Antaibheathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le hantaibheathach (ón tSean-Ghréigis ντί – anti, "frith", and βίος – bios, "beatha") (nó frithbheathach uaireanta ) ná druga a mharaíonn nó a chuireann bac ar fhás na mbaictéar. Tá tábhacht ar leith ag baint leo sa leigheas. Is iomaí antaibheathach atá in úsáid sa lá atá inniu ann, mar shampla peinicillin, vancomycin, gentamicin.

Chum Selman Waksman an téarma "antaibheathach" sa bhliain 1942 le cur síos a dhéanamh ar aon ábhar a chruthaíonn miocrorgánach a chuireann i gcoinne fhás aon mhicrea-orgánaigh eile nuair a bhíonn caolúchán ard de ann. Níor chuir an sainmhíniú bunaidh substaintí arbh ann dóibh go nádúrtha is a mharaigh baictéir ach nár tháirg miocorgánaigh iad san áireamh(súlach gastrach agus sárocsaíd hidrigine mar shamplaí) agus níor chuir sé cumaisc shintéiseacha fhrithbhaictéaracha san áireamh ach oiread, leithéidí na sulfónaimídí. Is iomaí antaibheathach ar mhóilíní beaga iad a bhfuil meáchan móilíneach níos lú ná 2000 aonad maise admhaí acu. Agus Ceimic an Leighis ag feabhsú i gcónaí, tá an chuid is mó de na hantaibheathaigh anois ina cumaisc ar rinneadh modhnú ceimiceach leath-shintéiseach orthu, le hiad a athrú ó na bunábhair ar féidir teacht orthu go nádúrtha, is amhlaidh an cás leis na béite-lactaim(áirítear na penicilliní, a tháirgeann fungais de chuid na fine Penicillium, na ceifileaspóiriní agus na carbaipeineimí sa ghrúpa seo). Déantar roinnt antaibheathach a tháirgeadh is a aonrú ó orgánaigh bheo, ar nós na n-aimínighliocóisídí, agus cruthaíodh roinnt eile fós trí bhealaí iomlán sintéiseacha: na sulfónaimídí, na cuinealóin, agus na ocsasolaideanóin. Anuas ar rangú seo a dhéanann antaibheathaigh a roinnt idir cinn nádúrtha, cinn leathshintéiseacha is cinn atá go hiomlán sintéiseach, déantar iad a roinnt in dhá ghrúpa leathan ó thaobh na héifeachta a bhíonn acu ar mhicrea-orgánaigh; Iad siúd a mharíonn baictéir is oibreáin bhaictéiricídeacha iad, ach na cinn nach ndéanann ach fás na mbaictéar a chosc tugtar oibreáin bhaictéarastatacha orthu.

Stair na n-Antaibheathach[athraigh | edit source]

Bhí an chuid is mó de chóireálacha leighis roimh thús an fhichiú chéid bunaithe ar an leigheas béaloideasúil. Bhí cóireálacha d'ionfhabhtaithe a raibh airí frithmhíocróbacha acu i mórán de phobail ársa an domhain, cinn ar rinneadh cur síos orthu breis is 2000 bliain ó shin. Bhain roinnt mhaith de na pobail seo, na hÉigiptigh ársa agus na Gréigigh ársa, úsáid as caonaigh agus plandaí le cúram a thabhairt d'ionfabhtaithe. Tháinig fionnachtain na n-antaibheathach nádúrtha a tháirgeann miocrorgánaigh chun cinn tar éis obair a rinneadh roimhe sin ar antabóis idir miocrorgánaigh. D'aithin Louis Pasteur an tábhacht a bhain leis seo is dúirt "dá bhféadfaimis idirghabháil a dhéanamh san fhreasaitheacht a fheictear idir roinnt baictéar, go mbeadh sin mar an dóchas is mó ó thaobh na teiripice de"

Thosaigh ceimiteiripe na n-antaibheathach sintéiseacha mar eolaíocht agus forbairt na n-antaibheathach go ginearálta sa Ghearmáin le Paul Erhlich, eolaí leighis as an nGearmáin san 1880dí déanacha. Cortha cinniúna i bhforbairt na n-antaibheathach ba ea an iarracht a rinneadh le tuiscint a fháil ar an eolaíocht ba bhun leis na galair, chomh maith le forbairt na ceimiteirpe antaibheathaí sintéisí, is aonrú na n-antaibheathach féin. Tugadh antabóis orthu ar dtús, ba dhrugaí iad a ghníomhaigh i gcoinne na mbaictéar. Ba é an baictéar-eolaí Francach Vuillemin a spreag úsáid an téarma seo: antabóis, a chiallaíonn 'i gcoinne na beatha', de bharr go ndearna seo cur síos ar fheiniméan marfach na ndrugaí seo. Rinneadh an chéad chur síos ar antabóis i mbaictéar sa bhliain 1877 nuair a d'aithin Louis Pasteur agus Robert Koch go bhféadfadh bachaillín aeriompartha fás an Bhachaillín Bacillus anthracis a chosc. Rineadh na drugaí seo a athainmniú mar antaibheathaigh ag Selman Waksman, micreabhitheolaí Meiriceánach sa bhliain 1942. Rinneadh cur síos ar fhreasaitheacht Penicillium spp. den chéad uair i Sasana ag John Tyndall sa bhliain 1875. Níor tuigeadh an tábhacht a bhain le fionnachtain na n-antaibheathach go dtí saothar Ehrlich ar cheimiteirpe antaibheathach sintéiseach, a bhí ina thús de réabhlóid na n-antaibheathach. Thug Erlich faoi deara go nascfadh roinnt ruaimeanna le cealla daonna, cealla ainmhithe, nó le cealla baictéire is go bhfágfaí a ndathanna orthu ach nach ndéanfadh roinn eile fós amhlaidh. Thóg sé ar an smaoineamh seo go m'fhéidir go mbeadh sé indéanta ruaimeanna nó ceimiceáin áirithe a dhéanamh a d'oibreodh mar philéar draíochta nó mar dhruga roghnach a nascfadh le agus a mharódh baictéir gan an t-óstach, sé sin an duine a ghortú. Tar éis an-chuid turgnamh is triaileacha, inar baineadh triail as na céadta ruaimeanna éagsúla, tháinig sé ar dhruga a bhí úsáideach ó thaobh an leighis de, an t-antaibheathach saorga Salvarsan.

Sa bhliain 1928 thug Fleming rud éigin tábhachtach faoi deara ó thaobh antaibithóis phenicilin. Thuairimigh Fleming go raibh an éifeacht faoi stiúr chumaisc éigin frithbheathach nár thangthas air fós ach a bhféadfaí úsáid a bhaint as.

Dinimicí Cógasaíocha Frithmhícróbach[athraigh | edit source]

Ranganna Antaibheathach[athraigh | edit source]

Táirgeadh[athraigh | edit source]

Frithsheasmhacht in aghaidh Antaibheathach[athraigh | edit source]

Is éard is frithsheasmhacht i gcoinne antaibheathach ann ná an tslí gur féidir le baictéir agus míocróib cur i gcoinne éifeacht na n-antaibheatach. Táthar den tuairim go bhfuil bagairt ann nach mbeidh aon éifeacht ag cuid de na hantaibheathaigh amach anseo.

Frithbheathaigh anois ag cur le baol ó Bhaictéir?[athraigh | edit source]

Go dtí gur fionnadh an micreascóp san seachtú chéad déag, ní raibh aon eolas ná tuiscint ar cad ba bhun leis na galair thógálacha agus mar sin ní raibh córacha leighis cuí ar fáil dóibh. Leis an micreascóp bhí daoine in ann neacha beo micreascópacha a fheiceáil den chéad uair. Tar éis céad bliain eile d'fhás an tuiscint ar an gceangal idir na horgánaigh fhíorbheaga sin agus galair éagsúla, go mór mór tar éis don bhaictéireolaí Gearmánach Robert Koch, a thaispeáint i 1876 go raibh baictéir ar leith ciontach as an aicíd antrasc. Lean an dochtúir Sasanach Edward Jenner agus an ceimiceoir Francach Louis Pasteur leis an obair seo agus d'fhorbair siad córacha leighis i gcoinne aicídí baictéire a dtugtar vaicsíní orthu.

