An Eabhrais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eabhrais
(עברית ‘Ivrit)
Á labhairt: in Iosrael agus i dtíortha eile, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus na Stáit Aontaithe ina measc
Réigiún: ar fud an domhain
Cainteoirí san Iomlán: 7 milliún
Rang: (Ní sa chéad 100)
Líne ghinealaigh: Afráiseach
 Séimíteach
  Eabhrais
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Iosraeil
Foras Pleanála Teanga: Acadamh na hEabhraise
האקדמיה ללשון העברית, HaAqademia LaLashon Ha‘Ivrit)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 he
ISO 639-2 heb
ISO 639-3 heb
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga Shéimíteach í an Eabhrais (עִבְרִית, ‘Ivrit [‘Ibhríth]) agus í á húsáid agus á staidéar mar theanga naofa ag na Giúdaigh ar fud an domhain. Thairis sin, is í an Eabhrais teanga oifigiúil Stát Iosraeil, agus í mar theanga dhúchais ag formhór mór an daonra Ghiúdaigh ansin.

Tá gaol cuíosach dlúth ag an Eabhrais leis an Araibis. B'í an Fhéinicis an teanga ba ghaolmhaire léi ar dtús. Áirítear, fiú, nach raibh mórán difríochta ann idir canúint thuaisceartach na hEabhraise agus an Fhéinicis. (Bhí na Féinicigh ina gcónaí an áit a bhfuil an Liobáin inniu, ó thuaidh ó Iosrael féin. Thabhaigh siad an-chlú i laethanta na sean-Ghréige is na sean-Róimhe mar mhairneálaigh is mar lucht trádála. B'iad a bhunaigh an Chartaig, an cathairstát a bhí mar namhaid ag na Rómhánaigh, agus teanga ghaolmhar á labhairt ag muintir an stáit sin.) As canúint Dheisceartach na hEabhraise a fáisceadh teanga an tSeanTiomna. Tá sí ag baint le hEabhrais labhartha na mblianta ón dara céad déag go dtí an dara céad roimh bhreith Chríost. Tá teacht ar théacsanna is lámhscríbhinní is sine ná an Bíobla, áfach, ach ní cuid iad de chanóin liteartha ná reiligiúnda na hEabhraise.

Is ann do scríbhinní canónta eile ins an teanga seachas an Bíobla, áfach. Is é is Talmud ann ná leabhar (nó leabharlann, agus an téagar atá ann mar Thalmúd) éigse shaolta na nGiúdach, agus é níos úire ná an Bíobla. Dá réir sin, is furasta difríochtaí a thabhairt faoi deara idir Eabhrais an Talmúid agus teanga an Bhíobla. Misneá a thugann na Giúdaigh ar an gcuid lárnach den Talmúd. Go bunúsach, níl sa chuid eile den Talmúd ach tráchtaireacht agus míniúcháin ar an Misneá, nó fiú tráchtaireacht ar an tráchtaireacht féin. Is í Eabhrais an Mhisneá an teanga a labhraítí sna ceithre haois thart timpeall ar bhreith Chríost. Ag an am sin bhí an Aramais ag teacht in áit na hEabhraise mar theanga labhartha - b'í an Aramais a bhí ó dhúchas ag Íosa Críost, mar dhuine daonna - agus a sliocht le haithint ar Eabhrais an Talmúid. (Teanga Sheimíteach is eadh í an Aramais, agus gaol réasúnta dlúth aici, mar sin, leis an Eabhrais. Sular tháinig an Araibis i réim sa MheánOirthear, b'í an Aramais a bhí ina teanga comhchumarsáide idir na ciníocha uilig a chleachtaíodh teanga nó canúint Sheimíteach. Is féidir, mar shampla, teacht ar scríbhinní greanta sa teanga seo san Araib féin, agus a lorg orthu gurbh í an Araibis a bhí ó dhúchas ag lucht a scríofa.) De réir a chéile, chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha i measc na nGiúdach, fiú sular ruaigeadh as a dtír dúchais iad. Mhair lucht an léinn ag scríobh as Eabhrais, áfach, agus chuir siad caol orthu na sean-lámhscríbhinní a chaomhnú agus a choinneáil i dtaisce.

