Rainer Maria Rilke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rainer Maria Rilke
Rainer Maria Rilke, 1900.jpg
Rainer Maria Rilke
Dáta breithe 4 Nollaig, 1875
  Prág, An Bhoihéim, An Ostair-Ungáir
Dáta báis 29 Nollaig, 1926
  Valmont in aice le Montreux, An Eilvéis
Náisiúntacht Ostarach
Gairm File, úrscéalaí
Síniú
Rilke Signature.gif

File Gearmáinise ón Ostair ab ea Rainer Maria Rilke (fíorainm: René Karl Wilhelm Johann Josef Maria Rilke). Rugadh i bPrág i nDémhonarcacht na hOstaire agus na hUngáire ar an 4 Nollaig 1875 agus shíothlaigh sé i dteach téarnaimh Valmont in aice le Montreux san Eilvéis ar an 29 Nollaig 1926. Is iad na dánta liriciúla an chuid is tábhachtaí dár chum sé, ach thairis sin tháinig prós, aistí agus a lán litreach óna pheann. Tríd is tríd tá sé ar scríbhneoirí móra na Gearmáinise.

A Shaol[athraigh | edit source]

Oifigeach airm a bhí in athair René, Josef Rilke (1838-1906), ar dtús, ach nuair a saolaíodh an leanbh, bhí an t-athair tar éis éirí as an gceird mhíleata cheana féin, agus é ag obair don iarnród. Maidir le máthair an bhuachalla, Sophie "Phia" Entz, bean uaillmhianach a bhí inti a tógadh i dteaghlach saibhir, agus naoi mbliana i ndiaidh do René teacht chun saoil thit an pósadh as a chéile. Bhí Phia trí chéile ar fad ag bás a céad linbh aon bhliain déag roimh bhreith an mhic, agus rinne sí iarracht René a thógáil mar a bheadh cailín ann: chuireadh sí sciortaí air agus d'fhágadh sí a chuid gruaige gan bearradh. "Athbhreith" is brí leis an ainm Fraincise "René" féin, is é sin, athbhreith an chéad linbh.

Theastaigh ó na tuismitheoirí go rachadh René le ceird an oifigigh airm, agus sa bhliain 1885 chuaigh sé ar acadamh míleata i Sankt Pölten, Íochtar na hOstaire. Níor thaitin saol an tsaighdiúra leis an ábhar ealaíontóra, agus sa bhliain 1891 d'éirigh sé as an scoil. Ansin thosaigh sé ag freastal ar scoil trádála i Linz, Uachtar na hOstaire, ach ansin bhí scéal grá nó cumann craicinn aige le cailín aimsire a bhí cúpla bliain ní ba shine ná é féin. Sna blianta 1892-1895 bhí sé á theagasc go príobháideach lena ullmhú don Ardteistiméireacht, nó Matura. Bhain sé amach an teastas seo agus chuaigh sé ag staidéar stair ealaíon, litríocht agus fealsúnacht. Níor mhair sé ansin ach bliain sula ndeachaigh sé le dlí mar ábhar staidéir.

Sa bhliain 1897 casadh Lou Andreas-Salome air i München. Scríbhneoir mná ab ea Andreas-Salome a raibh cuid mhór taistil déanta aici, agus cé go raibh sí pósta agus í ní ba shine ná eisean thit René i ngrá léi. Bhí cumann grá acu agus chuidigh Lou leisean teacht i gcrann mar scríbhneoir. Ba ise a mhol dó an t-ainm "Rainer" a ghlacadh in áit "René". Sa bhliain chéanna d'aistrigh Rainer óg go Beirlín sna sálaí ag Lou. Ansin chuir sé aithne ar chuid mhaith d'ealaíontóirí agus d'intleachtóirí a linne. Thaistil sé an Iodáil agus an Rúis, agus casadh na scríbhneoirí Lev Tolstoy agus Boris Pasternak air. Sa bhliain 1900 d'éirigh Lou as an gcumann grá leis agus casadh dealbhóir óg mná air, Clara Westhoff, a phós sé gan mhoill. Rugadh a n-iníon Ruth i ndeireadh na bliana 1901, ach ní raibh sé in ann socrú síos chois tinteáin, agus go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar Pháras agus é meáite ar leabhar a scríobh ansin faoin ealaíontóir Auguste Rodin.

