Confadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Othar a bhfuil confadh air, ón mbliain 1959.

Galar tógálach dainséarach víreasach is ea an confadh a oibríonn ar an néarchóras. Zónóis atá ann, is é sin, galar ar féidir leis an duine é a tholgadh ó ainmhí. Tá an confadh ar cheann de na galair is mó a chuireann eagla ar na daoine ar fud an domhain, nó nuair a thiocfaidh an galar chun solais ar an othar, ní bheidh le déanamh ach maolú ar a phianta roimh an mbás. Is féidir, áfach, an confadh a stopadh trí vacsaín a thabhairt dó sula n-aithnítear airíonna an ghalair air.

As greim na n-ainmhithe ionfhabhtaithe is mó a tholgtar an galar. Go bunúsach, bíonn an víreas le fáil go flúirseach i seile an ainmhí, agus is é an greim fiacla an bealach is fusa leis an tolgadh a fháil. Is minic a shíltear gur "madra mire" é gach madra a bhfuil confadh air, ach níl an scéal chomh simplí sin. Is féidir don ainmhí ionfhabhtaithe bheith marbhánta nó scanraithe freisin. An madra atá ag lí an duine go cairdiúil, is féidir dó a bheith ionfhabhtaithe chomh maith leis an madra mire, agus mar sin, tá sé ciallmhar gach teagmháil leis na madraí a sheachaint i dtíortha a bhfuil clú an chonfaidh orthu.

Is dual don víreas confaidh an néarchóras agus an inchinn a ionsaí. Déanann an víreas a ascnamh ó na néaróga imeallacha i dtreo na hinchinne, agus nuair a bhainfidh sé amach an inchinn, tiocfaidh an bás sna sálaí aige go sciobtha. Sa bhliain 2005, d'éirigh leis an dochtúir Rodney Willoughby i Wauwatosa (in aice le Milwaukee) cailín óg darb ainm Jeanna Giese a tharrtháil, cé go raibh an cailín ag éileamh leis an gconfadh cheana féin, agus airíonna an ghalair le haithint uirthi. Bhain an Dochtúir Willoughby triail as cóir leighis de chineál nua a bhí bunaithe ar thámhnéal spreagtha - is é sin, tharraing an dochtúir támhnéal, cineál tromshuan, ar an gcailín le hí a choinneáil beo a fhad a bheadh an córas imdhíonachta ag tosú ag oibriú ar an víreas. Ar an drochuair, níor éirigh le haon dochtúir eile an mhiorúilt chéanna a chur i gcrích go fóill.

An Víreas[athraigh | edit source]

Is iad na víris éagsúla den aicme Lyssavirus is cúis leis an gconfadh. Víris ARN is ea iad, is é sin, tá a gcuid géinte curtha i dtoll le chéile as aigéad ribeanúicléasach (ARN, nó RNA as Béarla). Tá géinte an duine comhdhéanta as aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN, nó DNA as Béarla). Is víris den aicme seo iad víreas Duvenhage, lyssavirus Astrálach na sciathán leathair, víreas Mokola agus víreas na sciathán leathair ó Lagos. Bíonn na víris seo 180 nm ar fad agus 75 nm ar trastomhas, a bheag nó a mhór. I ndiaidh don víreas teacht isteach i sruth fola an othair, bainfidh sé amach an néarchóras agus tosóidh sé ag déanamh a bhealaigh i dtreo na hinchinne agus ag fairsingiú ar fud an orgánaigh. Bíonn an víreas le fáil go flúirseach sna faireoga seile, ionas gur féidir leis an othar an tolgadh a scaipeadh ar aghaidh.

