Brooklyn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is buirg i gcathair Nua Eabhrac í Brooklyn atá ainmnithe as Breukelen, baile beag san Ísiltír. I measc na gcúig bhuirg sa chathair, is í Brookyn an ceann is mó ó thaobh daonra de agus 2.5 milliún duine ina gcónaí ann, agus ar an dara ceann is mó ó thaobh limistéir de. Tá sí suite taobh thiar theas ó Queens (an bhuirg is fairsinge limistéir) ar an cheann is faide thiar den Oileán Fada. Tá Buirg Bhrooklyn agus Contae an Rí (King's County) ar chomhlimistéar lena chéile.

Suíomh

Stair Bhrooklyn[athraigh | edit source]

Na Lenape agus na hEorpaigh[athraigh | edit source]

Bhí Meiriceánaigh bhundúchasacha, nó Indiaigh, ina gcónaí sa cheantar a dtugtar Brooklyn anois air le tamall an-fhada sular tháinig na chéad Eorpaigh. Cuid den phobal Lenape ba ea iad. Rinne Henry Hudson an chéad teagmháil leis na hIndiaigh (mharaigh Indiaigh fear den chriú le saighead) sa bhliain 1609 agus eisean ag taiscéaladh ar son Chomhlacht Dúitseach na hIndia Thoir.

Bhí timpeall is 12 buíon Lenape i mBrooklyn (isteach is amach le 2,000 duine), gach buíon díobh ag caitheamh seala anseo is seala ansiúd taobh istigh de limistéir tíre a bhí faoina smacht go buan. Na “Canarsie” a thugadh na hEorpaigh orthu as logainm Lenape (“ait ghainmheach“) i mBrooklyn. Idir 1634 agus 1661 bunaíodh sé bhaile beaga, cúig cinnn ag Ollannaigh agus ceann amháin ag grúpa Sasanach. Midwout (Midwood an lae inniu) an chéad cheann díobh. Bunaíodh Sráidbhaile Bhreuckelen sa bhliain 1646 san áit a bhfuil lár trádála agus rialtais na buirge anois, an chéad bhardas oifigiúil sa choilíneacht. An Bhantiarna Deborah a bhunaigh an baile beag Sasanach (1645). Bhí Deborah Moody tar éis a bheith díbeartha as Sasana Nua ar chúiseanna a bhain le creideamh. Ise an chéad bhean a bhunaigh coilíneacht sa Leathchruinne Thiar.[1]

Síníodh 200 conradh idir na Lenape agus na lonnaitheoirí Ollannacha. Bhris naimhdeas agus fiú foréigean amach ón tús, ach seachnaíodh an chuid ba mheasa den fhoréigean le linn Chogadh Kieft (1643-45). Mar sin féin, lean an meath ar líon na Lenape mar gheall ar ghalair Eorpacha agus bhailigh Indiaigh eile leo siar go dtí nach raibh fágtha ach dornán. Deirtear go traidisiúnta gurb é Jim de Wilt, a bhfuair bás sa bhliain 1803, an duine deireanach díobh. Ciallaíonn de Wilt 'an fear fiáin' in Ollainnis, léiriú ar mheon na nEorpach agus a sleachta i leith na nIndiach.[2]

Ghabh na Briotanaigh an choilíneacht Ollannach, an Nua-Ísiltír, sa bhliain 1664 agus thug siad Cúige Nua-Eabhraic air. D’atheagraigh siad é ina 12 contae, Brooklyn ar cheann acu. "Contae an Rí" an t-ainm a bhaistidís air, in onóir an Rí Séarlas II.

Seachas logainmneacha, sloinnte, corrtheach agus reilig, is beag rian atá fágtha de na hOllannaigh anois ann. Faoi na Briotanaigh tháinig fás ar rud amháin dár chuir na hOllannaigh tús leis, áfach, an sclábhaíocht. Faoin bhliain 1776, ba sclábhaí é duine as triúr i mBrooklyn, beagnach, an céatadán sclábhaithe a b’airde i gcoilíneachtaí an tuaiscirt. 3,700 duine ar fad a bhí i mBrooklyn sa bhliain chéanna, idir gheal agus ghorm.[3] Ceantar ciúin feirmeoirí (agus iad réasúnta maith as) a bhí ann.

An Réabhlóid[athraigh | edit source]

I mí Lúnasa agus Meán Fomhair na bliana 1776, bualadh an cath ba mhó i gCogadh na Réabhlóide Mheiriceánaí i mBrooklyn. Cath an Oileáin Fhada (nó Cath Bhrooklyn uaireanta) a thugtar air. Rinne na fórsaí ríoga, idir Bhriotanaigh agus Heiseánaigh, ar an arm coilíneach Meiriceánach a bhí ag fanacht leo ag Droim Gowanus in iarthuaisceart Bhrooklyn leis an bhealach go Manhattan a chosaint. Briseadh ar na Meiriceánaigh sa chath fuilteach.