Faoi seo tá na mílte baictéar aitheanta ag eolaithe agus mar thoradh ar sin tá tuiscint mhaith ar a lán galar. Ag éirí as an tuiscint seo, tá drugaí ar leith - na frithbheathaigh, tá córais phoiblí shláinte, tá bealaí díonta - coraintín ina measc, tá modhanna steirilithe obráide agus tá modhanna chun bia a láimhseáil saothraithe chun smacht a chur agus a choimeád ar na galair bhaictéar.


Na Baictéir[athraigh | edit source]

Is micrea-orgánaigh aoncheallacha, foirm bheatha mhicreascópach, gan núicléis eagraithe iontu na baictéir agus tugtar ginidíní nó frídíní galair orthu freisin.

Is as cealla a thógtar gach fhoirm bheatha fhéinatáirgthe - ó na baictéir shimplí aoncheallacha go dtí na míolta móra mara. Is sna cealla a tharlaíonn mórchuid bhunfheidhmeanna an orgánaigh bheo - sintéis na bpróitéiní, úscadh na gcothaitheach fuinniúil agus atáirgeadh. Is é an bunstruchtúr atá ag cill ná an cillscannán fíorthanaí mórthimpeall na cille, an núicléas, más ann dó, a choimeádann an t-ábhar géiniteach, an DNA, ach taobh istigh dá scannán núicléach féin i lár báire agus an an t-ábhar slaodach tréshoilseach ar a dtugtar an cíteaplasma a líonann an spás idir núicléas agus scannán. Sa bhaictéar bíonn an DNA scaipthe ar fud na cille cé go mbíonn an DNA i gcill phlanda nó ainmhí coimeádta i núicléas scoite.

Sa mhodh sómach atáirgthe a tharlaíonn i mbaictéir, roinneann na crómasóim ar dtús agus ansin atáirgtear DNA nua agus déantar macasamhail de na crómasóim go léir taobh istigh den chill. Ina dhiaidh sin scarann an dá mhacasamhail den DNA do dhá thaobh urchomhaireacha na cille agus diaidh ar ndiaidh cruthaítear scannán núicléis mórthimpeall an dá DNA seo agus roinntear an chill go léir ina dá leath. Briseann an cillscannán agus dúnann sé arís mórthimpeall an dá chill iníne. Is mar seo a tharlaíonn méadú baictéar - nuair a bhíonn dóthain chothaithe do na baictéir nua.

Maidir le baictéir thógálacha a chuireann tús le galair, is amhlaidh a bhaineann siad feidhm as fíocháin an duine nó an ainmhí mar chothú. Is mar seo a ghalraíonn siad an duine. Is iomaí galar a tharlaíonn de dheasca baictéar, mar atá luaite sa liosta codánach thíos.

Baictéar Galar

acinetobacter nimhiú na fola nuair is lag an imdhíonacht campylobacter nimhiú na fola, dinnireacht enterococcus faecalis nimhiú na fola escherichia coli ionfhabhtú na conaire úiríní haemophilus influenzae fliú, meiningíteas, ionfhabhtú cluaise heliobacter pylori othrais agus ailse sa ghoile myobacterium tuberculosis eitinn neisseria gonorrhoeae gonoirith pseudomonas aeruginosa nimhiú na fola, niúmóine salmonella dinnireacht, nimhiú na fola shigella dysenteria dinnireacht staphylococcus aureus nimhiú na fola streptococcus pneumoniae nimhiú na fola, niúmóine, meiningíteas


An Córas Imdhíonach agus Imoibriú na mBaictéar leis an gCorp[athraigh | edit source]

Nuair a dhéanann baictéir ionradh ar a gcorp tagann cealla bána na fola timpeall orthu agus cruthaíonn siad antashubstaintí ar leith chun iad a ionsí. Tugtar aintigin ar aon ábhar eachtrannach cosúil le baictéar nó víreas a spreagann córas imdhíonach an choirp chun antashubstaintí a chruthú, nuair a théann sé isteach sa chorp. Is próitéiní iad na hantashubstaintí a chruthaítear san fhuil mar fhreagairt ar aintiginí agus glacann siad príomhpháirt sa chóras imdhíonach i gcosaint an choirp i gcoinne an-chuid ghalar. Taistealaíonn siad den chuid is mó le himshruthú na fola, agus mar a bheadh diúracáin dhírithe iontu, seachnaíonn siad cealla sláintiúla ach déanann siad, mar sampla ar bhaichtéir (fhrídíní) aintigine chun iomaíocht leo agus iad a chur ar ceal.

