Rochester, Nua-Eabhrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rochester
Rochester

Na hardeasa i Rochester

Suíomh

43°9′ Thuaidh 77°36′ Thiar

Rialtas
Tír: Flag of the United States.svg SAM
Stát: Nua-Eabhrac
Méara: Lovely Warren (D)
Déimeagrafaic
Achar: 96.1 km² (37.1 míle²)
Daonra: 210,565
Dlús daonra: 2,368.3 km² (6,132.9 míle²)/km²
www.cityofrochester.org

Cathair i gContae Monroe, in iarthuaisceart Stát Nua-Eabhrac, i SAM, taobh ó dheas ó Loch Ontario is ea Rochester. Príomhbhaile Chontae Monroe atá ann. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, bhí 210,565 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,054,322 duine i mórcheantar na cathrach, ceantar a chuimsíonn freisin contaetha Genesee, Livingston, Ontario, Orleans agus Wayne (san iomlán nó i bpáirt). “Lárionad Domhanda na nÍomhánna” an leasainm a thugtar an an gcathair ar siocair go bhfuil na comhlachtaí Kodak agus Xerox ann. Tá Bausch & Lomb lonnaithe i Rochester chomh maith. Déantar a lán taighde teicneolaigh sa chathair ag na comhlachtaí seo, agus tá clú ar Ollscoil Rochester agus ar an Rochester Techonological Institute as a gcuid cláracha taighde teicneolaíochta, leighis agus eolaíochta.

Stair[athraigh | edit source]

Na hIroquois a bhí ina gcónaí sa cheantar chomh fada siar agus a théann an taifead staire scríofa. Chaill ceithre threibh de chuid Chónaidhm na nIroquois seilbh ar na tailte sa chuid sin de Stát Nua-Eabhrac i ndiaidh don chuid ba mhó díobh seo troid ar son na Sasanach le linn Chogadh Réabhlódeach Mheiriceá (1776–1983). Ar 8 Samhain 1803, cheannaigh an Coirnéal Nathaniel Rochester agus beirt eile 100 acra timpeall ar thrí eas san Abhainn Genesee a bheadh úsáideach mar fhoinse cumhachta. Cúig dhuine déag a lonnaigh san áit i dtús báire. Sa bhliain 1825, osclaíodh an Chanáil Erie, rud a cheangail feirmeoirí an Mheániarthair le calafort Nua-Eabhrac. Chuaigh an chanáil tríd an chathair agus tháinig fás ar Rochesterville (mar a thugtaí ar an mbaile san am úd) dá réir sin. Faoin bhliain 1834, bhí 9,200 duine ina gcónaí ann. Nuair a tháinig na hiarnróid isteach blianta gairide ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh an chanáil ó dheas ón bhaile.

Tharraing suíomh agus tionscal an bhaile mhóir na mílte imirceach. Orthu siúd bhí beirt ón Ghearmáin, John Jacob Bausch agus Henry Lomb, a thosaigh ag obair le chéile i lár na 1850idí agus a chuir Bausch & Lomb ar bun faoin bhliain 1861. Duine de bhunús Stát Nua-Eabhrac a bhí i George Eastman, fiontraí gnó a chuir an chomhlacht Eastman Kodak ar bun. Bhain tábhacht shóisialta agus pholaitiúil le Rochester chomh maith. Ba i Rochester a bhunaigh Frederick Douglass The North Star, nuachtán mór na ndaonfhuasclóirí, sa bhliain 1847. Ba as Rochester Susan B. Anthony, daonfhuasclóir agus feiminí luath. Ag deireadh an 19ú haois, chuir an t-ainrialaí agus sóisialach Emma Goldman fúithi sa chathair ar feadh chúpla bliain agus í ag obair ar son lucht oibrithe na gceardlann allais.

Rochester ón aer, 2007