Ní raibh an Eabhrais ach ina teanga scríofa léannta sna Meánaoiseanna, ach bhí ceannairí suntasacha reiligiúnda is cultúrtha ag na Giúdaigh agus spreagadh ag teacht uathu leis an teanga a shaothrú. Duine acu siúd ab ea é Sáidia Gáón (898-942) sa Bhaibealóin, mar shampla. Bhí filíocht Eabhraise á scríobh ins an Spáinn go dtí gur díbríodh na Giúdaigh as an tír sin sa dara haois déag.

Ó dheireadh na Meánaoiseanna amach ba bheag a scríobhtaí as Eabhrais amach ó na scríbhinní cráifeacha, go dtí gur tháinig an ghluaiseacht léinn udaí Hascala ar an fhód i ndeireadh an ochtó haois déag.

Athbheochan na hEabhraise[athraigh | edit source]

B'é Moses Mendelssohn (1729-86) a raibh cónaí air i mBeirlín a chuir bun le Hascalah. Fear mór léinn a bhí ann a raibh ardmheas air ag na Críostaithe féin, agus b'eisean ba bhunchuspa don laoch sa dráma cáiliúil leis an scríbhneoir Ghearmánach Gotthold Ephraim Lessing, Nathan der Weise ("Natan Críonna"). Ba bheag rath a bhí ar iarracht Mhendelssohn teanga na hEabhraise a athbheochan, ar dtús, ós rud é go raibh Giúdaigh na Gearmáine ag an am sin ag éirí go géar gasta as meon an gheiteo agus ag dul isteach i saol agus i sochaí na nGearmánach. Ní raibh suim acu in athbheochan an tsainchultúir Ghiúdaigh, ná na seanteanga ach an oiread, agus an Ghearmáinis ag teastáil uathu i bhfad ní ba ghéire. B'in Oirthear na hEorpa a fuair bunsmaointiú Hascala an chuid ba mhó de lucht a thacaíochta, áit a raibh an Ghiúdais ina gnáthurlabhra pobail ag na Giúdaigh, agus iad ina gcónaí sna geiteonna go fóill. (Seanchanúint Gearmáinise is ea í an Ghiúdais, agus í tar éis glacadh lena lán focal agus foirmeacha ón Eabhrais agus ó theangacha Slavacha Oirthear na hEorpa - ón Pholainnis agus ón Rúisis thar aon cheann eile.)

B'é Mendel Abramowicz, nó Mendele Moicher Sfóirim (1835-1917) an chéad scríbhneoir a rinn iarracht dháiríre leas a bhaint as an Eabhrais chun tuairisc a thabhairt ar ghnáthshaol na nGiúdach sa gheiteo. An modh oibre a bhí aige ná gur chruinnigh sé focail is abairtí as na scríbhinní difriúla Eabhraise - idir Bhíobla agus Talmúd mar shampla - le stíleanna éagsúla na Giúdaise a athchruthú sa Eabhrais.

Finscéal Eliezer Ben Yehúda[athraigh | edit source]

Eliezer Ben-Yehuda

B'é Eliezer Ben Yehúda (1858-1922) athair athbheochana na hEabhraise inár ré féin, nó b'eisean an chéad duine a thug faoin teanga a labhairt lena chuid clainne.

Rugadh Eliezer Itzchak Perelman, nó Eliezer Ben Yehúda, mar is fearr is aithnid dúinn é, sa Liotuáin sa bhliain míle ocht gcéad caoga is ocht. Fuair sé oiliúint reiligiúnda fearacht mórchuid na bpáistí Giúdacha uilig lena linn, agus ba chuid lárnach den oideachas seo teanga na sinsear a fhoghlaim. Ó bhí gealladh ar leith faoi Eliezer mar scoláire, cuireadh ar scoil traenála na raibíocha é. Ní raibí a rinneadh de, áfach, ó tharla barraíocht dúile is sainte aige i léann saolta na gCríostaithe. Bhí an t-athrú intinne seo ag teacht go dlúth le spiorad an ama i measc na nGiúdach óg in Oirthear na hEorpa, agus gluaiseacht an léinn shaolta, an ghluaiseacht Hascalah, ag dul i gcion orthu ó laethanta Mhoses Mendelssohn amach. D'éirigh Eliezer óg as scoil na raibíocha le cromadh go hiomlán ar an scolaíocht shaolta mar dhalta eachtrach ar mheánscoil Rúiseach.

