Loch Champlain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Loch Champlain agus na Sléibhte Adirondack, i Stát Nua-Eabhrac. Radharc ó Burlington, Vermont

Loch nádúrtha fionnuisce i Meiriceá Thuaidh is ea Loch Champlain (Béarla: Lake Champlain, Fraincis: lac Champlain). Tá an chuid is mó den loch suite i stáit Nua-Eabhrac agus Vermont sna Stáit Aontaithe, ach tá an chuid is faide chun tuaiscirt i gCúige Québec i gCeanada. Tá an loch ainmnithe i ndiaidh Samuel de Champlain, an taiscéalaí Francach a tháinig ar an loch sa bhliain 1609.

Geolaíocht[athraigh | edit source]

Tá Loch Champlain 1,269 ciliméadar cearnach (490 míle cearnach) d’achar. Tá sí amuigh is istigh ar 201 km (125 míle) ar fad agus 23 km (14 míle) trasna ag an bpointe is leithne. 400 troigh (120 méadar) an pointe is doimhne sa loch. Tá an loch idir 95 agus 100 troigh (29 go 30 m) os cionn meánleibhéal na farraige, ag brath ar an séasúr.

Téann stair na locha 20,000 bliain siar go deireadh na hoighearaoise dearanaí. Tá Loch Champlain suite i nGleann Champlain, agus é seo á thaoscadh ag an loch. Taoscann an Abhainn Richelieu an loch féin ó thuaidh isteach san Abhainn Saint Lawrence. Is cuid den Ghleann Mór Apaláiseach é Gleann Champlain, a shíneann ó Alabama san iardheisceart go Gleann na Saint Lawrence.