Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is stát SAM atá suite sa réigiún Sasana Nua in oirthuaisceart na tíre é Massachusetts. Tá teorainneacha aici le New Hampshire agus le Vermont ó thuaidh, le Nua-Eabhrac ó thiar agus le Connecticut agus le Rhode Island ó theas. Is í Bostún (Béarla, Boston) príomhchathair an stáit. Sa bhliain 2010, bhí 6,547,629 duine ina gcónaí i Massachusetts, an 14ú stát de réir daonra. 'S é an tríú stát sa tír de réir dlús daonra agus 324.1 duine sa chiliméadar cearnach.
'S é Deval Patrick, ball den Pháirtí Daonlathach, an gobharnóir ar an stát. Eisean an chéad duine de shliocht Aifriceach sa phost sin. Is é John Kerry (Páirtí Daonlathach) an seanadóir sinsearach ag Massachusetts sa Chomhdháil i Washington, D.C. Toghadh Scott Brown, ball den Pháirtí Poblachtach, mar an dara seanadóir don stát ar 19 Eanáir 2010.
Naisc sheachtracha [athraigh]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.