Hipirtíoróideacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarHipirtíoróideacht
cuir in eagar
Cineálgalar tíoróideach agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisinchríneolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
Cúis ghéiniteachTSHR Cuir in eagar ar Wikidata
Buaileann séfaireog thíoróideach Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10E05.9 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9242.90 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPT85 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM603373 agus 609152 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB6348 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000356 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine121865 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKhyperthyroidism Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD006980 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0020550 agus C0020550 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:7998 Cuir in eagar ar Wikidata

Staid ghalrach is ea an hipirtíoróideacht[1] a tharlaíonn de dheasca na faireoige tíoróidí a bheith ró-ghníomhach agus bíonn ró-tháirgeacht ann den shaor-hormón tíorocsaín (T4) agus/nó trí-iadaitíoróinín (T3), in imshruthú na fola.

Trí-iadaitíoróinín (T3)

Bíonn na hormóin thíoróideacha tábhachtach ag leibhéil na gceall agus bíonn tionchar acu ar bheagnach gach fíochán sa cholainn.

Feidhmíonn na hormóin mar ghníomhaíocht mheitibileacht na colainne agus tá siad criticiúil i gcomhair gnáth-fheidhme sna cealla a rialú. Nuair atá barraíocht hormón ann, is cúis leis róghníomhaíocht mheitibileachta na colainne agus faightear na comharthaí seo a leanas; seirge sna matáin, ainglis sa mhuineál agus bolgshúileacht srl. Má tá easpa fíocháin tíoróidigh ag feidhmiú mar is cuí, bíonn leibhéal an hormóin íseal agus is cúis leis an galar Hipotíoróideacht

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn méid áirithe galar nuair atá feidhmiú an fhíocháin tíoróidigh róghníomhaíocht agus barraíocht an hormóin tíoróidigh in imshruthú na fola.

Seo a leanas liosta na bpríomhghalar:

Is féidir le chúiseanna eile tús a chur le Hipirtíorocsaínemacht (nó ardleibhéal an hormóin tíoróideaigh san fhuil):

  • Tíoródíteas nó athlasadh tíoróidigh.
  • Is féidir an iomarca táibléad den hormón tíoróidigh a chaitheamh de bhéal.
  • Tá an druga 'Amiodarone'(atá anti-arrhythmic), le struchtúr cosúil le tíorocsaín, in ann gníomhaíocht an tíoróidigh a mhéadú nó a ísliú.
  • Tarlaíonn Tíoródíteas postpartum (TPP) i 7% de bhan, le linn na bliana tar éis breith linbh.

Go tipiciúil, bíonn céimeanna éagsúla ag TPP, agus is í hipirtíoróideacht a thagann ar dtús. Go hiondúil, ní fhanann an saghas hipirtíoróideachta seo ach ar feadh cúpla seachtain nó míosa agus ní bhíonn gá le chóireáil liachta.

Comharthaí agus airí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas príomh-airíonna cliniciúil an duine;

  • Neamhoird ghastraistéigeacha: Cailliúint meáchain, hípearfaige (méadú goile atá neamhghnách), míchompord stéige, buinneach, masmas agus urlacan.
  • Craiceann agus gruaig: Diafoiréis (ró-allas), teas éadulaingthe, gruaig mhín shobhriste agus a lí méadaithe.
  • Néarmhatánach: Tuirse, laige matáin, crith caolchúiseach,
  • Cardashoithíoch: Taicéacairde (mear-ráta croí), pamparnach (preabadh croí), hipirtheannas siostólach, disnia (tocht anála)
  • Síceolaíoch: Imníoch, neirbhíseach, greannaitheacht, easuan agus dúiseacht go luath, fadhbanna ag díriú aigne, leibhéal tairsí struis íslithe.
  • Gnéasach/atáirgeach:Míostrú in easnamh, laghdú ar mhiangas/libídeo.
  • Fianaise súl:Easoftailme nó bolgshúilí, dioplóipe (amharc dúbailte), íorpais nó carnaithe sreabháin timpeall na súl), tonn na súile (Béarla: conjunctiva) ag éirí dearg.

Bíonn siomptóim tipiciúil an ghalair seo athraitheach, toisc go mbraitheann siad ar an duine atá ag fulaing agus an méid ama a bhí an galar aige/aici, éibhlóid an ghalair agus cé chomh luath is a bhí an galar aimsithe srl. Ní fhulaingíonn tromlach na n-othar aosta ach tuirse agus cailliúint meáchain agus is é an toradh atá ar ná hipirtíoróideacht fuarchúiseach. Tarlaíonn moilliú in aibiú cnámh leanaí agus dá réir sin, bíonn claonadh acu bheith beag in airde. Aithnítear go bhfuil gaol idir an galar hipirtíoróideacht agus an galar géar-mhiaistéine (nó myasthenia gravis). Tá an galar hipotíoróideacht, sa riocht sláinteachas seo ina ghalar uath-imdhíonachta ó nádúr agus bíonn hipotíoróideacht freisin ag amuigh agus istigh ar 5% na n-othar a fhulaingíonn géar-mhiaistéine.

Is annamh a thagann biseach ar othair le géar-mhiaistéine, tar éis dóibh cóireáil thíoróideach a fháil agus níl tuiscint rómhaith againn ar an ngaol idir na galair seo.

Seo a leanas roinnt galar an-annamh a thaispeánann airí néareolaíocha ach bíonn amhras ann faoin a gcomhpháirteach le hipirtíoróideacht: hipirtheannas ionchráiniach ideapaiteach, scléaróis aimiotriófach chliathánach agus galair le dealramh an siondróim Guillain-Barré acu.

Diagnóisiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar galar sa tíoróideach a dhiagnóisiú le tástáil fola do na leibhéil T4 agus T3 atá san fhuil a fháil amach. Déantar íomháú ar an bhfaireog ar nós scanadh ultrafhuaime le méid is cruth na faireoige a fhiosrú. Déantar bithóipse chomh maith, ach go háirithe i gcásanna ailse. Breathnóidh paiteolaí ar an sampla fíocháin seo.

Cóir Leighis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thaobh cóir leighis tugtar cógas do dhaoine leis an oiread hormón a scaoiltear a laghdú de réir mar is gá. Téitear i muinín na máinliachta nuair a bhíonn an fhaireog rómhór. Chomh maith is féidir radaíocht a úsáid leis an bhfaireog a scrios má tá sé rómhór.

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “hipirtíoróideacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-17.