Taicéacairde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ráta mínormálta ard buailte an chroí. Is féidir go dtarlóidh sí trí ghnáthphróiseas fiseolaíoch, cosúil le haclaíocht nó ionghabháil drugaí mar chaiféinamfataimín, nó neamhord ginearálta, cosúil le hionfhabhtú géar nó hipirtíoróideacht. Is féidir go dtarlóidh sí de bharr neamhord croí ar leith a réabann na gnáthbhealaí leictreacha i matáin an chroí, agus féadfaidh bualadh an chroí a bheith neamhrialta ansin. Má bhíonn an ráta buailte an-ard, ní bhíonn am a dhóthain chun na seomraí a líonadh le fuil idir na buailtí, ní chaidéalaíonn an croí dóthain fola le gach bualadh, agus tarlaíonn cliseadh croí.