiceá).

Phós Deirdre, iníon Mhic Artáin, an ceolteoir Ronnie Drew.