California
|
|||||
| Leasainm: The Golden State (An Stát Órga) | |||||
![]() |
|||||
| Príomhchathair | Sacramento | ||||
| An chathair is mó | Los Angeles | ||||
| Gobharnóir | Jerry Brown (D) | ||||
| Teangacha oifigiúla | Béarla | ||||
| Achar | 410,000 km² (3ú) | ||||
| - Talamh | 404,298 km² | ||||
| - Uisce | 20,047 km² (4.7%) | ||||
| Daonra (2010) | |||||
| - Daonra | 37,253,956 (1ú) | ||||
| - Dlús daonra | 92.3 /km² (11ú) | ||||
| Iontráil san Aontas | |||||
| - Dáta | 9 Meán Fómhair 1850 | ||||
| - Ord | 31ú | ||||
| Crios ama | UTC -8/-7 | ||||
| Domhanleithead | 32°30'N go dtí 42°N | ||||
| Domhanfhad | 114°8'W go dtí 124°24'W | ||||
| Leithead | 402.5 km | ||||
| Fad | 1,240 km | ||||
| Airde | |||||
| - An airde is mó | 4,418 m | ||||
| - Meánairde | 884 m | ||||
| - An airde is lú | -86 m | ||||
| Giorrúcháin | CA, US-CA | ||||
| Láithreán Gréasáin | www.ca.gov | ||||
Is stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é California, (nó Cailifornia mar a litrítear é as Gaeilge uaireanta). Tá sé suite in iarthar na tíre ar chósta an Aigéin Chiúin. Is é an stát is mó sa tír ó thaobh daonra de agus an tríú stát is mó de réir achair. Is é "an Stát Órga" leasainm oifigiúil an stáit. D´fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ór ar thángthas air sa bhliain 1848 (agus a chuir tús le Fuadar Óir Chalifornia) nó mar go bhfuil dath an óir, nach mór, ar go leor de thalamh an stáit sa samhradh. Úsáidtear an giorrúchán CA don phost, agus baineann an Associated Press feidhm as Calif. Is é Sacramento príomhchathair Chalifornia.
Daonra dlúth atá i ndeisceart Chalifornia, agus is lú an líon daoine atá le fáil sa taobh thuaidh. Is é Los Angeles, sa deisceart, an chathair is mó sa stát agus is é an dara cathair is mó sna Stáit Aontaithe. Is é mórcheantar San Francisco, sa dtuaisceart, an dara ceantar uirbeach is mó sa stát. Maireann formhór an daonra laistigh de 50 míle (80 km) ón Aigéan Ciúin.
[athraigh] Ainm an Stáit
Creidtear go dtagann ainm an stáit ó Las sergas de Espladián (Eachtraí Spladian), úrscéal ón 16ú haois le Garci Rodríguez de Montalvo, a raibh oileán ann darbh ainm California a bhí ar nós Parthais. D'fhéadfadh sé go gciallaíonn an focal "chomh te le hoigheann" (cali > te, fornia > oigheann).
[athraigh] Tíreolaíocht
Tá éagsúlacht mhór ag baint le tíreolaíocht Chalifornia ón gcósta thiar go dtí sliabhraon an Sierra Nevada thoir, agus ó dheas arís chun Gleann an Bháis sa deisceart - ceann de na háiteanna is teo ar domhain. Tá an Gleann Láir idir an t-aigéan agus na sléibhte agus is é seo an príomhshuíomh talmhaíochta sa stát.
[athraigh] Bailte i gCalifornia
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
|
|||