Déanann siad na hionraitheoirí ón taobh amuigh neamhurchóideach nó daingníonn iad go dtí do n-itheann na cealla bána iad amach is amach. Fanann na hantashubstaintí seo sa chorp le blianta tar éis ionradh baictéar, ionas go mbíonn an corp réidh b'fhéidir ar feadh saol an duine ina dhiaidh sin, tuilleadh antashubstaintí a chruthú chun cosaint i gcoinne an ghalair sin agus an galar sin a sheachaint ar an mbealach sin. Muna ndéanann an duine nó an t-ainmhí teagmháil le h-aintigin ní chruthaítear an chosaint seo sa chorp.


Cógais Leighis agus Gníomhairí i gCoinne Baictéar[athraigh | edit source]

Frithbheathaigh[athraigh | edit source]

Measadh ag an am a d’fhionn Alexander Fleming an chéad fhrithbheathach, peinicilin, agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin maidir leis na fritbheathaigh, go raibh cógas lán-éifeachtach ag an gcine daonna chun na galair go léir a tharlaíonn de bharr baictéar a chloí. Cógais leighis mhíorúilteacha a bhí iontu. Nuair a thógfadh an duine nó an t-ainmhí dáileog, dhíreodh an frithbheathach isteach ar baictéir ar leith len iad a dhíothú agus mar sin an galar a bheadh ann de bharr an bhaictéir sin a leigheas - agus gan aon díobháil a dhéanamh do chealla nó d’orgáin eile an duine.

Tá ceimiceáin antaibheathacha ann freisin, a úsáidtear mar dífhabhtáin agus antaiseipteáin, atá go cumasach mar ghníomhairí i gcoinne baictéar ach a bheadh nimhneach don duine nó don ainmhí. Ní féidir na hábhair seo a úsáid ach taobh amuigh den chorp.

Shábháil na frithbheathaigh agus na h-antaibheathaigh na milliúin duine ón mbás i rith an leathchéid seo chaite. Ní haon ábhar iontais gur mhéadaigh táirgeadh na gceimiceán seo ar domhan faoi 25 ar a laghad, i rith an ama chéanna.

Ní hamháin go n-úsáidtear iad mar chógais leighis agus chun dromchlaí agus ábhair a ghlanadh agus a steiriliú, ach in an-chuid tíortha tugtar iad, agus iad measctha lena gcuid bhia, do bheithígh chun a bhfás a ghéarú. Chomh maith leis sin bíonn frithbheathaigh go minic sna ceimiceáin a dhéantar barra a spraeáil leo.

Vacsaíniú[athraigh | edit source]

Cóir leighis is ea an vaicsíniú a spreagann an corp chun antashubstaintí ar leith a chruthú, ionas go bhfeidhmeodh siad i gcoinne chúis an ghalair ar leith. Den chuid is mó is é a bhíonn i vacsaín ná dáileog éadrom de na bactéir (nó na víris) lagaithe nó mharbha den ghalar, a thugtar mar aintigin don duine. Tar éis an bhabhta éadroim sin den ghalar, fanann na hantashubstaintí sa chorp chun cosaint a sholáthar i gcoinne an ghalair sin aon am ina dhiaidh sin.

Antashubstaintí monachlónacha[athraigh | edit source]

Tá an-chuid taighde déanta ar antashubstaintí monachlónacha, a déantar ar shlí áirithe taobh amuigh den chorp, mar shampla in ullmhuithe de chealla ar leith nó in ainmhithe beaga, agus a instealltar san imshruthú ina dhiaidh sin. Is deacair fós dóthain de na hantashubstaintí monaclónacha a dhéanamh ar bhonn tráchtála.

Ach tá antashubstaintí ann, ar móilíní gabhlógacha próitéine iad, agus iad á ndearadh anois le ríomhairí agus á dtógáil ar bhealach a dtugtar innealtóireacht mhóilíneach air, chun go bhfuil seans maith ann gur féidir an cruth agus an méid is gá a sholáthar d'othar ar bith le galar baictéir ar bith.

