Dia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ainm Iáivé i Eabhrais.

Sna reiligiúin aondiachais, is é Dia an neach osnádúrtha a chuir tús leis an saol agus leis an domhan. Glactar leis go bhfuil sé uilechumhachtach uilefheasach, is é sin, gur féidir leis súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil go léir, a rogha cuma a chur orthu agus a rogha cor a chur i do chinniúint. Glactar leis freisin go raibh sé ann roimh thús na cruinne agus gurb eisean is foinse do gach moráltacht.