Bhí amhras ar chumas an Ghinearáil George Washington ina dhiaigh seo ach d’éirigh leis go seoigh an t-arm Meiriceánach a choimeád le chéile trí mheán cúlú thar oíche go Manhattan. Tharla an rud a b’uafásaí sa chogadh mar gheall ar an chath seo, áfach, mar chuir na Sasanaigh roinnt mílte príosúnach Meiriceánach i seanlonga lofa i mBá Wallabout sa chuan amach ó Bhrooklyn mar ar fhan siad ar feadh blianta. Fuair níos mó Meiriceánach bás ón drochíde a bhfuair siad ansin ná mar a cailleadh i ngach cath eile sa chogadh curtha in éindí. D’fhan Brooklyn faoi na Briotanaigh go deireadh an chogaidh. Bhí an geilleagar agus an saol sósialta in aimhréidh áirithe go dtí sin agus go cionn tamaill ina dhiaidh.

Cathair Neamspleách[athraigh | edit source]

Brooklyn sa bhliain 1879

Sa chéad leath den 19ú haois, bhí fás mór le feiceáil ar an saol trádála i mBrooklyn feadh bhruacha na hAbhann Thoir, os comhair chathair Nua-Eabhraic. Mhéadaigh an líon daoine i mBrooklyn faoi thrí idir na blianta 1800 agus 1820, faoi dhó arís sna 1820idí, agus faoi dhó arís eile le linn na 1830idí. Bhí dhá chathair i gContae an Rí faoin am sin: cathair Bhrooklyn agus cathair Williamsburgh. Cuireadh an dara ceann seo isteach i mBrooklyn sa bhliain 1854 (“Williamsburg” an litriú as sin amach). Bhí Brooklyn i ndiaidh fás ó bhaile measartha mór 36,236 duine go cathair shuntasach 96,838 duine.

Bhí fás níos mó go fóill á thuar ag na hiarnróid a tógadh i lár na haoise, leithéid Líne Brighton Beach sa bhliain 1878. Taobh istigh de dheich mbliana (1886–1896), ghabh cathair Bhrooklyn isteach bailte beaga New Lots, Flatbush, Gravesend, New Utrecht, Flatlands, srl. go dtí gurb ionann teorainneacha don chathair agus don chontae.

Sa bhliain 1883, cuireadh an dlaoi mhullaigh ar áis iompair eile — Droichead Bhrooklyn, idir Brooklyn agus Oileán Manhattan. Ní rabhthas ag brath a thuilleadh ar na báid le dul trasna go Manhattan agus le teacht ar ais. Ba chomhartha é sin den bhealach a raibh réigiún Nua-Eabhraic ar fad ag fás agus ag tathú. I reifreann sa bhliain 1894, ghlac tromlach caol de lucht vótála Bhrooklyn ceangailt le Manhattan, Queens, na Bronx, agus Richmond (Oileán Staten) mar chathair chúig bhuirg faoin ainm Cathair Nua-Eabhrac. Chuaigh an reifreann i bhfeidhm sa bhliain 1898. An tríú cathair ba mhó sna Stáit Aontaithe ba ea Brooklyn ag an am agus an ceathrú cathair is mó sa tír a bheadh inti inniu.

Sonraí Daonna[athraigh | edit source]

34,920 duine an mhíle chearnach an dlús daonra i mBrooklyn, nó 13,480 duine an ciliméadar cearnach. $32,135 an mheánioncaim ag teaghlach, $16,775 ag duine aonair. Tá timpeall is 22% de theaghlaigh faoi bhun thairseach an bhochtanais.

Tá éagsúlacht mhór daonra le feiceáil i mBrooklyn. De réir mheastúcháin a rinneadh sna blianta 2005–2007, ba den chine geal iad 43.7% de lucht Bhrooklyn, 36.2% de shliocht Aifriceach, 9.3% d’Áisigh, 11.9% de shliocht éigin eile agus 1.5% de dhá chine nó níos mó. Má’s beag an líon daoine a mhaíonn ginealas Indiach Meiriceánach (faoi bhun 0.5%), sin i bhfad níos mó daoine den shliocht sin ná a bhí ann nuair a tháinig Henry Hudson an bealach anall. Cuid den chúis atá leis sin ná an pobal Móhácach a lonnaigh i mBrooklyn ag tosnú sna 1920idí.[4]

Is de shinsearacht Éireannach iad 3.3% de phobal Bhrooklyn de réir dhaonáireamh 2000. Is de chúlra Hispeánach nó “Latino” iad 19.6% de na daoine. Ar na grúpanna Eorpacha eile áirítear Iodálaigh (7.5%), Polannaigh (3.8%), agus Rúisigh (2.9%).[5] Rugadh 37.4% den daonra i dtíortha eile, chomh maith le 3.5% a rugadh faoi bhrat shaoránacht SAM thar lear (Portó Ríceánaigh, go príomha). Bhí teanga éigin seachas an Béarla á labhairt sa bhaile ag 46.1%. Is iad na teangacha is coitianta díobh ná Spáinnis 18%, Rúisis 5.95% , Fraincis (nó crióil atá bunaithe ar an Fhraincis) 4.19%, Sínis 3.92%, Giúdais 3.10%, Iodáilis 2.10%, Polainnis 2.42%, Eabhrais 1.13%, Puinseáibis 1.09% agus Urdú 0.68%. Níl figiúirí faoi chreideamh le fáil.

