Albert Calmette

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlbert Calmette

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Léon Charles Albert Calmette
12 Iúil 1863
Nice, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Deireadh Fómhair 1933
70 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Association française pour l'avancement des sciences (en) Aistrigh
1920 – 1920
Stiúrthóir Institut Pasteur de Lille
1895 – 1918 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBrest School of Naval Medicine (en) Aistrigh (1881–1883)
lycée Saint-Louis
Ollscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaLouis Pasteur
Gníomhaíocht
Réimse oibreBaictéareolaíocht
Gairmdochtúir leighis, vireolaí, baictéareolaí, imdhíoneolaí, luibheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirInstitiúid Pasteur Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Ealaíontóirí gaolmharaCamille Guérin Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Giorrúchán luibheolaíochtaCalmette
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
SiblínGaston Calmette
Gradam a fuarthas

Lia, baictéareolaí agus imdhíoneolaí Francach ab ea Léon Charles Albert Calmette CCR[1] (12 Iúil 1863 – 29 Deireadh Fómhair 1933). D'aimsigh sé an Bacillus Calmette- Guérin, foirm chaolaithe de Mycobacterium bovis a úsáidtear sa vacsaín BCG i gcoinne na heitinne. D'fhorbair sé freisin an chéad fhrithghoimh do nimh nathrach, séiream Calmette.

Gairmréim luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Calmette i Nice, an Fhrainc. Theastaigh uaidh seirbhís chabhlaigh a dhéanamh agus a bheith ina lia, agus mar sin sa bhliain 1881 chuaigh sé isteach i Scoil na Lianna Cabhlaigh i mBrest. Sa bhliain 1883, thosaigh sé ag obair i gCór Leighis an Chabhlaigh i Hong Cong, áit ar oibrigh sé leis an Dr Patrick Manson, a rinne staidéar ar tharchur na muiscítí den phéist sheadánach, filaria, cúis na heilifintiáise. Chríochnaigh Calmette a chéim leighis ar ábhar na fioláiriáise.[2] Cuireadh é ansin chuig Saint-Pierre-et-Miquelon, áit ar tháinig sé i 1887. Ina dhiaidh sin, d'obraigh sé san Afraic Thiar, san Ghabúin agus i gCongó na Fraince, áit a ndearna sé taighde ar mhaláire, ar shuanghalar na hAfraice agus ar pheallagra.

I gcomhpháirt le Louis Pasteur[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'fhill sé ar an bhFrainc i 1890, bhuail Calmette le Louis Pasteur (1822 -1895) agus Emile Roux (1853 -1933), a bhí ina ollamh aige ar chúrsa ar bhaictéareolaíocht. Rinneadh comhlach de agus chuir Pasteur de chúram air brainse d'Institiúid Pasteur a bhunú agus a stiúradh i ag Saigon (Cathair Ho Chi Minh mar atá inniu ann), Ind-Sín na Fraince, i 1891.[3] Ansin, thiomnaigh sé é féin do réimse nuaghinte na tocsaineolaíochta, a raibh naisc thábhachtacha aige le himdhíoneolaíocht, agus rinne sé staidéar ar nimh nathair agus beacha, nimheanna plandaí agus curáire. D'eagraigh sé freisin táirgeadh vacsaíní in aghaidh na bolgaí agus an chonfaidh agus rinne sé taighde ar chalar, agus ar choipeadh óipiam agus ríse.

Sabhliain 1894, tháinig sé ar ais go dtí an Fhrainc arís agus d'fhorbair sé na chéad fhrithghoimh do nimh nathrach, ag baint úsáide as séirim imdhíonachta ó chapaill vacsaínithe (séirim Calmette). Níos déanaí, ghlac an lia Brasaíleach Vital Brazil leis an obair sa réimse seo, i São Paulo ag an Instituto Butantan, agus d'fhorbair sé roinnt frithghoimheanna eile i gcoinne nathracha, scairpeanna agus damhán alla.[4]

Ghlac sé páirt freisin i bhforbairt an chéad séiream imdhíonachta i gcoinne na plá búbónaí (an Phlá Mhór), i gcomhar le fionnachtaí a ghníomhaire pataigineach, Yersinia pestis, ag Alexandre Yersin (1863 -1943), agus chuaigh sé go dtí an Phortaingéil chun staidéar a dhéanamh agus chun cabhrú le dul i ngleic le heipidéim phlá i bPorto, sa bhliain 1899.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. C. J. M. (1934). "Leon Charles Albert Calmette, 1863-1933". Biographical Memoirs of Fellows of the Royal Society 1 (3): 315–325. doi:10.1098/rsbm.1934.0015. ISSN 1479-571X. 
  2. Siang Yong Tan (2012). "Albert Calmette (1863–1933): Originator of the BCG vaccine". Singapore Medical Journal 53 (7): 433–4. PMID 22815009. 
  3. Hawgood, B.J. (1999). "Doctor Albert Calmette 1863-1933: founder of antivenomous serotherapy and of antituberculous BCG vaccination.". Toxicon 37 (9): 1241–58. doi:10.1016/s0041-0101(99)00086-0. ISSN 0041-0101. PMID 10400286. 
  4. Sakula, Alex (1983). "BCG: who were Calmette and Guerin?". Thorax 38 (11): 806–812. doi:10.1136/thx.38.11.806. PMID 6359561. PMC:459668.