Tennessee
|
|||||
| Leasainm: An Stát Deonach (The Volunteer State) | |||||
| Príomhchathair | Nashville | ||||
| An chathair is mó | Memphis | ||||
| Gobharnóir | Bill Haslam (D) | ||||
| Teangacha oifigiúla | Béarla | ||||
| Achar | 109,247 km² (36ú) | ||||
| - Talamh | 106,846 km² | ||||
| - Uisce | 41,243 km² (2.2%) | ||||
| Daonra (2010) | |||||
| - Daonra | 6,346,105 (17ú) | ||||
| - Dlús daonra | 59.4 /km² (19ú) | ||||
| Iontráil san Aontas | |||||
| - Dáta | 1 Meitheamh 1796 | ||||
| - Ord | 16ú | ||||
| Crios ama | Eastern: UTC -5/-4 (Oirthear TN) Central: UTC-6/-5 (Lár agus Iarthar TN) |
||||
| Domhanleithead | 35°N to 36°41'N | ||||
| Domhanfhad | 81°37'W to 90°28'W | ||||
| Leithead | 195 km | ||||
| Fad | 710 km | ||||
| Airde | |||||
| - An airde is mó | 2,026 m | ||||
| - Meánairde | 280 m | ||||
| - An airde is lú | 54 m | ||||
| Giorrúcháin | TN, TN US-TN | ||||
| Láithreán Gréasáin | www.tennessee.gov | ||||
Is stát de chuid na Stát Aontaithe é Tennessee, agus é suite in oirdheisceart na tíre. Tugtar "An Stát Deonach" (The Volunteer State) ar Tennessee, in aitheantas do na hóglaigh líonmhara ón stát seo a ghlac páirt i gcogadh na bliana 1812. Is í Nashville príomhchathair an stáit seo, ach is í Memphis an chathair is mó.
Tá teorainneacha ag Tennessee le hocht stát eile; Kentucky, Virginia, Carolina Thuaidh, Georgia, Alabama, Mississippi, Arkansas agus Missouri. Tá aeráid fhliuch fho-theochriosach sa chuid is mó den stát, diomaite de na garbhchríocha sléibhtiúla, a bhfuil aeráid fhliuch ilchríochach iontu. Go ginearálta, bíonn an samhradh te bruite, agus an geimhreadh lán fearthainne. Ní bhíonn na hairicíní le mothú ach go fánach i dTennessee, ós rud é nach bhfuil an cósta chomh cóngarach sin don stát, ach ní hionann sin is a rá nach mbíonn an toirneach dona go leor go minic. Maraítear níos mó daoine chuile bhliain de bharr tornádónna i dTennessee ná in aon stát eile sna Stáit Aontaithe.
Clár ábhair |
Bailte i Tennessee [athraigh]
Oideachas [athraigh]
Coláistí agus Ollscoilte [athraigh]
Lúthchleasaíocht [athraigh]
Foirne Gairmiúla [athraigh]
Naisc sheachtracha [athraigh]
| Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
|---|---|---|---|
|
|||
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