Steiriliú[athraigh | edit source]

Thaispeáin Pasteur gur féidir baictéir a mharú ach a dteocht a ardú a dhóthain ar feadh tréimhse ama a bheadh fada go leor. Is próiseas é seo a dtugtar paistéaradh anois air.

Is féidir baictéir a mharú agus dromchlaí a steiriliú freisin le gáma-radaíocht nó le solas ultraivialait. Bíonn réimsí áirithe dáileoga radaíochta i gceist san obair seo. Tomhaistear dáileog radaíochta in aonaid Gray (Gy), ar ionann Gray agus giúl fuinnimh radaíochta ionsúite in aghaidh cileagraim den ábhar atá á radú. Chun baictéir agus fungais a laghdú baintear feidhm as dáileoga idir 1 kGy agus 10 kGy. Déantar ábhair agus dromchlaí a steiriliú go hiomlán agus gach baictéar orthu a mharú le dáileoga os cionn 10 kGy.

Innealtóireacht ghéiniteach[athraigh | edit source]

Tá taighde ar siúl ar fud an domhain chun ghéanóm gach baictéir a dhéanamh amach. Mar shampla le déanaí fógraíodh go raibh géanóm - 1,590 géin ina niomláine - i gcromasóm an bhaictéir heliobacter pylori ionannaithe agus ionad gach ceann acu sa tsraith aimsithe. Is maith an seans go bhféadfar cógais éifeachtacha nua a shaothrú leis an eolas seo chun smacht a choimeád ar an mbaictéar bagarthach seo. Is é seo an cúigiú baictéar a bhfuil a ghéanóim déanta amach go hiomlán agus na torthaí curtha ar fáil don saol ar an idirlíon.


Galair Bhaictéar ag Teacht níos Bagarthaí le Blianta Anuas[athraigh | edit source]

Bíodh is go bhfuil tuiscint agus eolas an duine ar na baictéir ag forbairt an t-am ar fad, tá galair thógálacha bhaictéar ag teacht le bheith níos bagarthaí le himeacht na haimsire.

Meiningíteas baictéir[athraigh | edit source]

Buaileann meiningíteas daoine óga de bharr galrú le víris nó le baictéir. Athlasadh marfach san inchinn is ea an meiningíteas. Tá na galar seo ag méadú de réir a chéile le fiche bliain anuas agus fuair thart ar 200 duine, páistí agus déagóirí den chuid is mó, bás ón ngalar an bhliain seo caite sa Bhreatain. Is marfach amach is amach an galrú le baictéir, agus bíonn baictéir éagsúla ciontach as an ngalar. Is galar trom é an meiningíteas sa tír seo freisin. Mhéadaigh an líon cásanna de mheiningíteas baictéir ó 131 i 1990, go dtí 241 i 1995 agus 380 i 1996. Bliain ó shin mar sin, bhí dhá oiread cásanna ann i gcomparáid leis an bhliain roimhe sin agus trí oiread cásanna i gcomparáid le 1990. Bhuail an galar 6.9 duine as gach 100,000 den daonra i gcomparáid le 3 i ngach 100,000 sa Bhreatain.

Is minic a tharlaíonn an meiningíteas ina bhraislí - go minic braislí mórthimpeall ar bhailte áirithe. Ní thuigtear cén fáth go dtarlaíonn sé seo. Ach tar éis taighde nua sa Bhreatain tá tuairim ann go bhfuil ceangal staitisticiúil idir imbhualadh an mheiningítis agus úsáid iomarcach frithbheathach sna bailte sin ina dtarlaíonn an galar.

An Galar Dubh tagtha ar ais[athraigh | edit source]

Roimh fhionnadh na bhfrithbheathach, dhíothaigh an Galar Dubh nó an phlá bhúbónach, na mílte agus na milliúin duine ar bhonn rialta ar fud an domhain. Baictéir is bun leis an bplá agus is féidir iad a mhilleadh le frithbheathaigh. Thangthas le déanaí áfach ar bhuachaill i Madagascar a bhí buailte le cineál den bhaictéar búbónach a bhí frithbheartach maidir le gach aon fhrithbheathach. D’éirigh leis na dochtúirí an buachaill a shábháil ach bhreathnaigh siad gur scaip na baictéir a ngéinte athraithe go héasca isteach i mbaictéir eile ar mhias petri. B’fhéidir gur scaip na baictéir amuigh sa nádúr ar a ngnáthmhodh scaipthe, ar dreancaidí nó trí shraothartach, agus go bhfuil siad ann chun an Galar Dubh a thosú as an nua.

