An eitinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eitinn)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarEitinn
cuir in eagar
Cineálprimary bacterial infectious disease (en) Aistrigh, mycobacterium infectious disease (en) Aistrigh, endemic disease (en) Aistrigh, galar tógálach agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisgalair thógálacha agus leigheas análaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaícasacht, haemaitís, cailleadh meáchain agus fiabhras Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduithechest radiograph (en) Aistrigh, chest CT (en) Aistrigh, tuberculin test (en) Aistrigh, lung biopsy (en) Aistrigh, Tuberculosis diagnosis (en) Aistrigh, Tuberculosis radiology (en) Aistrigh, chest photofluorography (en) Aistrigh agus sputum culture (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáildruga fritheitinne Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
cycloserine (en) Aistrigh, ethionamide (en) Aistrigh, 4-aminosalicylic acid (en) Aistrigh, ethambutol (en) Aistrigh, capreomycin (en) Aistrigh, pyrazinamide (en) Aistrigh, isoniazid (en) Aistrigh, isoniazid (en) Aistrigh, viomycin (en) Aistrigh, pyrazinamide (en) Aistrigh, cycloserine (en) Aistrigh agus ethionamide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ualach tinnis43,650,273 agus 34,200,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachC2CD2, DCUN1D5, DSCAM, DYNC2H1, IL2RB, NAA60, VWA8, ZFPM2 agus SPON1 Cuir in eagar ar Wikidata
Tarchur pataigineachtras-seoladh aeriompartha Cuir in eagar ar Wikidata
CúisMycobacterium tuberculosis Cuir in eagar ar Wikidata
Éifeachtgalar Pott Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10A15-A19 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9010 agus 018 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPA70 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0148720 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM607948 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB8515 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000077 agus 000624 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine230802 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKtuberculosis-pro Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD014376 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet3389 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0041296 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:399 Cuir in eagar ar Wikidata

Galar is ea an eitinn arb é an baictéar úd Mycobacterium tuberculosis is cúis leis. Ar na scamhóga is minicí a ghoilleann an eitinn, ach is féidir léi dul i bhfeidhm ar bhaill eile den chorp, ar na cnámha nó ar an inchinn mar shampla.

Téarmaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl trácht ar an eitinn inniu. Ach tubarculóis" nó leagan éigin áitiúil den fhocal chéanna a tugadh ar an eitinn sna teangacha coimhthíocha fadó. Créachta a tugadh ar an eitinn i nGaeilge Uladh.

Vacsaíniú i gcoinne na hEitinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

BCG a thugtar ar an vacsaín a thugann díonadh (imdhíonacht) don duine ar an eitinn. Seasann na litreacha sin do Bacillus Calmette-Guérin. Is é atá i gceist leis an BCG ná tréithchineál lagaithe den bhaictéar Mycobacterium bovis, is é sin, baictéar eitinne na mbó. B'iad Albert Calmette agus Camille Guérin, beirt bhaictéareolaithe a bhí ag obair in Institiúid Pasteur i Lille a d'fhorbair an vacsaín i rith bhlianta an Chéad Chogadh Domhanda. Tháinig an vacsaín in úsáid sa chéad uair sa bhliain 1921, ach níor éirigh sí coitianta ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.

Príomhalt: Vacsaín BCG
Tástáil Mantoux

Tionchar an ghalair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an eitinn forleathan go leor in Éirinn i dtús na fichiú haoise, rud atá le léamh ar litríocht Gaeilge na linne chomh maith. Inniu, áfach, is fánach duine a tholgann an eitinn. Is iad na príomhchúiseanna leis ná:

(a) go bhfuil caighdeán maith maireachtála sa tír don chuid is mó, (b) gur féidir linn cóir leighis a thabhairt do dhaoine a bhfuil an aicíd orthu, agus (c) go bhfuil leibhéal ard imdhíonachta ann.

eipidéimeolaíocht, 2006

Is léir freisin go bhfuil tuiscint na ngnáthdhaoine do chúrsaí an tsláinteachais i bhfad níos fearr inniu ná mar a bhíodh.

Sa Tríú Domhan tá líon na ndaoine a tholgann an eitinn agus a fhaigheann bás léi i bhfad níos airde, agus é ag dul i méadaíocht go gasta i gcuid mhór tíortha.

Conas a théann an eitinn i bhfeidhm ort?

Is gnách go dtosaíonn an eitinn le láthair bheag athlasta in aon scamhóg amháin. Téann an láthair athlasta i méid ansin agus mura gcuirtear bac leis an athlasadh in am leathnóidh sé amach chuig an scamhóg eile sa deireadh. Ní féidir na scamhóga athlasta a thabhairt ar ais, agus mar sin tá sé ardtábhachtach an t-othar a chur ar bhealach a bhisithe in am.

Mycobacterium tuberculosis Ziehl-Neelsen

Aithnítear an aicíd ar na hairíonna seo:

  • tá an t-othar ag casachtach ar feadh seachtainí;
  • tá fiabhras air;
  • bíonn sé ag bárcadh allais gan chúis shoiléir, go háirithe istoíche;
  • tá sé ag cailliúint meáchain;
  • bíonn tuirse air gan chúis shoiléir;
  • bíonn slaoda fola sa ramallae a chaitheann sé le linn na dtaomanna casachtaí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]