Carl von Linné

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carl Linnaeus (Carl von Linné)
Carl von Linné.jpg
Portráid le Alexander Roslin (1775)
Dáta breithe 23 Bealtaine, 1707
  Råshult, Älmhult, an tSualainn
Dáta báis 10 Eanáir, 1778
  Uppsala, an tSualainn
Náisiúntacht Sualannach
Réimsí Luibheolaíocht, Zú-eolaíocht, Míochaine
Iomráiteach do An Córas Linnaech (Ainmníocht dhéthéarmach)
Síniú
Linne autograph.svg

Luibheolaí Sualannach ab ea é Carl Linnaeus (23 Bealtaine, 170710 Eanáir, 1778). D'athraigh sé a ainm go Carl von Linné (Fuaim éist) nuair a bronnadh uaisleacht air. Chuir sé tús leis an tacsanomaíocht, is é sin, an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Rugadh Carl Linnaeus i Råshult, i gcúige Småland i ndeisceart na Sualainne. Bhí a athair agus a sheanathair ina ministrí roimhe, agus ghlac a mhuintir leis go rachadh sé ag staidéar diagachta chomh maith, ach níor theastaigh uaidh bheith ina mhinistir. Thug dochtúir áitiúil leighis spreagadh dó dul leis an luibheolaíocht, ó ba léir go raibh suim aige sna plandaí. De réir mar a mhol an dochtúir seo, chuir a athair an mac go hOllscoil Lund, arbh í an ollscoil ba chóngaraí í. Bhí gairdín luibheolaíochta Lund fágtha gan saothrú, rud a bhain an-mhealladh as Carl óg, agus sa bhliain a bhí chugainn, d'aistrigh sé go hOllscoil Uppsala.

Bhí saol crua aige in Uppsala ar dtús agus an t-airgead gann air, ach ansin, fuair sé aithne ar an eolaí cáiliúil Olof Celsius sa bhliain 1729. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Celsius chomh heolach is a bhí Linnaeus óg ar na plandaí agus chomh dúthrachtach is a bhí sé ag bailiú samplaí. Mar sin, chuir sé lóistín ar fáil dó.

An Córas Linnaech[athraigh | edit source]

Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sé córas ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an ainmníocht déthéarmach a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé an tacsanomaíocht Linnaech - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.

Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í an ríocht an leibhéal is airde sa chóras, cosúil le ríocht na n-ainmhithe nó ríocht na bplandaí - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na bProtista ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnt tacsón gan ainm faoi bhunrang an speicis.

Seo liosta de na ranganna ar fad atá aitheanta sa lá atá inniu ann (bunaithe ar chóras Linnaeus):

  • Ríocht
  • Fíleam
  • Rang
  • Ord
  • Fine
  • Géineas
  • Speiceas

Nuair a fhionnfar neach nua, tabharfar ainm déthearmach Laidine air. Is é is brí le h-"ainm déthéarmach" ná ainm a bhfuil dhá théarma, nó dhá fhocal, ann:

  • is é an chéad fhocal an t-ainm géineasach a chuireann in iúl géineas an orgánaigh
  • is é an dara focal an t-ainm speiceasach, agus é go sainiúil ag gach speiceas i ngéineas áirithe.

Rangú Homo Sapiens: