An Úcráinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

(Athsheolta ó Úcráinis)
Úcráinis (українська мова ukrayins'ka mova)
Á labhairt: An Úcráin, an Rúis, an Rómáin, an Chasacstáin, an Bhrasaíl, Ceanada agus tíortha eile.
Réigiún: Oirthear na hEorpa
Cainteoirí san Iomlán: 39.4 milliún mar phríomhtheanga
Rang: 26
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais
 Balta-Shlavais
  Slavais
   Slavais Oirthearach
    Úcráinis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Úcráin, Transnistria
Foras Pleanála Teanga: Національна академія наук України Natsional’na akademiya nauk Ukrayiny (Acadamh Náisiúnta Léinn agus Eolaíochta na hÚcráine)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 uk
ISO 639-2 ukr
ISO 639-3 ukr
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Teanga Shlavach Oirthearach is ea í an Úcráinis a labhraítear go coitianta san Úcráin agus mar theanga mhionlaigh sna tíortha atá ag críochantaíocht leis an Úcráin. Tá pobail mhóra Úcránacha i dtíortha an Bhéarla chomh maith, go háirithe i gCeanada. Glactar leis go bhfuil Úcráinis ag timpeall is 40 milliún duine. Úsáidtear an aibítir Choireallach leis an Úcráinis a scríobh, ach tá litreacha áirithe in úsáid san Úcráinis nach bhfuil le fáil in aibítir na Rúisise - є, і, ї, ґ.

Tá trí phríomhchanúint ann, mar atá, an ceann tuaisceartach, atá níos cosúla leis an mBealarúisis, an ceann iardheisceartach, agus é tar éis cuid mhór focail iasachta a fháil ón bPolainnis, agus an ceann oirdheisceartach, atá níos cosúla leis an Rúisis ná an bheirt eile acu. Is í canúint an oirthir a bhí mar dhúshraith leis an gcaighdeán oifigiúil i laethanta an Aontais Shóivéadaigh, ach tá traidisiún liteartha dá cuid féin ag an gcanúint iartharach, ós rud é go raibh iardheisceart an limistéir ina labhraítear an teanga dealaithe ón Úcráin Shóivéadach sna blianta idirchogaidh, agus é curtha leis an bPolainn. Inniu, is é iarthar na hÚcráine an chuid den tír is láidire ó thaobh na teanga dúchasaí de, agus creidtear go mbeidh an caighdeán liteartha ag éirí níos cosúla leis an gcanúint iartharach de réir mar atá an teanga ag teacht chuici féin i ndiaidh bhlianta an tSóivéadachais.

Fógra sa mheitreo i gCív as Úcráinis


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí