An Corrán Méith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Corrán Méith, t.7500 R.C.

Réigiún sa Mheán-Oirthear is ea é an Corrán Méith, agus é ag cuimsiú an Leiveaint agus an Mheaspatáim. Uaireanta, cuirtear an Éigipt leis chomh maith. Is gnách a rá gurbh é an réigiún seo "cliabhán na sibhialtachta", toisc gur anseo a thosaigh na daoine ag curadóireacht is ag talmhaíocht an chéad uair i ndiaidh na hOighearaoise. Ba é an seandálaí Meiriceánach James Henry Breasted a bhaist an réigiún, ina leabhar Ancient Records of Egypt ("Annálacha Ársaí ón Éigipt") thiar sa bhliain 1900.