Eipidéimeolaíocht an chonfaidh[athraigh | edit source]

An tIonfhabhtú[athraigh | edit source]

Go teoiriciúil, is féidir le gach cineál mamach confadh a thógáil. Go praiticiúil, áfach, bíonn sé éagsúil ag ainmhithe difriúla. Is iad na cineálacha is mó priacail ná an madra, an sciathán leathair, an racún, an madra rua, an scúnc, an mac tíre, an bhó is an tarbh, an mongús (go háirithe an mongús buí) agus an cat. Is féidir leis an gcapall confadh a tholgadh chomh maith. Ón taobh eile de, is ar éigean a tholgfadh na creimirí - na francaigh, na luchóga agus a leithéidí - an galar seo. Cé gurb iomaí galar a bhíonn á scaipeadh ag na francaigh, ní bhíonn sé éasca confadh a thógáil uathu.

Bíonn an víreas le fáil i seile agus i néaróga an ainmhí thinn. Go tipiciúil, tagann an t-ionfhabhtú ó ghreim fiacal an ainmhí, ós rud é gur minic a bhíonn an t-ainmhí feargach foghach, agus an galar á chéasadh. Ní hionann sin is a rá go dtarlódh a leithéid ag gach ócáid nó do gach ainmhí. Is féidir don víreas an duine a ionfhabhtú i bhfoirm aerasóil (deora beaga ar foluain san aer) tríd na seicne múcasacha. Sin é an rud a tharlaíonn nuair a bhíonn daoine ag póirseáil leo thíos in uaimheanna faoi thalamh agus an t-aer trom le hanálú na sciathán leathair. Is féidir leis na sciatháin leathair an confadh a chur díobh gan oiread is airíonna an ghalair teacht orthu, agus mar sin bíonn siad ina n-iompróirí confaidh go minic. Tharla a leithéid an-chorruair freisin go bhfuair duine amháin an t-ionfhabhtú ó dhuine eile tríd an bpóg nó le linn na comhriachtana.

I ndiaidh an ionfhabhtaithe, rachaidh an víreas isteach sa néarchóras imeallach. Ansin, beidh sé ag oibriú roimhe i dtreo na hinchinne. Lena linn sin, ní bhíonn sé furasta a aithint go bhfuil an galar tolgtha, ach ón taobh eile de, tá sé indéanta i gcónaí an córas imdhíonachta a chur ag obair trí vaicsín nó glóbailin imdhíonachta a thabhairt don othar. Nuair a bhainfidh an víreas amach an inchinn, tiocfaidh airíonna an ghalair chun solais, agus ní féidir an t-othar a tharrtháil a thuilleadh. Ansin, caithfidh an t-othar cupla lá ag éileamh le heinceifilíteas (athlasadh inchinne) agus, uaireanta, le miailíteas (athlasadh chorda an dromlaigh) go bhfaighidh sé bás nuair a theipfidh an t-análú air.

Leitheadúlacht an Chonfaidh[athraigh | edit source]

Bíonn an confadh coitianta i measc na n-ainmhithe allta in áiteanna, ach is iad na madraí na hiompróirí is tábhachtaí san Áise, san Afraic agus ina lán réigiún i Meiriceá. Is féidir leis na húdaráis sláinte feachtais vacsaínithe a eagrú lena chinntiú go mbeidh gach madra ar le duine ar leith é díonta ar an tolgadh. Ní bhíonn feachtais den chineál sin chomh héifeachtúil sin faoin tuath ná sna tíortha tearcfhorbartha. Is féidir, áfach, baoití vacsaíne a fhágáil sna coillte le súil is go slogfaidh na hainmhithe iad, agus tá an chuma ar an scéal gur féidir moill a chur ar an ngalar i measc na n-ainmhithe allta leis an gcleas seo. Bíonn sé daor, áfach, feachtais vacsaínithe a chur i gcrích, agus is féidir go dtaispeánfaidh anailís costais is tairbhe go bhfuil sé níos ciallmhaire, i gcás ar leith, ullmhú do shrianadh na ráige confaidh ná an ráig a chosc roimh ré.

