Nua-Eabhrac (stát)
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
| Leasainm: Empire State (Stát na hImpireachta) | |||||
![]() |
|||||
| Príomhchathair | Albany | ||||
| An chathair is mó | Cathair Nua-Eabhrac | ||||
| Gobharnóir | Andrew Cuomo (D) | ||||
| Teangacha oifigiúla | Níl aon cheann. Béarla i ngníomh | ||||
| Achar | 141,299 km² (27ú) | ||||
| - Talamh | 122,506 km² | ||||
| - Uisce | 18,793 km² (13.3%) | ||||
| Daonra (2010) | |||||
| - Daonra | 19,378,102 (3ú) | ||||
| - Dlús daonra | 157.81 /km² (6ú) | ||||
| Iontráil san Aontas | |||||
| - Dáta | 26 Iúil, 1788 | ||||
| - Ord | 11ú | ||||
| Crios ama | UTC -5/-4 | ||||
| Domhanleithead | 40° 30′ N go 45° 1′ N | ||||
| Domhanfhad | 71° 51′ W go 79° 46′ W | ||||
| Leithead | 455 km | ||||
| Fad | 530 km | ||||
| Airde | |||||
| - An airde is mó | 1,629 m | ||||
| - Meánairde | 305 m | ||||
| - An airde is lú | 9 m | ||||
| Giorrúcháin | NY, US-NY | ||||
| Láithreán Gréasáin | www.ny.gov | ||||
Is stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá é Nua-Eabhrac
Clár ábhair |
Stair[athraigh]
Ceann de na chéad stáit a cuireadh ar bun i Meiriceá Thuaidh, ainmnítear an stát seo as Cathair Nua-Eabhrac. Ba iad muintir na na hÍsiltíre ar dtús a chur fúthu ag Fort Orange, ar shuíomh Albany an lae inniu, sa bhliain 1624. Ba iad freisin a chuir cathair Nieuw Amsterdam ar bun sa bhliain 1625, agus de réir an scéil choitinn, cheannaigh Peter Minuit oileán Manhattan ó na hIndiaigh ar bheagán áilleagán, arbh fhiú $24 iad. Sa bhliain 1664, thug an pobal maoirseacht do Shasana ar an gcathair. Thug siadsan "New York" ar an limistéir in ómós do Dhiúic Eabhrac. Is de bhunús Cheilteach an ainm Eabhrac.
Bhí Nua-Eabhrac ina phríomhchathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.) ar feadh aistir ghearr i ndiaidh Chogadh na Saoirse.
Tionscal[athraigh]
I measc tionscal an stáit, tá foilsitheoireacht agus clóbhualadh, innealra agus feisteas tionsclaíoch, innealra leictreonach, turasóireacht, agus feirmeoireacht. Meastar ar an seachtú háit é le táirgeadh tionscail. Tógtar eallach agus éanlaith clós, agus fástar glasraí, torthaí agus min. Tá tábhacht, leis, le fás caora fíniúna agus déanamh fíona ar an Oileán Fada agus i ngleann an Hudson.
Gnéithe Fisiciúla na Tíre[athraigh]
Tá sléibhte na nAdirondack i dtuaisceart an stáit, agus cinn níos ísle ná iad, na Catskills, siar ó dheas as Albany i lár an stáit. Ritheann abhainn mhór an Hudson ó limistéir theorainn Cheanada go cathair Nua-Eabhrac, agus seolann longa móra uirthi go dtí Albany. Ba é tógail an Chanáil Erie, go deimhin, a chur bun leis an dtús áite a bhí le fada ag cathair Nua-Eabhrac i gcúrsaí tráchtála. Bhí bealach sa chanáil le táirgeadh de chuid mhór den tír a thabhairt ar uisce go dtí an cósta roimh aimsir na dtraenach.
Cathair Nua-Eabhrac[athraigh]
Roinntear cathair Nua-Eabhrac inniu ina cúig bhuirg:
- Nua-Eabhrac (ar a dtugtar Manhattan go hiondúil, chomh maith leis an oileán ar a bhfuil sé suite)
- Brooklyn (arb é a ainm rialtas Kings County)
- Queens,
- An Bronx
- Oileán Staten (Staten Island)
Bhí daonra 8,008,278 i gcathair Nua-Eabhrac sa bhliain 2000, rud a thugann tus áite di i measc chathracha na Stát Aontaithe. Ba í cathair Nua-Eabhrac longphort iontrála an-chuid d'imircigh na hEorpa go dtí S.A.M. Ba í Oileán Ellis sa chalafort stáisiúin iontrála na loingeas paisinéara ón naoú haois déag go tús an fichiú haois. Roimhe sin, thigidís i dtír ar dheisceart Manhattan, in áit ar a dtugtar an Battery. Fós féin, tá pobail éagsúla le feiceáil ar fud na cathrach. Sa lá atá inniu ann, tagann a lán imirceach ar tír in Aerfort John F. Kennedy i Queens, nó in Aerfort Newark, i New Jersey, atá suite i gcóngar 35km ón gcathair.
An tOileán Fada[athraigh]
Síneann An tOileán Fada amach soir as cathair Nua-Eabhrac. Tá sé os cionn 170 km ar fhaid, ach níl sé mórán thar 30 km ar leithead in aon chuid de. De ghnáth nuair a luaitear an ainm, fágtar Queens agus Brooklyn ar lár, mar go bhfuilid i gcathair Nua-Eabhrac, cé gur chuid den oileán iadsan maidir le tíreolaíocht.
Fuíoll an Stáit[athraigh]
I measc chathracha móra eile an stáit, áirítear Buffalo (d. 292,648), Syracuse (d.147,306), Yonkers (d.196,086), agus Rochester (d.219,773). Tugtar go minic "Upstate" ar chuid an Stáit a luíonn ó thuaidh ó chathair Nua-Eabhrac agus an Oileáin Fada, .i. mórchuid an stáit. "Downstate" a luaitear orthu siúd ó theas ó chathair Nua-Eabhrac, ach ní minic a úsáidtear an téarma siúd.
Bailte i Nua-Eabhrac[athraigh]
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
|
|||