Sa bhliain míle ocht gcéad a hocht ndéag is trí scór, agus Eliezer óg ag cur an tsnasa dheireanaigh ar a thréimhse meánscoile, chuaigh na Rúisigh chun cogaíochta ar Impireacht Otamánach na Tuirce le lámh chuidithe a shíneadh chuig na Bulgáirigh, agus iadsan ag iarraidh saoirse a bhaint amach i ndiaidh na cianta cairbreacha a chaitheamh faoi smacht na dTuirceach. Chuir a gcathsan draíocht ar Eliezer, agus é ag cur na ceiste air féin an dtiocfadh leis na Giúdaigh stát dá gcuid féin a chur ar bun agus an tseanteanga a chur i mbéal an phobail athuair.

In éis an Rúis a fhágáil dó, chuir Eliezer faoi i bPáras, ach go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar an bPalaistín. Ag an am seo, sa bhliain míle ocht gcéad a haon is ceithre scór, bhí sé tosaithe cheana bolscaireacht a dhéanamh ar na hirisí Eabhraise le cúis an t[Siónachas|Siónachais]] a chur chun cinn. Bhí sé meáite fosta gan ach Eabhrais a labhairt le Giúdach ar bith dá gcasfaí air sa Phalaistín feasta. Ós rud é go raibh breacaireacht léinn reiligiúnda, ar a laghad, ag formhór mór na nGiúdach, bhíodh na daoine simplí féin in ann freagra a thabhairt ar a chuid cainteanna Eabhraise.

Nuair a rugadh mac d'Eliezer ben Yehúda, chuir sé caol air gan ach Eabhrais na sinsear a bheith á labhairt i bhfianaise an pháiste. Ní cheadaíodh Eliezer dá chuid cuairteoirí féin aon teanga eile a úsáid agus an páiste ag tabhairt cluais. Itamar Ben Avi ab ainm don pháiste, agus b'eisean an chéad chainteoir dúchais leis na céadta bliain anuas. Is é is brí le Ben Avi ná "Mac M'Athara Féin" (ben = mac, 'av = athair, -i = mo), ach is féidir Avi ('BY i litreacha na hEabhraise) a léamh mar ghiorrúchán de Eliezer Ben Yehúda ('LYcZR BN YHWDH i litreacha na hEabhraise). Ag tabhairt suas a chlainne dó ba mhinic a chrothnaíodh Ben Yehúda téarmaí uaidh le cúrsaí tógála na bpáistí a chardáil, ach de réir mar a bhraitheadh sé focal uaidh chumadh sé é.

Ní leor fear amháin ná a chlann féin le teanga úr a chur á labhairt ag muintir na tíre uilig. Bhí gá le hobair ghníomhach chraobhscaoilte na teanga. Mar sin, rinne Ben-Yehúda cuid mhaith bolscaireachta agus é ag éileamh ar na raibíocha is na múinteoirí ar fud na Palaistíne gach aon ábhar léinn a theagasc trí mheán na hEabhraise. Fuair sé féin áiméar seal múinteoireachta a dhéanamh ar scoil reiligiúnda in Iarúsailéim, agus cé gur chuir a dhrochshláinte cúl air an téarma réamhshocraithe a chríochnú (eitinn a bhí ag goilliúint air le fada) d'éirigh le Ben Yehúda na páistí a iompú chun Eabhraise chomh hiomlán agus gur thosaigh siad ag plé ghnáthchúrsaí an tsaoil le chéile as Eabhrais.

