Ruaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ruamanna de chuid na hIndia

Ábhair le dathanna láidre, de ghnáth móilíní orgánacha coimpléascacha a n-ionsúnn teicstílí iad. Ruamanna nádúrtha ó phlandaí nó ainmhithe a bhíodh is úsáid thar na cianta, ach tá ruamanna saorga ina n-ionad beagnach go hiomlán faoi seo. Úsáidtear iad i réimsí i bhfad ó theicstílí amháin anois: cosmaidí, bianna, páipéar, adhmad is bitheolaíocht. Is iad plúirín is carnaid an dá ruaim nádúrtha atá in úsáid go forleathan fós. Tugann na dabhach-ruamanna sintéiseacha dathanna geala láidre atá an-bhuan, agus úsáidtear iad ar fhabraicí cadáis le haghaidh feistis tí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ruaim". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 569.