Mac tíre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mac tíre
Canis lupus 265b.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Mammalia
Ord: Carnivora
Fine: Canidae
Géineas: Canis
Speiceas: C. lupus
Ainm déthéarmach
Canis lupus
Linnaeus, 1758

Is é an mac tíre nó an faolchú liath an t-ainmhí fiáin is mó san fhine úd Canidae, is é sin, fine na gcúnna. De réir an taighde a rinneadh ar an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach i gcillíní na bhfaolchúnna, is ionann bunús an mhic thíre agus an mhadra cheansaí ó thús. Aithnítear roinnt fospeiceas, ach níl na bitheolaithe ar aon fhocal faoi líon ná faoi roinnt cheart na bhfospeiceas. Go bunúsach, glactar leis go mbíonn na mic thíre ina gcreachadóirí ardleibhéil ina gcuid éiceachóras, is é sin, ní bhíonn aon chreachadóir ag marú mic thíre le hiad a ithe. Níl siad chomh hoiriúnaitheach leis na cúnna eile, ach mar sin féin, bíonn siad in ann déanamh as dóibh féin ina lán timpeallachtaí éagsúla, idir choill, fhásach, shléibhte, thundra, taiga, fhéarthailte, agus fiú imeall na cathrach.

Bhí na faolchúnna flúirseach go maith ar fud na hEoráise agus Mheiriceá Thuaidh, tráth, ach d'imigh sin agus tháinig seo: níl ach iarsmaí beaga dá sheanghnáthóg fágtha ag an mac tíre inniu. Is é is cúis leis seo ná an cúngú a rinne an duine isteach ar a ghnáthóg agus na feachtais léirscriosta a cuireadh ar an mac tíre go forleathan, agus na daoine barúlach go raibh an mac tíre dainséarach dóibh féin, go háirithe do na páistí. Mar sin féin, is é breithiúnas an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) i gcónaí nach bhfuil an faolchú liath, mar speiceas, faoi bhagairt ar bith. Bítear ag marú na mac tíre ina lán áiteanna inniu féin, ar mhaithe leis an spórt nó leis na páistí a chosaint orthu, ach ón taobh eile de, tá siad faoi chosaint an dlí in áiteanna eile.

Bíonn na mic thíre, de ghnáth, 0.6 - 0.9 méadar ar airde, 1.3 - 2 méadar ar fad, agus 30 - 40 cileagram ar mheáchan. Na cinn ba mhó a maraíodh sa tSibéir agus i Meiriceá, bhí siad timpeall ar 80 cileagram. Tá an baineannach 20 % níos lú ná an fireannach. Bíonn na baineannaigh níos cúinge sa soc agus san éadan freisin, agus a gcuid cos níos giorra ná ag na fireannaigh.

Tá an mac tíre in ann taisteal fada a dhéanamh. Bíonn sé ag cur thart ar dheich gciliméadar de in aghaidh uair an chloig nuair a bhíonn sé ag déanamh fánaíochta, ach má theastaíonn uaidh creach a mharú, is féidir leis luas 65 chiliméadar in aghaidh uair an chloig a shroicheadh. Tá lapaí an mhic thíre an-oiriúnach dá lán cineálacha tír-raoin, agus is ainmhí méarshiúlach é, is é sin, ainmhí atá ag dul ar a bharraicíní - ní chuireann sé iomlán a shála ar an talamh. Cabhraíonn sin leis an mac tíre an meáchan a leathadh go cothrom ar an sneachta, ach go háirithe.

Bíonn dath an chlúimh éagsúil go maith - liath, rua, donn nó dubh, bain do rogha astu - agus níl sé as an ngnáth teacht ar phobal mac tíre a bhfuil na dathanna seo go léir le fáil ina measc, cé go mbíonn pobail aondathacha ann chomh maith - pobail bhána nó dhubha, de ghnáth. Bíonn na faolchúnna dubha coitianta go maith i Meiriceá agus san Iodáil, agus iad sách tearc sna tíortha eile.

Déanann na mic thíre a gcúpláil sa chéad tríú cuid den bhliain, ó Eanáir go hAibreán. Sna domhanleithid arda is deireanaí a chúplálann siad. Maireann an baineannach ag iompar clainne ar feadh trí scór lá, agus bíonn cúig nó sé choileán san ál tipiciúil.