Fiabhras réamatach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar coiteann páistí is déagóirí san Afraic is an Áise, a éiríonn as frithghníomh imdhíonach d'ionfhabhtú roimh ré le cineál áirithe streipteacocas, cosúil le fiabhras dearg. Buaileann fiabhras an páiste, airtríteas eitleach (an phian is an t-at ag gluaiseacht ó alt go halt) agus athlasadh an chroí (cairdíteas). Is annamh a leanann míchuma bhuan airtríteas seo na n-alt, ach is féidir go gcuirfidh galar trom réamatach an chroí tús le hathchumadh, caolú is éagumas buan ar chomhlaí an chroí.