Plúirín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dath a fhaightear ó chúpla speiceas, ainil is plúirín dathaitheach, de phlanda ar leith. Toim ilbhliantúla is ea an dá cheann a fhásann go dtí 2.5 m ar airde. Na duilleoga cleiteach, na pisbhláthanna dearg ina gcrobhaingí gearra. Shaothraítí é tráth dá raibh san India is i Sumatra na hIndinéise, ach ní dhéantar a thuilleadh gur fiú trácht air. Thit an lug ar an lag ar an margadh nuair a tugadh ruaim shaorga ainilín isteach. Ar dtús úsáideadh go forleathan é i ndathú olla, cadáis is síoda, ach anois is mó a úsáidtear é chun an snáithe dlúth i ndeinim a dhathú.