Uppsala
| Uppsala | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Cúige: | Uppland |
| Contae: | Uppsala (contae) |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 47.86 km² |
| Daonra: | 144,839 |
| Dlús daonra: | 2,683/km² |
| Crios ama: | CET/CEST (UTC+1/+2) |
| www.uppsala.se | |
Cathair stairiúil sa tSualainn í Uppsala. Ansin atá cónaí ar Ard-Easpag na Sualainne ón mbliain 1164 anuas, agus is í Uppsala an chathair ollscolaíochta is sine i gCríoch Lochlann ar fad. Bronnadh cairt na cathrach ar Uppsala sa bhliain 1497, ach tá an áit i bhfad níos sine ná sin.
Sa bhliain 2008, bhí 144,839 duine ina gcónaí in Uppsala, de réir mar a roghnaíonn an rialtas áitiúil teorainneacha an áitribh lárnaigh a shainaithint (an daonra a thugann lárionad staidrimh na Sualainne, nó Statistiska centralbyrån, tá sé níos ísle, toisc nach n-áiríonn an lárionad na bruachbhailte úd Sävja, Lugnet agus Kuggbro mar chuid den áitreabh chathartha).
Lárionad tábhachtach cultúrtha a bhí in Uppsala riamh, a bhuí leis an ollscoil a bhfuil traidisiún fada aici. Is féidir, fiú, Gaeilge, Sean-Ghaeilge, agus Breatnais a fhoghlaim san ollscoil.