Chuaigh dícheall is dúthracht Bhen Yehúda an oiread sin i bhfeidhm ar mhúinteoirí na tíre agus gur chinn a lán acu aithris a dhéanamh ar a dhea-shampla: theagascfaidís an Eabhrais feasta mar a bheadh gnáthurlabhra an phobail inti seachas teanga léannta amháin. I dtosach b'éigean do na múinteoirí áiseanna teagaisc dá ndéantús féin a sheiftiú do na páistí, nó ní raibh téacsleabhair ann ná foclóirí téarmaíochta le háireagáin na nua-aoise a ainmniú as Eabhrais. Fadhbanna tromchúiseacha a bhí anseo, ach fuasclaíodh iad, agus sa deireadh thiar thall tháinig glúin de dhaoine óga ar an bhfód agus iad sásta rugtha fonnmhar an saol laethúil comhaimseartha a phlé as Eabhrais. Agus bhí an teanga féin ar a dtoil acu.

Faoin am céanna bhí Ben-Yehúda gnóthach ina iriseoir fosta, nó ba dóigh leis gur trí mheán an nuachtáin ab fhearr a chraobhscaoilfeadh sé na focail nuachumtha ar fud na Palaistíne. Ar an mbealach seo d'fhoghlaimeodh na Giúdaigh scéalta iriseoireachta fá dtaobh de na cúrsaí reatha a léamh is a chardáil le chéile sa tseanteanga. Ós rud é go raibh formhór mór na nGiúdach ábalta ciall a bhaint as Eabhrais scríofa siúd is nach raibh labhairt na teanga acu, bhíodar in ann nuacht Bhen Yehúda a thuiscint. Chonaiceadar lena súile féin go raibh sracadh san Eabhrais go fóill, agus acmhainn inti cur síos ar shaol a linne féin.

Le téarmaíocht nua-aimseartha na hEabhraise a dhíolaim is a chaighdeánú chuaigh Ben Yehúda i gceann foclóiríochta. Chuir sé bun leis an obair seo roimh aistriú go dtí an Phalaistín dó, agus de réir a chéile d'eascair seacht n-imleabhar déag aisti. Déanta na fírinne chuaigh de an foclóir a chríochnú roimh a bhás, agus b'iad a mhac is a bhean chéile a chuir an dlaíóg mhullaigh air. Ní ina aonar a d'oibrigh Ben Yehúda lá a shaoil ach oiread, nó nuair a bhíodh call leis chuireadh sé gairm scoile ar lucht an tsaineolais le ceisteanna ar leith idir théarmaíocht is fhuaimniú, idir cheartlitriú is phoncaíocht a réiteach. Mar sin, tháinig bun le Comhairle na hEabhraise, as ar fhás Acadamh na hEabhraise. Is é an tAcadamh seo an t-údarás oifigiúil in Iosrael inniu a dhéanann scagadh ar nua-fhorbairtí na teanga is a mholann téarmaí nua le h-úsáid.

Nuair a bhí an dara glúin d'Eabhraiseoirí dúchasacha ag teacht ar an bhfód, b'éigean do na h-údaráis aitheantas a thabhairt don rud a tharla. Bhronn údaráis Shasanacha Limistéar Sainordaithe na Palaistíne stádas oifigiúil ar theanga na hEabhraise sa bhliain míle naoi gcéad a dó is fiche. Bhí Ben-Yehúda beo beathach go fóill, agus é ag streachailt leis in aghaidh eitinne le leathchéad bliain anuas; ach anois, tar éis a aisling mhór a chur i gcrích dó, bhí sé sásta scaradh go suaimhneach sonasta leis an saol.

Litríocht nua-aoiseach na hEabhraise[athraigh | edit source]

De réir a chéile, d'fhás litríocht ar leith aníos sa teanga. Bhí an gort seo á shaothrú ag lucht na deoraíochta cheana, agus is fiú trácht a dhéanamh anseo ar Hayyim Nahman Bialik, nó tá meas ag muintir Iosraeil i gcónaí ar a chuid filíochta fá dtaobh de chruachás na nGiúdach le linn na n-ionsaithe is na mbabhtaí géarleanúna sa Rúis.

