Eoghan Ó Tuairisc
Scríbhneoir agus ealaíontóir ab ea é Eoghan Ó Tuairisc (Béarla: Eugene Rutterford Watters, Béal Átha na Sluaighe (3 Aibreán 1919 - 24 Lúnasa 1982).
Clár ábhair |
Saol [athraigh]
Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Ghearrbhaile i mBéal Átha na Sluaighe. Chaith sé seal sna saighdiúirí agus bhain sé amach céim i litríocht an Bhéarla i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé le múinteoireacht ansin (d'fhreastal sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, ó 1939 go 1945, agus bhain sé amach dioplóma san oideachas). Bhí sé ina mhúinteoir i bhFionnghlas. Sa bhliain 1962, áfach, d'éirigh sé as an obair sin le bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge, sna blianta 1962-1965.
Scríbhneoireacht [athraigh]
Scríobh sé lear mór ábhair sa dá theanga, idir Bhéarla agus Ghaeilge: aistí, filíocht, drámaí agus úrscéalta. Ba é Murder in Three Moves a chéad shaothar mór le rá. Ina dhiaidh sin foilsíodh L'Attaque agus Week-End. Is iad an dá úrscéal stairiúla - L'Attaque, a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus Dé Luain, ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill a cháil dó i measc lucht na Gaeilge.
Saothair [athraigh]
Aistriúcháin [athraigh]
- John Jordan (eagarthóir), "Dialann Deoraí", in: The Pleasures of Gaelic Literature (1977).
- Máirtín Ó Cadhain, The road to Brightcity: and other stories, Swords: Poolbeg Press, 1981.
- Pádraic Ó Conaire, 15 Short Stories, Swords: Poolbeg Press, 1982.
Fílíocht [athraigh]
- Dialann sa Díseart, BÁC: Coiscéim, 1981.
- Rogha an Fhile, dánta le haistriúcháin. 1974.
- New Passages, 1973.
- Dé Luain, BÁC: Allen Figgis 1966.
- The Weekend of Dermot and Grace, BÁC: Allen Figgis & Son, 1964; arís in "Eugene Watters Special Issue" Poetry Ireland Review 13 (1985)@.
- Lux Aeterna, including Hiroshima Mass, BÁC: Allen Figgis, 1964.
Drámaíocht [athraigh]
- Fornocht do Chonac, BÁC: Foilseacháin an Rialtais, 1981.
- Lá Fhéile Michíl, BÁC: Clodhanna Teo., 1967.
Aistí [athraigh]
- Religio Poetae agus Aistí Eile, eagarthóir Maírín Nic Eoin, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1987.
- Focus, (le Desmond Egan), 1972.
Leabhair [athraigh]
- An Lomnochtán. Autobiography, BÁC & Corcaigh: Mercier, 1978.
- [The Story of a] Hedgeschool Master, 1975.
- L’Attaque, BÁC: Allen Figgis, 1962.
- Murder in Three Moves, 1960.
Eile [athraigh]
- "Christian names", in Encyclopaedia of Ireland, BÁC: Figgis 1968, 119-21.
- "Infinite Variety - Dan Lowrey's Music Hall 1879-97" (Eugene Watters & Matthew Murtagh)Gill&Macmillan 1975