Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is stát é Ohio de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus é mar nasc idir dhá réigiún na tíre, mar atá an Meániarthar agus an tOirthuaisceart. I dtéacsleabhair scoile Mheiriceá áirítear mar stát an Oirthuaiscirt é. Tá Ohio ag críochantacht le Michigan, Indiana, Pennsylvania, Virginia Thiar, agus Kentucky. Tá Loch Erie ar an taobh thuaid de.
Is é Columbus, ata suite i lár an stáit, an phríomhchathair. Tá breis is 11 milliún duine ina gconaí in Ohio. Tagann an t-ainm ón Iroquois: ohi-yo’, a chiallaíonn "abhainn mhór". "The Buckeye State" an leasainm atá air as cineál crainn a fhásann ann. "Ohioans" nó "Buckeyes" a thugtar ar mhuintir Ohio. Tá tábhacht pholaitiúil ag baint le Ohio i dtoghcháin náisiúnta os rud é nach féidir le ceachtar de mhórpháirtithe na tíre brath ar an mbua a fháil ann, ní hionann lena lán stát eile.
Seanfhoirgnimh thipiciúla i Medina, Ohio