Meiningíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Buaileann an galar seo daoine óga de bharr galrú le vírisbaictéir. Is marfaí ar fad an galrú le baictéir ná an galrú le víris. Bíonn baictéir éagsúla ciontach as. Sa tír seo mhéadaigh an líon cásanna de mheiningíteas baictéir ó 131 i 1990 go dtí 241 i 1995 agus 380 i 1996. Sa bhliain sin bhuail an galar 6.9 duine as gach 100,000 den daonra, i gcomparáid le 3 as gach 100,000 sa Bhreatain. Tógann na trialacha diagnóise an-chuid uaireanta an chloig, rófhada d'othair óga. Ó am go chéile faigheann páiste óg bás taobh istigh de 12 uair i ndiaidh tús na siomtóm: urlacan, teocht ard, tinneas géar cinn, dolúbthacht muiníl, col le solas geal (fótafóibe), codlatacht, taomanna, is cóma. Tá an-iarracht ar siúl triail nua á fhorbairt chun an diagnóis a bhrostú. Tógtar sampla fola ón othar, agus measctar páirteagail an-bheaga laitéise, atá clúdaithe le hantashubstaintí meiningítis, ann. Bíonn antashubstantaí éagsúla in úsáid ar shamplaí éagsúla fola. Má bhíonn meiningíteas baictéir sa bhfuil, imoibríonn an hantashubstaintí leis an antaigin chuí sna baictéir, fiú má tá frithbheathaigh tógtha ag an othar. Greamaíonn na páirteagail laitíse a bhfuil antaigin orthu le chéile. Úsáidtear tonn ultrafhuaime a sheoltar tríd an sampla fola chun an greamú is an teacht le chéile seo a dheifriú. Muna mbíonn aon antaigin sa bhfuil, ní tharlaíonn aon teacht le chéile. Leis an triail seo, tá dóchas ann gur féidir an saghas meiningítis a aithint taobh istigh de nóiméid. Chuirfeadh sé seo le héifeacht na gcóracha míochaine agus laghdódh marfacht an ghalair.