Washington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
State of Washington
Bratach stáit Washington Séala stáit Washington
(Bratach Washington) (Séala Washington)
Leasainm: Evergreen State (Stát síorghlas)
Suíomh Washington
Príomhchathair Olympia
An chathair is mó Seattle
Gobharnóir Jay Inslee (D)
Teangacha oifigiúla
Achar 184,827 km² (18ú)
 - Talamh 172,628 km²
 - Uisce 12,199 km² (6.6%)
Daonra (2010)
 - Daonra 6,724,540 (13ú)
 - Dlús daonra 39.6 /km² (25ú)
Iontráil san Aontas
 - Dáta 11 Samhain 1889
 - Ord 42ú
Crios ama UTC -8/-7
Domhanleithead 45° 33′N go 49°N
Domhanfhad 116° 55′W go 124° 46′W
Leithead 400 km
Fad 580 km
Airde
 - An airde is mó 4,395 m
 - Meánairde 520 m
 - An airde is lú 0 m
Giorrúcháin WA, US-WA
Láithreán Gréasáin access.wa.gov

Stát atá suite in iarthuaisceart SAM is ea Washington. Olympia an phríomhchathair agus is é Seattle an chathair is mó. Bhí 6.7 milliún duine ina gcónaí dar leis an daonáirimh sa bhliain 2010. Cónaíonn timpeall ar 60% den daonra i mórcheantar Seattle. Tá a lán foraoisí, aibhneacha, altán, agus sléibhte sa stát. Is é Jay Inslee (Páirtí Daonlathach) gobharnóir an stáit.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tacoma, Washington agus Cnoc Ranier sa chúlra

Tá stát Washington suite in iarthar Mheiriceá Thuaidh ar an Aigéan Ciúin, ar lár thuaidh an chósta. Tá sé ag críochántacht le Oregon ar a thaobh theas, le Idaho ar a thaobh thoir, agus leis an Cholóim Bhriotanach, i gCeanada, ar a thaobh thuaidh. Tá an tAigéan Ciúin laistiar den stát. Is é Washington an stát Meiriceánach is faide siar ó thuaidh de na 48 stát atá teorannach le chéile. An Pacific Northwest a thugtar ar Washington agus Oregon le chéile (cuirtear Idaho in éineacht leo, go minic, agus fiú codanna eile d’iarthar na tíre).

Síneann an sliabhraon Cascade ó dheas ó thuaidh, an stát dealaithe ina dhá leath aige. Tá aeráid mhuirí sa leath thiar: bíonn sé fliuch séimh ansin sa gheimhreadh, san earrach, agus san fhómhar, agus tirim sa samhradh. Insna Sléibhte Oilimpeacha, in iarthuaisceart an stáit, titeann an oiread sin báistí (150–200 orlach sa bhliain) gurb é an t-aon áit sna 48 stát ina bhfuil foraoisí báistí aeráide measartha. Tá aeráid thirim san oirthear an bhliain ar fad: ar Chaomhnú Hanford, faoi scáth na gCascades, ní thiteann ach 6–7 orlach sa bhliain.

Tá cúig bholcán mhóra sa sliabhraon Cascade Mount Baker, Glacier Peak, Mount Rainier, Mount Saint Helens, and Mount Adams, iad go léir beo, gí nach bhfuil siad gníomhach faoi láthair. Bhrúcht Mount St. Helens sa bhliain 1980. Is é Mount Ranier an sliabh is airde i stát Washington: tá sé 14,411 troigh ar airde, nó 4,393 méadar.

Cnoic Palouse, taobh thiar theas de Walla Walla. Dumhcha siolta iad a cruthaíodh sna hoighearaoiseanna.

Stair[athraigh | edit source]

I Washington a fuarthas cnámha Kennewick Man, ceann de na creatlaigh is sine agus is iomláine dár thángthas riamh uirthi i Meiriceá Thuaidh.[1] Bhí na cuaillí tótam, mascanna agus curaigh ag Indiaigh Washington snoite go hornáideach, cosúil leis na cinn ag na treibheanna níos faide ó thuaidh, sa Cholóim Bhriotanach. Bhí iascaireacht an bhradáin tábhachtach i saol na Meiriceánach bundúchasach, agus seilg na míolta móra i measc na Makah. Bhí slí bheatha dhifriúil ag na pobail intíre, í bunaithe ag an tsealgaireacht, cnuasach bia agus beagán curadóireachta. Bhraith siad freisin ar bhradáin ón Abhainn Columbia agus ó na craobh-aibhneacha. I mí Eanáir na bliana 1700 bhuail Crith Talún Cascadia iarthar Washington; rinne an súnámaí mór a tháinig i ndiaidh an chrith talún an-treascairt ar an gcósta agus ar na daoine a bhí ina gcónaí ann. Rinne ráig chalair na 1770idí an-scrios ar na hIndiaigh.

