Téachtadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cneá stollta

Is éard is téachtadh ann ná próiseas an-chasta trína téachtann fuil agus ina gcruthaítear téachtáin fola. Is cuid thábhachtach é den haemastáis, ina scoirtear an chaillteanais fola ó shoitheach fola a bhíonn damáiste, nuair a chumhdaítear balla an tsoithigh damáiste le pláitíní agus fibrin inthuslagtha chun stop a chur leis an bhfuiliú agus tús a chur leis an soitheach a dheisiú.

Is féidir baol méadaithe fuiliú (rith fola) nó téachtadh bacúil (trombóis) bheith ina thoradh ar neamhoird téachta.

Bíonn an téachtadh ardchaomhnaithe ar fud na bitheolaíochta; i ngach mamach, agus baineann sé le chomhphárt cheallach (pláitín) agus [próitéin|phróitéineach]] (fachtóir téachta fola) araon. Bhí an taighde is mó déanta ar an gcóras i ndaoine agus dá réir sin tá an tuiscint is fearr againn air dá bhrí sin.

Tosaíonn an téachtadh díreach tar éis gortú an tsoithigh fola, má déantar damáiste do líneáil intéiliach an tsoithigh. Cuireann teagmháil na fola le fhíochán gortaithe, ar nós mar shampla, fachtóir fíochánach, tús le hathruithe ar phláitíní fola agus ar an phlasmaphróitéin fibrinigin, fachtóir téachta fola. Déanann na pláitíní plocóid láithreach ag suíomh na díobhála; tugtar haemastáis phríomhúil ar seo. Tarlaíonn haemastáis thánaisteach ag an am céanna: freagraíonn próitéiní sa bhfuilphlasma, ar a dtugtar fachtóirí téachta, i gcascáid chasta chun snáitheanna fibrin a dhéanamh, a neartaíonn an téachtán fola.

Fiseolaíocht[athraigh | edit source]

Gníomhachtú pláitíní[athraigh | edit source]

Nochtann damáiste do bhallaí an fhuileadáin próitéiní an tsubendotheliam, go háirithe an fachtóir von Willebrand(FvW), a bhíonn i láthair faoin t-intéiliam. Is próitéin é FvW a thallann intéiliam sláintiúil, agus déantar ciseal idir an t-intéiliam agus an scannán bunaidh faoi. Má ghearrtar an t-intéiliam, nochtar an FvW, a bhíonn ar leithlis de ghnáth, agus teagmhaíonn an FvW le fuilchealla bána, collaigin, Fachtóir VIII agus fachtóirí téachtadh eile. Ceanglaíonn pláitíní imshruthaitheacha leis an collaigin, trí Ia/IIa dromgabhdóirí gur gliceapróitéin collaigin-oiriúnaithe iad agus a bhíonn collaigin-shainiúil. Neartaíonn FvW próitéiní imshruthaitheacha eile an greamán seo a thuilleadh, agus bíonn naisc breise déanta idir an Ib/IX/V gliceapróitéin agus na fibrilí collaigine. Gníomhachtaíonn na greamáin na pláitíní.

An chascáid théachtadh[athraigh | edit source]

conair fhachtóirí téachta (eistreach)[athraigh | edit source]

conair ghníomhachtú teagmhála (intreach)[athraigh | edit source]

conair dheireanach choitianta[athraigh | edit source]

Comhfhachtóirí[athraigh | edit source]

Rialtóirí[athraigh | edit source]

Fibrinealú[athraigh | edit source]

Ról sa chóras imdhíonachta[athraigh | edit source]

Tástáil téachta[athraigh | edit source]

Ról i ngalar[athraigh | edit source]

Neamhoird pláitíní[athraigh | edit source]

Galar agus suntasacht chliniciúil na trombóise[athraigh | edit source]

Cógaseolaíocht[athraigh | edit source]

Pró-théachtaigh[athraigh | edit source]

Antaithéachtaigh[athraigh | edit source]