Bhí an saol i bPáras crua go leor ar dtús, nó ní raibh sé i dtaithí na háite roimhe sin. Mar sin féin tréimhse bhisiúil a bhí ann, nó d'éirigh le Rilke an leabhar a scríobh faoi Rodin, ar chaith sé seal ag obair ina rúnaí dó, agus thairis sin, thosaigh sé ag scríobh an t-aon úrscéal amháin a tháinig óna pheann, mar atá, Die Aufzeichnungen des Malte Laurids Brigge ("Nótaí Mhalte Laurids Brigge"), leabhar eisprisiúnach dírbheathaisnéisiúil a chaitheas súil ar chéad óige an údair agus ar a shaol i bPáras araon. Ainm é Malte Laurids Brigge a bhfuil blas na Danmhairgise air agus nach bhfuil baint ar bith aige leis an Ostair ná le deisceart na Gearmáine.

Sa bhliain 1906 casadh Sidonie Nádherny von Borutin ar Rilke. Cé nach raibh cumann grá ná craicinn eatarthu, ba leasc le Rilke í a fheiceáil i gcuideachta fir eile, agus rinne sé a dhicheall le caidreamh Sidonie leis an scríbhneoir Karl Kraus a chur ó mhaith.

Sna blianta seo bhí Rilke cairdiúil le Mathilde agus Karl Gustav Vollmoeller, deirfiúr agus deartháir a bhí ina n-ealaíontóirí, agus aithne aige orthu óna laethanta i mBeirlín, nuair a bhí an cumann aige le Lou Andreas-Salome. Cheadaigh Mathilde dó úsáid a bhaint as a stiúideó-se, agus chuaigh sé cúpla uair go dtí an Iodáil le teagmháil ar Karl Gustav ansin.

Chríochnaigh Rilke an t-úrscéal Malte Laurids Brigge i Leipzig sa bhliain 1910. Ina dhiaidh sin ní raibh sé in ann mórán a scríobh ar feadh i bhfad. Chaith sé na blianta fada ag cur Gearmáinise ar leabhair Fhraincise. Thosaigh sé ag cumadh na ndánta sa tsraith Duineser Elegien, ach níor tháinig deireadh leis an obair seo ach sa bhliain 1922. Scéal eile áfach gur foilsíodh eagrán nua dá ghearrscéal fhada Die Weise von Liebe und Tod des Cornets Christoph Rilke ("An tAmhrán Tíre faoi Shaol agus faoi Bhás an Mheirgire Christoph Rilke") sa bhliain 1912, agus bhí an-ráchairt agus gnaoi na léitheoirí air an turas seo, murab ionann agus sa bhliain 1906, nuair a tháinig an scéal i gcló an chéad uair.

Sna blianta 1914-1916 bhí cumann grá aige le bean eile darbh ainm Lou - an t-ealaíontóir Lou Albert-Lasard. Ansin tháinig fórsaí armtha na hOstaire ar a lorg agus b'éigean dó dul sna saighdiúirí i Vín. Bhí cara sa chúirt aige agus sheachain sé trinsí an chogaidh, agus cuireadh ag obair i gcartlann an airm é. Go gairid ina dhiaidh sin saoradh ón arm é agus chuaigh sé ar ais go München, áit ar chaith sé an chuid is mó de bhlianta an chogaidh. Mar sin féin bhain druileáil an airm an-stangadh as agus arís ní raibh sé in ann a dhath a scríobh ar feadh i bhfad.

Uaigh Rainer Maria Rilke sa chill in Raron, san Eilvéis

I ndiaidh an chogaidh chuaigh Rilke go dtí an Eilvéis. B'ansin a chuir sé an dlaíóg mhullaigh ar Duineser Elegien agus chum sé roinnt dánta eile. Thosaigh a shláinte ag teip air, áfach, agus chaith sé tréimhsí fada sna tithe téarnaimh, ag déanamh gurbh í an eitinn a bhí air, b'fhéidir. Le fírinne is é an galar a bhí i gceist ná leoicéime de chineál neamhghnách nach raibh na dochtúirí in ann a aithint ná a dhiagnóisiú ach go gairid roimh a bhás.

