Fuileadáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFuileadáin
Sonraí
Laidinvas sanguineum
Cuid decóras imsruthaithe
Aitheantóirí
MeSHD001808
TAA12.0.00.001
FMA63183 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/blood-vessel
Téarmaíocht anatamaíoch


Córas iata feadán lena sreabhann an fhuil trí fhíocháin uile na colainne, a chuimsíonn na hartairí, na hartairíní, na ribeadáin, na féitheoigíní, agus na féitheacha. Go ginearálta, iompraíonn na hartairí is na hartairíní fuil ocsaiginithe don cholainn ón taobh clé den chroí, agus iompraíonn na féitheoigíní is na féitheacha fuil dhí-ocsaiginithe ar ais don taobh deas den chroí. Iompraíonn na hartairí scamhógacha fuil dhí-ocsaiginithe do na scamhóga ón taobh deas den chroí, agus iompraíonn na féitheacha scamhógacha fuil ocsaiginithe don taobh clé den chroí. Tarlaíonn malartú gásach (malartú na hocsaigine is an ocsaíd charbóin) agus ábhair cothaithe idir an fhuil is fíocháin na colainne sna ribeadáin. I measc neamhoird an chóras imshruthaithe tá ainéaras, eambólas, rith fola, agus trombóis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuileadáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 294.