Nimhiú trí bhia[athraigh | edit source]

I mí na Samhna 1996, tharla ráig nimnithe trí bhia i Lanarc na hAlban a ghoill ar timpeall 400 duine agus a d’fhág 21 duine marbh. D’aimsíodh gur thosaigh an t-ionfhabhtú i siopa búistéara ansin agus ciontaíodh saghas amháin den bhaictéar coitianta neamhurchóideach, escherichia coli, E.coli E157:H7. Ní raibh aon eolas ná cleachtadh ar an saghas seo roimh na 1980í. Faoi seo tarlaíonn 1500 cás d’ionfhabhtuithe in aghaidh na bliana sa Bhreatain. Níos luaithe i mbliana tharla ráig de bharr an bhaictéir chéanna i mBaile Átha Cliath theas. Is fadhb í seo atá ag dul i méid agus i dtroime i saol an lae inniu.

An eitinn ag leathnú an t-am ar fad i measc na mban[athraigh | edit source]

I láthair na huaire is í an eitinn, ar ghalar baictéir é, an trúig bháis i gcás 9% de na mná idir 15 agus 44 bliain d’aois a bhfaigheann bás ar fud an domhain. I gcomparáid leis sin bíonn cogaí ciontach as 4%, agus galar croí agus an víreas easpa imdhíonachta dhaonna ciontach araon as 3% de na básanna céanna . Measann an Eagraíocht Dhomhanda Shláinte go bhfaighidh milliún de na mná sa raon seo aoiseanna bás ón eitinn an bhliain seo amháin. Is san Afraic, san Áis theas agus i Meiriceá theas atá an phaindéim seo ag tarlú.


Frithsheasmhacht na mBaictéar i gcoinne Frithbheathach[athraigh | edit source]

Bíodh is go raibh peinicillin lán-éifeachtach ar dtús i gcoinne na mbaictéar siúd a chuireann tús le galruithe i gconair an mhúin mar shampla, faoi seo tá suas le 50% de na baictéir sin lán-fhrithsheasmhach i gcoinne pheinicilline.

Fás na frithsheasmhachta[athraigh | edit source]

De réir a chéile, agus faoi ráta atá ag tapú in aghaidh na bliana, tá saghasanna nua de na baictéir éagsúla ag teacht chun cinn, nach féidir leis na frithbheathaigh atá ar fáil iad a chloí. Agus is féidir le baictéir fhrithsheasmhacha scaipeadh go tapa ar fud an domhain. I gcás amháin de streptococcus pneumoniae frithsheasmhach a thosaigh sa Spáinn an bhliain seo caite, fuarthas go luath níos déanaí é sa Phoirtingéil, sa Bhreatain, sa bhFrainc, sa Pholainn, san Afraic Theas, i Meicsiceo agus sna Stáit Aontaithe. Is mór an phriacail do dhaoine anois iad na saghasanna baictéar frithsheasmhacha mar is léir ó na cásanna de bhia-nimhiú sa Bhreatain agus in Éirinn a bhí sa nuacht le bliain anuas.

Ó fhionnachtain na bhfrithbheathach agus ó d’fhás muinín na ndochtúirí agus an ghnáthduine go raibh frithbheathach éigin ann chun baictéir agus na galair bhaictéar a chloí, tharla rud úafásach bliain ó shin a chuir sceon ar dochtúirí. Is amhlaidh a tharla i dtriúr othar a bhí scoite na céadta ciliméadar óna chéile, ionfhabhtuithe baictéir, staphylococcus aureus, agus níor fhreagair na baictéir ar chaoi ar bith don bhfrithbheathach vancamaisin, frithbheathach a raibh lánmhuinín as i gcoinne staphylococcus aureus go dtí sin. B’fhéidir go gcuirfidh sé seo sceon ar na mílte agus na milliúin gnáthduine amach anseo

Éiceachóras na mbaictéar[athraigh | edit source]

Ciallaíonn an téarma éiceachóras na himoibrithe idir orgánaigh bheo agus gach gné den chomhshaol mórthimpeall orthu. Gó minic nuair a bhíonn an-spleáchas idir orgánaigh in éiceachóras ar bith, is féidir go mbeadh sé cobhsaí ar feadh i bhfad. Ach athraíonn éiceachóras nuair a thugtar gnéithe nua isteach ann ar shlí ar bith.

