An Ghabúin
|
|||||
| Mana: Uniti progrediemur agus Union, Travail, Justice1 | |||||
| Amhrán náisiúnta: La Concorde | |||||
| Príomhchathair | Libreville 0°23′ Thuaidh 9°27′ Thoir |
||||
| An chathair is mó | An Phríomhchathair | ||||
| Teangacha oifigiúla | Fraincis agus Spáinnis | ||||
| Rialtas | Poblacht Ali Bongo Ondimba Paul Biyoghé Mba |
||||
| Neamhspleáchas |
ón Fhrainc 17 Lúnasa, 1960 |
||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
267,668 km² (-) 3.76 |
||||
| Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh - • Dlús |
1,454,867 (150ú) - 5.4/km² (216ú) |
||||
| OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $9.621 billiún (136ú) $7,055 (89ú) |
||||
| Airgeadra | CFA Franc (XOF) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
+1 (UTC) (UTC) |
||||
| Fearann Idirlín | .ga | ||||
| Glaochód | +241 |
||||
| (1) Tá dhá mhana le léamh ar armas na Gabúine, Uniti progrediemur (Laidin: "Seo sinn ag dul chun cinn, agus sinn aontaithe"), agus Union, Travail, Justice (Fraincis: "Aontas, Obair, Ceart"). Is féidir an dá rud a aistriú go Gaeilge mar "Ní neart go cur le chéile!" | |||||
Is tír san Afraic í an Ghabúin. Is í Libreville an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht Fhrancach í. Tásí ag críochantacht leis an nGuine Mheánchiorclach, le Camarún agus le Poblacht an Chongó ("Congó-Brazzaville"). Bhain an tír amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 17 Lúnasa 1960, ach ní raibh ach beirt Uachtarán ag rialú na tíre ó sin i leith.
Go luath sna 1990idí, tugadh isteach bunreacht nua, agus thosaigh an daonlathas á fhorbairt sa Ghabúin. Inniu, áirítear ar ceann de na tíortha is rathúla í ar fud na hAfraice, ós rud é go bhfuil daonra réasúnta beag ann, agus an tír saibhir in acmhainní nádúrtha.
Is í an Chríostaíocht - an Caitliceachas ach go háirithe - an reiligiún is tábhachtaí sa Ghabúin, ach tá cuid mhaith Muslamaigh ann freisin, agus cleachtann cuid mhór de na Gabúnaigh anamachas chomh maith - is é sin, tugann siad adhradh do spioraid an dúlra.
Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, agus is féidir glacadh leis go bhfuil ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Gabúine in ann ciall a bhaint as an teanga. Timpeall ar Libreville, is iomaí duine a labhraíonn Fraincis fiú ó dhúchas. Na teangacha eile a labhraítear sa Ghabúin, is teangacha Bantúcha iad a bhformhór. Is í an teanga Fang an ceann is tábhachtaí acu, agus í gaolmhar leis na teangacha Bulu agus Ewondo a labhraítear i ndeisceart Chamarúin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.