Prostaglaindiní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann aigéad sailleach neamhsháithithe a tháirgtear i ngach fíochán sa cholainn, beagnach, mar fhreagairt ar spreagthaí áirithe. Díorthaítear iad den chuid is mó ón aigéad araicideonach, a bhíonn i láthair sa phlasmascannán, agus is dócha go bhfeidhmíonn siad go háitiúil gar d'ionad a dtáirgthe. Níl a ról fiseolaíoch soiléir, ach bíonn feidhm acu i mbriseadh an corpus luteum, feidhmiú na bpláitíní, seachaint nádúrtha othras, agus an próiseas athlasta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Prostaglaindiní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 540.