Ionfhabhtú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionsaí a dhéanann miocrorgánaigh ar an gcolainn, áit a n-atáirgeann siad chun galair a chur ar bun. Is paitigineach na horgánaigh seo. Is féidir le horgánaigh phaitigineacha ar leith a bheith i láthair ar an gcraiceann nó cuid eile de dhuine gan galar a chur ar bun. Sa chás sin, is iompróir de chuid an orgánaigh an duine sin. Tosaíonn an t-ionfhabhtú nuair a théann an miocrorgánach isteach ag ionad ar leith, cosúil leis na céislíní, an craiceann, an ducht riospráide, nó an ducht fuail. I ndiaidh don mhiocrorgánach fáil isteach mar seo, bíonn duine ar fónamh ar feadh tréimhse agus an miocrorgánach ag atáirgeadh (an tréimhse goir). Is féidir leis na miocrorgánaigh an galar a chur ar siúl ar bhonn áitiúil, nó scaipthe i bhfíocháin is orgáin ar fud na colainne, cosúil le cistíteas (sa lamhnán), niúmóine (sna scamhóga), agus heipitíteas (san ae).