Faigheann timpeall is 55,000 duine bás le confadh in aghaidh na bliana, san Áise agus san Afraic thar aon mhór-roinn eile. Nuair a thosaigh na peataí ag éirí coitianta sa tSín, agus cuma an Iarthair ag teacht ar an saol ansin de bharr bhorradh na heacnamaíochta, ní raibh an confadh i bhfad ag teacht sna sálaí ag na madraí. I Mí na Samhna 2006, chuir na húdaráis i mBeijing "polasaí aon mhadra amháin" i bhfeidhm le heipidéim an chonfaidh a chosc - is é sin, ní ceadmhach d'aon teaghlach ach aon mhadra amháin a bheith acu. Deirtear go bhfuil an India ar an tír is mó confaidh ar fud an domhain, ó bhíonn na madraí seachráin an-choitianta sna cathracha.

I dtús báire, ní bhíodh mórán confaidh le fáil sna Stáit Aontaithe ach amháin sa Deisceart, ach thiar sna seachtóidí, buaileadh na racúin sna stáit lár-Atlantacha agus oirthuaisceartacha le heipidéim. Inniu, tá an eipidéim seo ag teacht go hOhio. Maidir le Meániarthar na Stát Aontaithe, is iad na scúinc is mó a iompraíonn an galar ansin. Má dhearctar ar na Stáit Aontaithe go léir, áfach, gheofar amach gurb iad na sciatháin leathair an dainséar is mó do na daoine mar fhoinse ionfhabhtaithe.

An Confadh ar na hAinmhithe[athraigh | edit source]

Na Sciatháin Leathair[athraigh | edit source]

Bíonn na sciatháin leathair ag scaipeadh an chonfaidh sa chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh agus Theas, ach ba in Oileán na Tríonóide sna hIndiacha Thiar a rinneadh an chéad dianstaidéar ar aistriú an ghalair ó na sciatháin leathair. Bhí sé de theist ar an Oileán san am go raibh an confadh an-choitianta ar na sciatháin leathair. Sna blianta 19325-1935, fuair 89 duine agus na mílte bó bás leis an gconfadh a tholg siad ó na sciatháin leathair - "an ráta mortlaíochta ab airde ba toradh riamh don chonfadh a tháinig ó na sciatháin leathair".

Go luath sa bhliain 1931, d'aithin an tréidlia H. Metivier an bhaint a bhí ag an gconfadh leis na sciatháin leathair. I Mí Mheán Fómhair 1931, tháinig an baictéareolaí J. L. Pawan ar chorpáin Negri - is é sin, lorg an víris chonfaidh - san inchinn ag sciathán leathair a bhí á iompar go haisteach. Sa bhliain 1934, chuir rialtas Oileán na Tríonóide agus Thobága tús le scéim a bhí dírithe ar líon na vaimpírí a ghearradh síos san oileán. Bhí vaimpírí le marú trí ghaistí a chur rompu, urchair a scaoileadh leo nó nimh a thabhairt dóibh, agus san am chéanna, bhí na bóithigh le cosaint ar na sciatháin leathair agus vacsaíniú saor in aisce le soláthar do na ba a bhí i mbaol.

Na Madraí[athraigh | edit source]

Na hApasaim[athraigh | edit source]

Na Scúinc[athraigh | edit source]

Na Mic Thíre[athraigh | edit source]

Na Sionnaigh[athraigh | edit source]

An Confadh in Éirinn[athraigh | edit source]

Glactar leis go bunúsach go bhfuil Éire saor ón gconfadh ón mbliain 1906 anuas. Is féidir, áfach, teacht trasna ar scéalta faoi "mhadraí mire" agus faoin scaoll a chuir siad sa phobal i mbéaloideas na Gaeltachta (i saothar Sheáin Bháin Mhic Mheanman cuir i gcás), agus dealraíonn sé mar sin go raibh an galar cuibheasach coitianta sna laethanta a bhí.

I Mí na Nollag 2008, d'aithin na dochtúirí an chéad chás confaidh i dTuaisceart Éireann le 70 bliain anuas. Bean a bhí i gceist ar tháinig tinneas uirthi i ndiaidh di filleadh abhaile ón gcoigríoch.[1]