Rugadh an file seo sa bhliain 1873 san Úcráin, áit a bhfuair sé oideachas reiligiúnda Giúdach. Ag teacht i gcrann dó, áfach, chuir sé spéis i ngluaiseacht na Soilsitheoirí Giúdacha, agus abhae leis go dtí Odessa ar a lorg-san nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois. In Odessa casadh rogha intleachtóirí saolta Giúdacha na Rúise air, Mendele Moicher Sfóirim thar aon duine eile, agus chrom sé ar fhilíocht a chumadh faoina dtionchar-san. Ní raibh deich mbliana is scór slánaithe aige go fóill, agus na léirmheastóirí ag tabhairt file na hathbheochana náisiúnta air cheana féin. Ag fanacht sa Rúis dó, chaith sé seal ina chuntasóir i ngnólucht athair a mhná céile, seal ina eagarthóir ar iris sheachtainiúil Eabhraise Odessa, seal ag múinteoireacht nó ag aistriú go hEabhrais.

Fuair sé inspioráid don dán is cáiliúla dá chuid - "I gCathair an Léirscriosa" - nuair a thug Coiste Staraíochta na nGiúdach in Odessa air eolas a chruinniú faoi na géarleanúintí ar na Giúdaigh i gCisineóbh (Kishinyov, Chişinau) sa bhliain 1903. Chuir sé agallaimh ar na hiarmharáin, agus é chomh scanraithe sceimhlithe ag ar chuala sé agus gurbh 'éigean dó dán a chumadh. Siúd is nár tharla an tUileloscadh i sluachampaí géibhinn Hitler ach ina dhiaidh sin, áirítear dán Bhialik i gcónaí ar ceann de na tuairiscí liteartha is coscartha ar chás na nGiúdach le linn na ngéarleanúintí.

I dtús na bhfichidí a tugadh ceadúnas dó an Rúis Shóivéadach nuabhunaithe a thréigean in éineacht le dornán de scríbhneoirí Giúdacha eile. Sa bhliain 1924 shocraigh sé síos i dTel Aviv leis na deich mbliana deireanacha dá shaol a chaitheamh go sócúlach sa Phalaistín, agus meas an fhile náisiúnta ag a mhuintir air. Fuair sé bás sa bhliain 1934.

B'eisean an chéad mhórfhile nua-aimseartha dár scríobh as Eabhrais athbheoite, agus is léitheoireacht éigeantach iad a chuid dánta i gcónaí i scoileanna Iosraeil. Ach nuair a tháinig na Giúdaigh ina sluaite móra go hIosrael agus iad ag iompú ar theanga a sinsear a labhairt, cuireadh tús le litríocht dhúchasach Iosraelach na hEabhraise.

B'iad Ester Raab (1894-1981) agus S. Yizhar na chéad chainteoirí dúchais a chuaigh i mbun scríbhneoireachta in Iosrael féin.

Rugadh "S. Yizhar", nó Yizhar Smilansky sa bhliain 1916 i Rehovot na Palaistíne. Inimirceánaigh ón Rúis ab ea iad a mhuintir. Ghlac sé páirt i gCogadh Neamhspleáchais Iosraeil sa bhliain 1948; bhain sé amach dintiúirí an mhúinteora agus dochtúireacht na fealsúnachta ón Ollscoil Eabhraigh chomh maith. Bíonn sé ag scríobh faoi shaol na gceannródaithe sna kibbutzanna agus ar na feirmeacha, agus is léir nach ndearna sé aon dearmad dá thaithí cogaíochta féin ach oiread ag lorg ábhair dá chuid scríbhinní. Cur síos ar na carachtairí agus grá do nádúr Iosraeil is ea iad an dá bhua mhóra atá aige. Is é an t-úrscéal Laethanta Ziklag saothar mór éipiciúil a shaoil, agus é ag tarraingt fresco de cheannródaíocht an tSiónachais ar chanbhás leathan.

"Iosraelachas" ab ea é manadh S.Yizhar, nó rinne sé iarracht cur síos a dhéanamh ar nádúr is ar mhuintir Iosraeil thar aon rud eile. B'éigean dó a theanga féin a chumadh is a chruthú chuige seo, agus sin le haithint ar a stíl chasta.