Mar a léirigh Pasteur féin, is cuid nádúrtha agus fiú riachtanach den bheatha iad na baictéir. Cónaíonn siad ar dromchlaí neamhbheo, agus i gcás an duine, ar an gcraiceann, ar an scannán múcasach agus ar líneáil chonair an díleá. Den chuid is mó is chun tairbhe an duine nó an ainmhí a fheidhmíonn siad. Níl ach mionchuid díobh ar féidir leo méadú go hionsaitheach, fíocháin a ghortú agus tús a chur le galair. Is amhlaidh a choimeádann an mhórchuid bhaictéar neamhdhíobhálacha srian orthu siúd a d’fhéadfadh a bheith díobhálach de bhrí go mbíonn siad ag iomaíocht ina n-éiceachóras faoin mbia céanna agus faoin gcothú céanna.

Is doimhne éiceachóras na mbaictéar ná a n-iomaíocht maidir le bia. Tá an t-samhail ann maidir le baictéir go bhfuil siad go léir mar a bheadh orgánach amháin ilcheallach iontu, ar féidir géinte fiú, a idirmhalartú go héasca ann. Mar shampla tá struchtúir a dtugtar plasmaidí orthu i cíteaplasma baictéar. Is lúb bheag DNA atá i bplasmaid, a bhfuil géinte inti atá mar fharasbarr ar ghnáthghéinte an bhaictéir. Bíonn siad seo ina mhóilín ollmhór eile, a riarann atáirgeadh agus gnáthchothú an bhaictéir. Tuigtear gur féidir le plasmaid aistriú ó bhaictéar amháin chuig baictéar eile, agus mar sin tréithe nua a bhronnadh ar an dara baictéar. Mar shampla is féidir le víreas an phlasmaid a iompar ó bhaictéar go baictéar. Nuair a fhaigheann baictéar amháin bás scaoiltar a bhfuil ann don timpeallacht agus is féidir go n-athsúódh an dara baictéar an phlasmaid isteach.

Chomh maith leis sin is éagsúil an meascán baictéar agus an chothromaíocht idir baictéir neamhdhíobhálacha agus baictéir dhíobhálacha i ngach ionad a d’fhéadfaí a mheabhrú.

Feidhmiú frithbheathach ar bhaictéir[athraigh | edit source]

Cuireann frithbheathach isteach ar fhás agus mhéadú na mbaictéar nó fiú maraíonn go díreach iad. Comhábhair nádúrtha agus ceimiceáin a tógadh go saorga chun na tréithe seo a bheith acu i bhíonn i bhfrithbheathaigh. Den chuid is mó téann siad isteach sna baictéir agus ar shlí amháin nó eile cuireann isteach ar mheitibileacht an bhaictéir. Mar shampla greamaíonn teitrichioglaín le ribeasóim agus laghdaíonn déanamh na bpróitéiní; cuireann peinicillin agus vancamaisin bac le déanamh cillscannán an bhaictéir.

Tá níos mó ná 100 frithbheathach in úsáid ag dochtúirí anois agus, maidir le gach baictéar ar leith, frithbheathach ar leith, nó meascán díobh, atá níos éifeachtaí ná na cinn eile, chun díriú air sin.

Nuair a h-úsáidtear dáileog fhrithbheathach ar líon éigin baictéar in áit ar bith, déanann sé slad ar bhaictéir áirithe, laghdaíonn sé cuid de na baictéir eile agus ní bhíonn aon éifeacht aige ar bhaictéir eile fós. Más iad baictéir ionsaitheacha dhíobhálacha iad siúd a dhíothaítear, is maith an toradh a bhíonn ar an dáileog sin. Is féidir an dáileog a mhéadú muna lánéifeachtach an bundáileog i ndíothú na mbaictéar díobhálacha. Rud eile a tharlaíonn is ea go n-athraítear an meascán baictéar san áit sin agus go minic ní féidir torthaí na cothromaíochta nua eiceolaíche a réamhinsint.

