An Fhéiníc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Ba shibhialtacht ársa Sheimíteach Chanánach í an Fhéiníc (Sean-Ghréigis: Φοινίκη: Phoiníkē) a bhí suite ar thaobh thiar de chósta na Corráin Mhéith agus láraithe sa Liobáin. Bhí na cathracha móra Féiníceacha ar chósta na Meánmhara. Bhí sé ina chultúr fiontraíochta trádála muirí a leathnaigh amach ar fud na Meánmhara ón bhliain 1550 RC go dtí 300 RC. D'úsaid na Féinícigh an rámhlong, soitheach seoltóireacht daonchumhach, agus ceaptar gurb iad a bhí freagrach as an bireme a airgeadh. Bhain siad clú amach freisin sa Ghréig agus sa Róimh Chlasaiceach mar 'trádálaithe na ruaime corcra', a thagraíonn dá mhonaplacht ar ruaim lómhar an tseilide 'Murex', a d'úsáideadh, i measc rudaí eile, le haghaidh éadaí ríoga, agus as an aibítir (nó abjad) a scaipeadh, as a a d'eascair na haibítrí móra foghraíochta nua-aimseartha.