Diarmuid Breathnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDiarmuid Breathnach
Beathaisnéis
Breith5 Lúnasa 1930
Coill tSíomóin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Samhain 2023
93 bliana d'aois
Bré, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, craoltóir, leabharlannaí, beathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Údar, beathaisnéisí, leabharlannaí, agus craoltóir ba ea Diarmuid Breathnach (a rugadh 5 Lúnasa 1930 agus a d'éag 13 Samhain 2023),[1][2] a bhí ina chomhúdar ar an mórshaothar ‘Beathaisnéis', saothar a áirítear ar cheann de shárshaothair taighde na Gaeilge (agus le fáil ar an suíomh ainm.ie inniu).

Thuill a chuid scríbhneoireachta, a chuid craoltóireachta le RTÉ, agus a chuid oibre ar son Chumann Merriman clú agus cáil dó.[3] Bhíodh sé le cloisteáil ar feadh roinnt blianta chomh maith i mbun léirmheasa ar na nuachtáin ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gCoill tSíomoin, Co Chill Mhantáin, i 1930 a rugadh Diarmuid Breathnach. Ina chuimhní cinn Titim agus Éirí deir sé féin go raibh an teaghlach beo bocht ar bhás a athar, rud a d’fhág lorg air riamh ina dhiaidh sin.

Cuireadh oiliúint air in Áras Brianach na mBráithre Críostaí agus i nDún Laoghaire (agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar feadh tamall gearr) sular ceapadh é ina Leabharlannaí Baile i mBré agus ina dhiaidh sin ina Leabharlannaí Contae i gCill Chainnigh.[4]

D'fhostaigh RTÉ é ina dhiaidh sin le Cartlann Raidió an stáisiúin a bhunú.

Ceapadh é ina phríomhleabharlannaí in RTÉ i 1975 agus d'fhan sé i mbun an chúraim sin go dtí 1987.[5]

Beathaisnéis Imleabhair 1-9, 1986–2007[cuir in eagar | athraigh foinse]

A luaithe a d'éirigh sé as RTÉ, bheartaigh sé féin agus Máire Ní Mhurchú tabhairt faoi bheathaisnéisí phearsana móra na Gaeilge a chur i dtoll a chéile ar bhonn lánaimseartha. Ba iad na himleabhair Beathaisnéis 1-9 bláth agus toradh na dúthracha sin.[4]

Bhí fúthu dúshlán an Dictionary of Irish Biography a thabhairt maidir le beathaisnéisí na nGael. Tháinig Beathaisnéis a hAon[6] amach sa bhliain 1986, agus an leabhar deireanach sa sraith, Beathaisnéis a Naoi,[7] in 2007. Ba mhinic go dtí sin gurbh é inseacht an Bhéarla agus na mBéarlóirí a rinneadh ar stair na tíre agus ar na daoine a bhí lárnach sa stair sin. Ach chúitigh Beathaisnéis an fhaillí sin. Tá na beathaisnéisí go léir le fáil ar an suíomh ainm.ie inniu.

Liosta saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Titim agus Éirí, a chuimhní cinn, Cló Iar-Chonnacht 2012 (ISBN 9-781909-367630)[8]
  • Beathaisnéis Imleabhair 1-9 (1986–2007) (in éineacht le Máire Ní Mhurchú)
  • Almanag Éireannach (An Gúm, 1981) agus Almanag Éireannach 2 (An Gúm, 2001).[9]
  • Foilsíodh ábhar leis freisin in Comhar, Scéala Éireann agus Feasta.
  • Aistriúcháin : Lámhleabhar Ginearálta don Cheoltóir (1973)

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1996, bronnadh Gradam Bhord na Gaeilge air féin agus ar Mháire Ní Mhurchú. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad dochtúireachtaí oinigh ar an dís in 2002 agus bronnadh Gradam an Oireachtais orthu in 2008.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Death Notice of Diarmuid BREATHNACH (Bray, Wicklow) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2023-11-15.
  2. "Suíomh ainm.ie" (en-GB). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-11-15.
  3. tuairisc.ie (2023-11-15). "Diarmuid Breathnach, Gael a thuill móraitheantas as an tsraith ‘Beathaisnéis’, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-15.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2023-11-15). "An beathaisnéisí Gaeilge Diarmuid Breathnach tar éis bháis" (as ga). 
  5. "Máire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach" (ga). Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Dáta rochtana: 2023-11-17.
  6. Diarmuid Breathnach, Máire Ní Mhurchú. "1882-1982: Beathaisnéis a hAon". Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1986. 
  7. "Beathaisnéis a Naoi | Litríocht" (en-GB). Dáta rochtana: 2023-11-18.
  8. "Titim agus Éirí | Litríocht" (en-US). Dáta rochtana: 2023-11-15.
  9. Diarmuid Breathnach ar Litríocht (Siopa) (1981, 2001). "Almanag Éireannach" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-11-15.