Speiceas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhitheolaíocht tá an speiceas ar cheann de na haonaid bhunúsacha i rangabháil na n-orgánach beo. Uaireanta déantar speiceas a mhíniú mar ghrúpa orgánach ar féidir leo atáirgeadh a dhéanamh in éineacht le ball eile den ghrúpa céanna. Is minic a fheileann an míniú sin i measc orgánach a dhéanann atáirgeadh gnéasach. Níl sé chomh feiliúnach céanna, áfach, i gcás na n-orgánach sin a dhéanann atáirgeadh ar bhealaí eile, agus is minic, áfach a bhaintear úsáid as slata eile tomhais, cosúlacht ADN nó tréithe coiteanna.

Féach freisin[athraigh | edit source]