Máire Mhac an tSaoi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Máire Mhac an tSaoi

Is scoláire agus duine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge í Máire Mhac an tSaoi (a rugadh i mBaile Átha Cliath, Éire sa bhliain 1922)

Cúlra[athraigh | edit source]

Rugadh Máire Mhac an tSaoi, nó Máire MacEntee mar a thugtaí uirthi, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922, an duine ba shine den triúr clainne a rugadh do Sheán Mac an tSaoi agus dá bhean chéile Máiréad (née de Brún). Polaiteoir sinsearach ba ea a hathair: múinteoir ba ea a máthair. D'fhreastail sí ar Choláiste Alexandra, áit ina raibh a máthair ag múineadh, ar Chlochar Loreto i Ráth Fearnáin, ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus ar an Institut des Hautes Études en Sorbonne sa Fhrainc . Rinne Mhac an tSaoi staidéar ar theangacha nua-aoiseacha agus ar an Léann Ceilteach. Ar na daoine a chuaigh i gcion uirthi luann Máíre a máthair Máiréád go háirithe, Míchéal Ó hAodha, Gearóid Ó Murchú, Roger Chauviré, Colm Ó Lochlainn, an tOllamh Vendryes agus go háirithe a huncail, an Mons. Pádraig de Brún. Uncail eile léi ba ea an Cairdinéal Michael Browne.

Ba bhall bunaidh agus Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil Seán Mac an tSaoi, a bhí ina Thánaiste ina oifigeach in Éirí Amach na Cásca. Múinteoir ba ea Margaret de Brún (as Luimneach) ag Coláiste Alexandra. Ba phoblachtóir í freisin. Ba dhuine de scoláirí Gaeilge ba mhó an chéid é an Moinsineoir Pádraig de Brún.

Sa bhliain 1962 phós Máire Conor Cruise O'Brien, divorcé cúig bliana níos sine ná í féin, a cailleadh sa bhliain 2008. Bhí beirt pháistí uchtaithe acu. Ba bhall í d'Aosdána.

Is i nGaeilge atá an chuid is mó dá saothar scríofa. Duine de na daoine is mó a bhfuil cur amach acu ar Ghaelainn Chúige Mumhan is ea Máire Mhac an tSaoi. Bhí dán léi "Jack" agus gearrscéal "An Bhean Óg" ar churaclam na hArdteistiméireachta ó 2006 go 2009.

Ba Scoláire í i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar feadh tamaill agus ba Scoláire Taistil í ó 1945 go 1947. Bhí Mhac an tSaoi ar fhoireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar seirbhís sa Fhrainc, sa Spáinn, i Strasbourg agus ag na Náisiúin Aontaithe, agus mar ar fhoireann an English-Irish Dictionary (BÁC: Oifig an tSoláthair, 1959) faoi eagarthóireacht an Ollaimh Tomás de Bhaldraithe. Tá roinnt filíochta ó ré na Gaeilge Clasaicí curtha in eagar aici in irisí léannta agus ábhar próis freisin, m. sh. Dhá Sgéal Artúraíochta (BÁC: Institiúid Ard-Léinn BhÁC, 1946).

Duine d'fhilí móra Gaeilge na linne seo is ea Máire Mhac an tSaoi. Tá an-eolas teicniúil aici ar na foirmeacha traidisiúnta agus ar an nGaeilge Chlasaiceach agus cleachtann sí stíl thomhaiste ina cuid dánta a thugann dánta na scol chun cuimhne - cé gur file nua-aoiseach idirnáisiúnta í.

Sa bhliain 1991, bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh sa Léann Ceilteach ar Mháire Mhac an tSaoi. Taifeadadh dá cuid is ea Máire Mhac an tSaoi: guth an fhile (Indreabháin: Cló Iar-Chonnachta, 1992). Tá dírbheathaisnéis i mBéarla, The same age as the state foilsithe ag O'Brien Press. (2003).

Bhuaigh a húrscéal, Scéal Ghearóid Iarla (Indreabhán, Leabhar Breac, 2010) Gradam Ui Shúilleabháin 2011.

Saothar Filíochta[athraigh | edit source]

  • Margadh na Saoire (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1956)
  • Codladh an Ghaiscigh (1973)
  • An Galar Dubhach (1980)
  • An Cion go dtí Seo (1987)
  • Shoa agus dánta eile (BÁC: Sairséal Ó Marcaigh, 1999)
  • Marbhnaí Duino, aistriúchán ar Duineser Elegien le Rainer Maria Rilke, Indreabhán, Leabhar Breac, (2013)

Neamhfhicsean[athraigh | edit source]

  • Dhá sgéal Artúraíochta (Institiúid Ardléinn, BÁC, 1946)
  • A Concise History of Ireland, (i gcomhar le Conor Cruise O-Brien) Thames and Hudson, London ISBN 0-500-45011-0 (1972)
  • The Same Age as the State (O'Brien Press, 2007): Dírbheathaisnéis.
  • Cérbh í Meg Russell? (Indreabhán: Leabhar Breac, 2008): Leabhar staire ar shaol Phiarais Feiritéir.
  • “Writing In Modern Irish — A Benign Anachronism?”, The Southern Review, 31 Special Issue on Irish Poetry (1995)

Ficsean[athraigh | edit source]

  • A Bhean Óg Ón, (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2001).
  • Scéal Ghearóid Iarla, ISBN 978-0-89833-253-7 Indreabhán, Leabhar Breac, (2010)

Saothair Eile a raibh baint aici leo[athraigh | edit source]

  • Miseréré (BÁC: Gill & Macmillan, 1971): Cnuasach d'aistriúcháin ó Shacs-Bhéarla go Gaeilge ar dhánta de chuid a huncail, an Mons. de Brún
  • A heart full of thought (BÁC: Dolmen, 1959): Aistriúcháin go Sacs-Bhéarla ar fhilíocht ón nGaeilge Chlasaiceach
  • Trasládáil (Béal Feirste: Lagan Press, 1997): Bunleaganacha agus aistriúcháin Bhéarla ar dhánta le Liam Dall Ó hIfearnáin, Piaras Feirtéir, Maghnas Ó Domhnaill, agus eile.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]