Loch Ontario

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Loch Ontario ar taobh na láimhe deise.

Ceann de Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh is ea Loch Ontario (Fraincís: Lac Ontario) agus an loch is faide soir de na cúig loch fionnuisce atá suite in oirthear na Stát Aontaithe, ar an teorainn le Ceanada.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Faigheann sé uisce ó Loch Erie, tríd an Abhainn Niagara agus Eas Niagara agus folmhaíonn sé isteach san Abhainn San Labhrás. Tá achar dromchla iomlán de 19,000 km² aige.

Tá sé suite ar an teorainn idir na Stáit Aontaithe (Nua Eabhrac) agus Ceanada (Ontario), sa réigiún ar a dtugtar an 'crú capaill órga' (Fraincís: fer à cheval doré, Béarla: Golden Horseshoe) air, leis an cheannchathair Torontó, áit a fheidhmíonn sé mar chaidéil teasa, ach go háirithe i rith an tSamhraidh, i gcóir aerchóirithe d'foirgnimh oifige agus do na háitritheoirí.

Dinnseanchas[athraigh | edit source]

Bhí ainmneacha éagsúla ar Loch Ontario thar na céadta bliain. Léiríonn léarscáil a tarraingíodh i leabhar leis an teideal "Relation des Jésuites" (1662-1663) an t-ainm "Loch Ontario" agus "Loch Iroquois".

Sa bhliain 1712, d'ullmhaigh an Francach, an tUasal Jean-Baptiste de Couagne léarscáil, a chuireadh i láthair Musée canadien des Civilisations (Gaeilge: Músaem Ceanadach na Seansibhialtachtaí), ina dtugtar an "Loch Frontenac" air.

Thug na Iroquois an t-ainm "Skanadario" air.