B'é spiorad comhair an mhíntíreachais crann taca na litríochta i mblianta tosaigh Iosraeil. Mar shampla, rinne Moshe Shamir (1921- ) móradh is ardmholadh ar na Sábraigh - is é sin, na Giúdaigh a rugadh in Iosrael agus an Eabhrais ó dhúchas acu - ina chuid leabhar a bhfuil blas na léitheoireachta éadroime orthu, nó is scéinséirí iad go bunúsach. Ba ghnách leis a íomhá féin den tSábrach a chur i gcomparáid lena shamhail den Aisceanásach (is iad lucht labhartha na Giúdaise ó Oirthear na hEorpa na hAisceanásaigh): is é an Sábrach fear láidir an ghnímh, agus é ag cur rudaí i gcrích nuair nach bhfuil an tAisceanásach ach ag domhainsmaointeoireacht is ag glagaireacht agus pus nó lionndubh air. B'é an Sábrach an Giúdach úr cumhachtach, b'eisean todhchaí na nGiúdach, nuair nach raibh ins na hAisceanásaigh ach iarsmaí an gheiteo is fuíoll na géarleanúna. Is féidir a léamh air seo go rabh coimhlintí áithride sainleasa ag éirí idir lucht na hinimirce (aliya) agus na Sábraigh ag an am.

Tháinig glúin nua scríbhneoirí ar an bhfód tar éis na díograise tosaigh seo, agus iad ag dul in anuabhar ar chlichéanna an chomhair is na comhoibre is an chomhGhiúdachais seo. Sampla is ea é Pinhas Sadeh.

I Lwów na Polainne (inniu: Lviv na hÚcráine) a tháinig Pinhas Sadeh ar an saol, agus ní raibh sé ach cúig bliana d'aois nuair a thug a mhuintir leo go hIosrael é. Rinne sé staidéar de chineál éigin i dTel Aviv, ach ansin shocraigh sé síos faoin tuath lena chuid beatha a shaothrú ina thréadaí caorach dó (!). Chrom sé ar an scríbhneoireacht ina fhear óg dó, agus é ag cumadh úrscéalta is gearrscéalta; thairis sin, chuir sé le chéile diolaim d'fhinscéalta de chuid sheict Ghiúdach na gCasaideach. Sa bhliain 1994 a fuair sé bás. Chleachtaíodh sé stíl shimplí shothuigthe gan ornáidí breise.

Is díol suntais é a úrscéal dírbheathaisnéise Hahayim kemashal ("Meafar an tSaoil") (1958) ina gcuireann sé síos i bhfoirm mheafarach ar a thréigtheoireacht féin le linn a sheala in Arm Iosraeil.

Is é Amos Oz an scríbhneoir is cáiliúla dá bhfuil ag saothrú leo go beo breabhsánta bisiúil i gcónaí in Iosrael. Sa bhliain 1939 a rugadh é: buchaill cathrach ón Iarúsailéim a bhí ann ar dtús, ach thug sé a aghaidh ar kibbutz agus é cúig bliana déag d'aois. Siúd is gur chaith sé seal ina shaighdiúir agus seal eile ina mhac léinn, d'fhan sé dílis dá khibbutz féin ag múinteoireacht ar scoil ansin, go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1986 le cromadh ar léachtóireacht in Ollscoil Bhen Gurion, Negev.

Tá carn mór d'úrscéalta scríofa aige; thairis sin, tá sé an-ghnóthach ina fhear mhór diospóireachta i gcúrsaí na síochána, agus é ag foilsiú altanna fá dtaobh den choimhlint Arabach-Iosraelach go minic. Bhí sé orthu siúd a chuir ar bun an ghluaiseacht udaí Síocháin Anois. Ball d'Acadamh na hEabhraise atá ann fosta.

Scríbhneoir éipiciúil próis is eadh é Amos Oz nach mbíonn aon drogall air roimh ceisteanna tráthúla cogaidh is polaitíochta ná stair Iosraeil a chardáil ina chuid scríbhinní.

Léigh freisin[athraigh | edit source]

An Eabhrais
Vicipéid le fáil as An Eabhrais freisin