Feasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesFeasta

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1948 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharLitríocht na hÉireann

Suíomhfeasta.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Iris Ghaeilge a phléigh litríocht, polaitíocht agus eolaíocht ab ea Feasta. Bunaíodh an míosachán in 1948 agus tháinig an t-eagrán deiridh den iris amach i mí na Bealtaine 2023.[1] Bhí beagnach 900 eagrán den iris mhíosúil foilsithe ó cuireadh i gcló ar dtús í i 1948.[2]

Ábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé de chuspóir ag Feasta scríbhneoireacht nua a spreagadh, agus thug Feasta an-tacaíocht i gcónaí do scríbhneoirí – idir óg agus aosta i gcaitheamh na mblianta .[3] Foilsigh Feasta léirmheasanna agus tráchtaireacht shóisialta agus pholaitiúil, in éineacht le tuairiscí ar imeachtaí cultúrtha a bhaineann leis an teanga. Cé go bhfuil baint ag Feasta fós le Conradh na Gaeilge, bhí sé neamhspleách i gcúrsaí eagarthóireachta.

Scríobh roinnt colúnaithe don iris go rialta. Foilsíodh gearrscéalta agus filíocht (Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Seán Ó Ríordáin, agus Nuala Ní Dhomhnaill agus daoine eile nach iad).

Bhí Feasta ar fáil le síntiús agus i roinnt siopaí, agus foilsíodh sé fógraí le foilsitheoirí Gaeilge. Bhí roinnt mhaith de le léamh ar líne.

Bhí Foras na Gaeilge ag tacú leis ar feadh tamaill ach rinne an Foras athchomhairle agus rún aige athrú a dhéanamh ar dháileadh na ndeontas.[4] Idir 2014-2023, bhí Feasta ag seasamh ar a bhoinn féin.[5]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ag bunú Feasta le teacht chun cinn scríbhneoireacht na Gaeilge ó aimsir Athbheochan na Gaeilge. Ba é an scéal céanna ag An tUltach agus ag Comhar é. Mar a deir an tOllamh Nollaig Mac Congáil:

Chuidigh na foilseacháin sin ach go háirithe leis an Ghaeilge a thabhairt isteach sa nuaré agus dúshraith bhuan a leagan dár tharla i gcinniúint fhoilsitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge ó shin.[6]

Is iomaí eagarthóir a bhí ag Feasta. Orthu sin bhí Seosamh Ó Duibhginn, Eoghan Ó Tuairisc, Séamas Ruiséil, Aogán Ó Muircheartaigh agus Íte Ní Chionnaith (a bhí ar an gcéad bhean a toghadh mar uachtarán Chonradh na Gaeilge) agus Cormac Ó hAodha. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an t-eagarthóir a chaith an seal ab fhaide sa phost.[7]

In 2014, mar chuid d'atheagar a rinneadh ar mhaoiniú fhoilseacháin Ghaeilge, chinn Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an tacaíocht airgid a bhí Feasta a fháil ar feadh na gcianta roimhe sin.

I litir a seoladh chuig na 350 síntiúsóir a d'fhan dílis don iris in 2023, dúirt an riarthóir Donnchadh Ó hAodha gur "síorlaghdú ar an dtacaíocht stáit don iris" is cúis le deireadh a chur lena foilsiú.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (19 D. Fómhair 2023). "Deireadh curtha leis an mhíosachán Feasta cheal maoinithe".
  2. Pádraic Ó Ciardha (19 Deireadh Fómhair 2023). "Deireadh á chur leis an iris ‘Feasta’ tar éis 75 bliain de dheasca ‘easpa tacaíochta ón stát’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-19.
  3. Mac Congáil, ibid.: lch 10.
  4. Ferdie Mac an Fhailigh (sean-Phríomh-Fheidhmeannach an Fhorais): “Promotion of Irish online and through publications must be strategic,” Irish Times, 2 Bealtaine 2014: http://www.irishtimes.com/culture/promotion-of-irish-online-and-through-publications-must-be-strategic-1.1780572
  5. ”Litir do Chairde Feasta,” Feasta, Meitheamh 2014, lch 27.
  6. Mac Congáil, Nollaig. Feasta, Innéacs 1948 – 2000. Feasta 2003: lch 8.
  7. Nuacht RTÉ,12 Nollaig 2019: "Cormac Ó hAodha ina eagarthóir nua ar Feasta": https://www.rte.ie/news/nuacht/2019/1209/1097958-cormac-o-haodha-ina-eagarthoir-nua-ar-feasta/

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]