Frithsheasmhacht baictéar[athraigh | edit source]

Is eol anois go dtarlaíonn rud eile nuair a bhaintear feidhm as frithbheathach ar líon baictéar. Ó am go chéile i measc na mbaictéar íogaire, bíonn fochuid acu nach ndíothaíonn an frithbheathach iad, is cuma cén dáileog a úsáidtear. De bharr athraithe ghéinitigh éigin iontu, bíonn gnéithe ag na baictéir seo a fheidhmíonn i gcoinne an fhrithbheathaigh. Má tá baictéir fhrithsheasmhacha i measc na mbaictéar díobhálacha atá á n-ionsaí, is i méid a rachaidh na baictéir fhrithsheasmhacha dhíobhálacha, de bhrí nach mbeidh an oiread coimhlinte ina n-éiceachóras lena gcomhbhaictéir. Is mar seo a thuigtear go gchuireann frithbheathaigh le frithsheasmhacht agus b’fhéidir, le méadú an bhaoil ó ghalair bhaictéar.

Cad is féidir a dhéanamh maidir le frithsheasmhacht na mbaictéar?[athraigh | edit source]

Chun an phriacail seo a laghdú ní mór úsáid na bhfrithbheathach a laghdú as cuimse agus modhanna eile chun baictéir a chloí a shaothrú.

Ach ag an bpointe seo ba cheart do dhochtúirí gan frithbheathaigh a thabhairt do dhaoine nuair nach gá é sin, frithbheathaigh a úsáid atá dírithe ar na baictéir sin amháin atá ag cur as don duine, agus daoine le hionfhabhtuithe atá frithsheasmhach d’alán frithbheathach a leithlisiú amach ó othair eile. Ag an am céanna ba cheart don duine féin aon fhrithbheathaigh a ordaítear dó a thógaint mar a ordaítear, torthaí agus glasraí úra a ní go hiomlán raoimh iad a ithe, gan uibheacha amha ná feoil chnagbhruite a ithe, agus gan ghallúnach nó ábhair eile le h-antabheathaigh iontu a úsáid ach nuair is gá le hothair lagaithe iad.

Dá ndéanfaí na rudaí seo laghdófaí ar a laghad an oiread baictéar frithsheasmhacha a chruthófaí, agus laghdófaí ar scaipeadh na mbaictéar frithsheasmhacha. Ach mar sin féin tá an baol ann go dtiocfaidh baictéir fhíor-ghabhálach fhíor-ionsaitheacha chun cinn amach anseo, a scaipfidh paindéim dhochloíte ar fud an domhain.


Achoimre[athraigh | edit source]

Is iontach iad na frithbheathaigh chun baictéir agus galair bhaictéar a chloí. Ach tá an dealramh ar an scéal go bhfuil mí-úsáid na bhfrithbheathach - a n-úsáid i mbia beithíoch agus iad a bheith mar thoradh i mbia na ndaoine, a bhfor-úsáid mar antabheathaigh, a n-úsáid i gcás galar éagsúla nach galair bhaictéar iad, agus eile - ag cur de réir a chéile le frithsheasmhacht baictéar ina gcoinne. Tá taighde le déanamh ar bhealaí eile chun galair bhaictéar a chloí - agus ar ámharaí an tsaoil, tá bealaí torthúla ar fáil. Ach idir an dá linn, ní mór smacht agus riaradh i bhfad níos fearr ná mar atá againn anois, a chur ar úsáid na bhfrithbheathach.

Tagairtí[athraigh | edit source]

D J Chadwick agus J Goode (Eag.), Antibiotic Resistance: Origins, Evolution, Selection and Spread, John Wiley & a Mhic, Nua Eabhrac, 1997

S B Levy, The Antibiotic Paradox: How Miracle Drugs are Destroying the Miracle, Plenum, Nua Eabhrac, 1992

B Deer, Germ Warfare, The Sunday Times Magazine, Londain, 17 Bealtaine 1998