Sna blianta sin chuir Rilke spéis san fhaisisteachas a bhí díreach ag teacht ar an bhfód san Iodáil, agus Mussolini ag rith damhsa. Bhí sé barúlach nach raibh i rudaí cosúil leis an tsaoirse, an cine daonna nó an t-idirnáisiúntán ach teibíochtaí ar dhóbair dóibh an Eoraip a stróiceadh as a chéile ar fad. Dealraíonn sé áfach go raibh sé idir eatarthu faoi úsáid na láimhe láidire sa pholaitíocht.

D'éag Rilke ar an 29 Nollaig 1926 i dteach téarnaimh Valmont-sur-Territet in aice le Montreux. Tá sé adhlactha i Rarogne, cóngarach d'áit a bháis.

A Shaothar sa Bhunteanga[athraigh | edit source]

Dánta[athraigh | edit source]

  • Leben und Lieder. Bilder und Tagebuchblätter (1894)
  • Larenopfer (1895)
  • Wegwarten. Lieder dem Volke geschenkt (1896)
  • Traumgekrönt. Neue Gedichte (1896)
  • Advent (1897)
  • Mir zur Feier (1899)
  • Das Stunden-Buch (1905):
  • * Das Buch vom mönchischen Leben (scríofa 1899)
  • * Das Buch von der Pilgerschaft (scríofa 1901)
  • * Das Buch von der Armut und vom Tode (scríofa 1903)
  • Das Buch der Bilder (1902; leagan athraithe 1906)
  • Neue Gedichte (1907)
  • Der neuen Gedichte anderer Teil (1908)
  • Requiem (1909)
  • Das Marien-Leben (1912)
  • Erste Gedichte (1913)
  • Duineser Elegien (1923, scríofa 1912–1922)
  • Die Sonette an Orpheus (1923)

Prós[athraigh | edit source]

  • Feder und Schwert (1893)
  • Pierre Dumont (scríofa 1894)
  • Die Näherin (scríofa 1894/5)
  • Was toben die Heiden? (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Das Eine (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Der Rath Horn (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Der Dreiklang (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Schwester Helene (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Silberne Schlangen (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • To (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Der Tod (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Der Ball (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Der Betteltoni (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Eine Heilige (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Zwei Schwärmer (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Bettys Sonntagstraum (scríofa timpeall ar 1894/5)
  • Die goldene Kiste (1895)
  • Der Apostel (1896)
  • Ein Charakter (1896)
  • Ihr Opfer (1896)
  • Im Vorgärtchen (1896)
  • Sonntag (1896)
  • Totentänze. Zwielicht-Skizzen (1896)
  • Requiem (scríofa timpeall ar 1897)
  • Heiliger Frühling (1897)
  • Masken (1898)
  • Leise Begleitung (1898)
  • Generationen (1898)
  • Am Leben hin, Novellen und Skizzen (1898)
  • Ewald Tragy (scríofa 1898)
  • Der Kardinal. Eine Biographie (scríofa 1899)
  • Frau Blahas Magd (scríofa 1899)
  • Fernsichten. Skizze aus dem Florenz des Quattrocento (1899)
  • Zwei Prager Geschichten (1899)
  • Im Leben (1899)
  • Teufelsspuk (1899)
  • Das Lachen des Pán Mráz (1899)
  • Wladimir, der Wolkenmaler (1899)
  • Ein Morgen (1899)
  • Das Haus (1900)
  • Die Letzten (1901)
  • Reflexe (1902)
  • Der Drachentöter (1902)
  • Die Turnstunde (an chéad leagan scríofa 1899, an dara leagan 1902)
  • Der Grabgärtner (scríofa 1899), leagan deifnideach: Der Totengräber (1903)
  • Vom lieben Gott und Anderes (1900), ón dara heagrán amach (1904) faoin teideal Geschichten vom lieben Gott
  • Die Weise von Liebe und Tod des Cornets Christoph Rilke (1906; atheagrán Leipzig 1912)
  • Die Aufzeichnungen des Malte Laurids Brigge, úrscéal (1910)