Comharsanachtaí[athraigh | edit source]

Cé go bhfuil sé úsáideach comharsanachtaí Brooklyn[6] a phlé i dtéarmaí grúpaí eitneacha, tá meascán daoine le feiceáil i ngach ceann díobh, nach mór. Scaipeadh nó laghdaíodh na seanphobail, macasamhail na nIoruach in Bay Ridge nó na Móhácach in aice an lár thrádála, nó “Downtown”. Thóg an cine gorm áit an chine ghil in áiteanna sna 1960idí agus sa chéad leath de na 1970idí (“teitheadh na ngeal” mar a deirtear leis—“white flight”). Ó na 1980idí i leith, tá daoine óga as na hollscoileanna, daoine proifisiúnta, agus lucht na n-ealaíon ag bogadh isteach sna comharsanachtaí in iarthuaisceart na buirge agus ag cur sraithe nua leis na seandreamanna de shliocht Afracach nó Eorpach. Tá slacht tagtha ar a leithéidí Brooklyn Heights agus Park Slope, má chaill siad ariamh é.

Conaíonn Afracaigh Mheiriceánacha ar fud Bhrooklyn ach go mór mhor i gcomharsanacht Bedford Stuyvesant agus ina haice. Tá cultúr na nAfracach Meiriceánach de sheanbhunús na tíre flúirseach ann. Tá pobal mór Cairibeach ansin freisin agus in Flatbush. Freastalaíonn breis is milliún duine gach bliain ar an pharáid Chairibeach in Eastern Parkway.

Tá na Rúisigh lonnaithe i ndeisceart Bhrooklyn, in Brighton Beach ach go háirithe. “Odessa Beag” a thugtar air uaireanta. Tá na Polannaigh lárnaithe in Greenpoint i dtuaisceart na buirge, agus na hIodálaigh in Dyker Heights agus Bensonhurst sa deisceart láir.

Is é Bushwick an chomharsanacht is mó Hispeánach ann (80% den daonra). Tá pobal mór Spainnise in Sunset Park freisin, in aice leis an bpobal Síneach is mó i mBrooklyn. A dhalta na Hispeánach, cónaíonn Sínigh (agus Áisigh eile) in ngach áit sa bhuirg nach mór. Cónaíonn a lán Arabach san iardheisceart, in Bay Ridge, agus in aice le hAscaill Atlantic, níos faide ó thuaidh. Tá cónaí ar Mhuslamaigh ón fhoroinn Indiach in Kensington i gceartlár Bhrooklyn.

Tá Giúdaigh sa tuaisceart, idir iad siúd a dhéanann leis an chreidimh agus iad nach ndéanann. Tá an chuid is mó den phobal bunchreidmheach agus Haisideach ina gcónaí in Borough Park i lár Bhrooklyn, ach tá siad in Flatbush, Midwood, Crown Heights, agus Williamsburg freisin. Tá scoileanna Giúdacha coitianta (“yeshiva” a thugtar ar cheann acu) chomh maith le siopaí bia coisir.

Tá a lán Éireannach ina gcónaí chun deiscirt in Marine Park, Gerritsen Beach, agus Vinegar Hill, ach bíonn paráidí timpeall Lá Fhéile Pádraig in Bay Ridge agus in Park Slope-Windsor Terrace chomh maith. Tá an clú ar Ghaeil Bhrooklyn (agus Nua-Eabhrac i gcoitinne) as gan bacadh le comharsanachtaí ach le paróistí agus iad ag cur in iúl do dhaoine eile cárb as dóibh.



Brooklyn agus an Droichead Brooklyn, radharc ó Manhattan
Brooklyn agus an Droichead Brooklyn, radharc ó Manhattan

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Golenbock, Peter (2008). In the Country of Brooklyn: Inspiration to the World. HarperCollins Publishers.
  2. Burrows, Edwin G. agus Mike Wallace, 1999, lch. 86. Gotham: A History of New York City to 1898. Oxford Univ. Press.
  3. McCullough, David W (1933, cóipcheart 1983). Brooklyn—and How It Got That Way, lch.17 (céatadán sclábhaithe agus daonra 1776). Dial Press, Nua-Eabhrac.
  4. The New York Times, “An Indian community flourished and faded in a section of Brooklyn” 28 Nollaig 1996
  5. American Factfinder 2000 Ancestry: Kings County, NY
  6. The Neighborhoods of Brooklyn, Kenneth T. Jackson, eag., Yale Univ. Press, New Haven, CT