Tinneas cinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cráphian os cionn boghta an chloiginn, na n-uisinní nó cúl an chinn, de ghnáth scaipthe is locáilte go garbh. Den chuid is mó is beagthábhachtach an cás é, agus freagraíonn sé d'anailgéisigh shimplí, cosúil le haspairín. Ach ó am go chéile comharthaíonn tinneas cinn galar trom incráiniach cosúil le rith fola, meiningíteas nó siad. Ní bhraitheann an inchinn brú nó fórsa, agus is amhlaidh a tharlaíonn tinneas cinn de bharr síneadh nó díchumadh na scannán mórthimpeall ar an inchinn, ó theannas na matán ar an gcloigeann, nó leathadh fuileadán le méadú in imshruthú na fola, mar a tharlaíonn i bhfiabhrais ghinearálta nó ró-ól alcóil.