Galar croí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar sa chroí nó na fuileadáin ghaolmhara. Cúis an-suntasach báis i ngach tír, bíodh is go n-athraíonn an patrún ó thír go tír. Mar shampla, bíonn galar croí corónach níos coitianta san iarthar ná sa tSeapáin. Is annamh galar croí réamatach in Éirinn is an Bhreatain anois, ach tá sé an-choitianta san India is an meánoirthear. Aon rud a chuireann isteach ar fheidhmiú an chroí mar chaidéal, cuireann sé tús leis na bunsiomtóim, giorra anála is coinneáil sreabháin (éidéime), agus is féidir go dtarlóidh pamparnach, pian sa chliabhrach, is fanntais lena chois seo.