Eas Niagara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eas Niagara

Is sraith easa móra é Eas Niagara (suíomh: 43°4′54.68″N, 79°4′19.5″W) atá suite ar an abhainn Niagara in oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, ar an teorann idir na Stáit Aontaithe agus Ceanada. Tugtar an t-ainm Chutes Niagara dó as Fraincis. Is é an t-eas is láidre sna Stáit Aontaithe, agus b'fhéidir an ceann is cáiliúla ar an domhain.