Aspairín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aigéad aicéitiolsalaicileach, druga a úsáidtear go forleathan agus atá éifeachtach mar chóireáil ar chuid mhaith cineálacha mionphéine (tinneas cinn, míostrú, néarailge), athlasadh (mar shampla, i ngalar réamatóideach) agus fiabhras. Fuarthas amach le déanaí go gcuireann sí bac ar théachtadh na fola, agus mar sin go gcabhróidh sí le tarlú trombóise corónaí is ceirbrí a laghdú. Baineadh feidhm as coirt na sailí is plandaí áirithe eile leis na céadta bliain mar leigheas ar fhiabhras creathach. Is é an comhábhar gníomhach sa choirt seo ná sailicin, réamhtheachtaire ceimiceach aspairín. Shintéisigh an ceimicí Gearmánach Felix Hoffman (1868-1946) aspairín den chéad uair, agus thug an cógaseolaí Gearmánach Heinrich Dreser (1860-1924) isteach sa mhíochaine é den chéad uair i 1899. Tarlaíonn na hiarmhairtí leighis mar gheall ar a cumas sintéisiú prostaglaindiní (ceimiceáin atá gníomhach go bitheolaíoch, a fhaightear ar fud na colainne) a chosc. Fo-iarmhairt a fhéadfaidh a bheith ar ionghabháil iomarcach aspairín is ea cur fola gastrach.

Ról san Ailse[athraigh | edit source]

Is cosúil go bhfuil ról ag an aspairín i gcosc na hailse colaireictí dóibh siúd a ghlacann dáileog 75mg sa lá, ach is cosúil, leis, nach gcuireann sé le fad saoil an dreama sin a bhfuil ailse cholareicteach orthu cheana féin tar éis don diagnóis tarlú. [1]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Low-Dose Aspirin Use After Diagnosis of Colorectal Cancer Does Not Increase Survival: A Case–Control Analysis of a Population-Based Cohort Gastroenterology 2014;146:700–708 Gaeilge: Ní Chuireann Aspairín Ísealdáileoige Tar Éis Dhiagnóis Ailse Cholaireicteach le Fadsaoil: Anailís Cás-Rialaithe ar Chohórt Daonrabhunaithe