Chuir na Spáinnigh taiscéalaithe feadh an chósta thiar de Mheiriceá Thuaidh san dara leath den 17ú haois. Bhí trádálaithe fionnaidh ón Rúis curtha fúthu in Alasca, agus bhí na Spáinnigh ag iarraidh cósta thiar Mheiriceá Thuaidh a éileamh dóibh féin sula mbeadh seans ag na Rúisigh seilbh a ghlacadh ar na bólaí sin rompu. Ba iad beirt Spáinneach, Bruno Heceta agus Juan Francisco de la Bodega y Quadra, mar sin na chéad Eorpaigh dár leag cos ar chósta Washington.

Gaisteoir fionnaidh sa 19ú haois i gceantar Mount Saint Helens

Ní raibh sé i bhfad áfach gur bhain na Sasanaigh cósta thiar thuaidh Mheiriceá Thuaidh amach freisin, agus na Meiriceánaigh ar a sála. Tháinig an Captaen James Cook, taiscéalaí Sasanach cáiliúil, sa bhliain 1778, ach mar gheall ar an drochaimsir a bhí ann, ní dheachaigh sé i dtír. Tháinig Sasanach eile, George Vancouver, sa bhliain 1792, agus rinne sé suirbhéireacht ar Shunda Puget agus ar Mhurascaill Georgia. Chuir comhlacht i mBostún an Captaen Robert Gray chuig Washington le trádáil ar son fionnadh. Bhain sé béal Abhann na Columbia amach sa bhliain 1792 agus as sin a d'éiligh na Stáit Aontaithe teideal ar an réigiún den chéad uair. Bunús an dara héileamh Meiriceánach air ná an tsluaíocht Lewis agus Clark. Thrasnaigh siad seo na Sléibhte Creagacha sa bhliain 1805 agus lean siad an Abhainn Snake siar go dtí an cósta. Threisigh na Briotanaigh, áfach, a n-éileamh acusan ar an réigiún idir 1807 agus 1811 mar gheall ar an taiscéalaíocht a rinne David Thompson, Ceanadach, ann.

Chuir na Briotanaigh agus na Meiriceánaigh lonnaíochtaí ar siúl, mar shampla Spokane House, bunaithe ag an North West Company in oirthear Washington sa bhliain 1810, agus Fort Okanogan, bunaithe ag comhlacht John Jacob Astor, an bhliain ina dhiaidh sin. Trádáil i bhfionnaidh a bhí i gceist sa dá chás. Ní raibh an dá thír ábalta teorainn a shocrú sa limistéir taobh thiar de na Sléibhte Creagacha, ach sa bhliain 1818 síníodh conradh eatarthu (Conbhinsiún Angla-Mheireacánach na bliana 1818), a thug cead do shaoránaigh Bhriotanacha agus Mheiriceánacha araon a bheith gníomhúil ann. Críoch Oregon an t-ainm a bhí ar an limistéir úd. D'éirigh an Spáinn as a cearta sa réigiún sa bhliain 1819.

Mhair an comhrialú Angla-Mheiriceánach seo ar feadh tamaill fhada ach níor éirigh leis an dá thír teorainn a shocrú. Cnámh spairne cheart a bhí ann sa deireadh—[Domhanleithead] "50-40 nó troid!" an sluán a bhí ag daoine sna Stáit Aontaithe, rud a d'fhágfadh an teorainn beagnach chomh fada ó thuaidh le hAlasca. Rinne na Briotanaigh iarracht a gcoilínigh féin a chur fúthu san iarthuaisceart, fiú san áit ina bhfuil Washington anois. Ar 15 Meitheamh 1846 ghlac an Bhreatain Mhór agus na Stáit Aontaithe le domhanleithead 49 mar an teorainn idirnáisiúnta.

Yesler Way, Seattle, 1887

D'iarr na lonnaitheoirí i dtuaisceart Chríoch Oregon ar an rialtas feidearálach a gcríoch féin a bheith acu agus rinneadh amhlaidh sa bhliain 1853. Washington a baisteadh ar an gcríoch nua. Bhí tuaisceart Idaho agus codanna d'iarthar Montana mar chuid de Chríoch Washington freisin. Níor ghlac an chríoch páirt i gCogadh Cathartha na Stát Aontaithe sna 1860idí. Ar 11 Samhain 1889 glacadh Washington mar an 42ú stát.

Bailte agus cathracha[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Stáit Aontaithe Mheiriceá Bratach
Stáit: Alabama | Alasca | Arizona | Arkansas | California | Carolina Theas | Carolina Thuaidh | Colorado | Connecticut | Dakota Theas | Dakota Thuaidh | Delaware | Florida | Georgia | Haváí | Idaho | Illinois | Indiana | Iowa | Kansas | Kentucky | Louisiana | Maine | Maryland | Massachusetts | Michigan | Minnesota | Mississippi | Missouri | Montana | Nebraska | Nevada | New Hampshire | New Jersey | Nua-Mheicsiceo | Nua-Eabhrac | Ohio | Oklahoma | Oregon | Pennsylvania | Oileán Rhode | Tennessee | Texas | Utah | Vermont | Virginia | Virginia Thiar | Washington | Wisconsin | Wyoming