An tSiria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSiria
الجمهورية العربية السورية (ar)
سوريا (ar) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnHumat ad-Diyar Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 35°13′00″N 38°35′00″E / 35.21667°N 38.58333°E / 35.21667; 38.58333

PríomhchathairAn Damaisc Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán18,499,181 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús99.9 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Meánoirthear
Iarthar na hÁise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla185,180 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce1.1 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Hearmón (2,813.95 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir na Gailíle (−214 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú8 Márta 1920
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissemi-presidential system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachPeople's Assembly of Syria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Siria Cuir in eagar ar WikidataBashar al-Assad (2000–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Siria Cuir in eagar ar WikidataHussein Arnous (en) Aistrigh (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach Bhunreachtúil na Siria Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraSyrian pound (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.sy Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+963 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 110 agus 113 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreSY Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinegov.sy Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír san Meánoirthear í Poblacht Arabach na Siria (Araibis: الجمهورية العربية السورية), nó an tSiria de ghnáth. Tá sí ag críochantacht leis an Liobáin san iarthar, Iosrael san iardheisceart, an Iordáin sa deisceart, an Iaráic san oirthear agus an Tuirc sa tuaisceart. Tá an chuid is mó den Ghólan, in iardheisceart na tíre, faoi fhorghabháil ag Iosrael ó 1967.

Go stairiúil, bhí Siria an lae inniu (ach amháin réigiún an Jazira soir ó thuaidh), an Liobáin, an Phalaistín, agus cuid den Iordáin mar réigiún amháin darbh ainm an tSiria Mhór, nó mar ba mhinice tagairt di as Araibis, Bilad al-Sham (بلاد الشام ).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

stair ag an tSiria chomh fada siar agus an bhliain 4 RC.[1] Bunaíodh a príomhchathair, an Damaisc, sa dara mílaois roimh Chríost Bhí an chathair mar shuíochán Impireacht na nUmayyach ó 661-750 agus ba phríomhchathair chúigeach í le linn Impireacht na Mamalúcach.

Tar éis bhua na nAbasach, tháinig Baghdad i gcomharbas uirthi agus tháinig meath ar an Damaisc.

Athbheochan a bhí i gceist le ré na n-Ayyubid agus na Mamalúcach sa Damaisc.

Faoi smacht na nOtamánach, tháinig meath mór ar an Damaisc.

Léarscáil, 1935

Neamhspleáchas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair an stát sa lá atá inniu ann neamhspleáchas ón Fhrainc sa bhliain 1946. Is é an 17 Aibreán “Lá na Saoirse” í bPoblacht Arabach na Siria. Roghnaíodh an Damaisc mar phríomhchathair don tSiria tar éis don tír sin neamhspleáchas a bhaint amach i 1946.

D'fhulaing an tSiria sraith de coupanna míleata i dtosach ré a neamhspleáchais. Ghabh ceann foirne an airm, Husni al-Zaim, an chumhacht an 30 Márta 1949; chuir an Coirnéal Sami al-Hinnawi as oifig é i gcoup eile i mí Lúnasa na bliana sin agus thug an ceannas ar ais do rialtas sibhialtach. I mí na Nollag, rinne an Coirnéal Adib al-Shishakli coup eile agus rinne al-Shishakli féin, agus é míshásta leis an rialtas sibhialtach a bhí curtha ar bun, a dara coup i mí na Samhna 1951. D'éirigh al-Shishakli as an chumhacht tar éis éirí amach mhíleata i bhFeabhra 1954.[2]

An Phoblacht Arabach Aontaithe 1958-1961[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aontaigh an tSiria agus an Éigipt in aon stát amháin, an Phoblacht Arabach Aontaithe, in 1958, faoi cheannas uachtarán na hÉigipte Gamal Abdel Nasser. Ach an díograis a spreag an t-aontú sa tSiria i dtús, níor mhair sí i bhfad i measc na héilíte agus forlámhas Nasser á shíneadh ar an tír, agus in 1961 rinne an Leifteanantchoirnéal Abd al-Karim al-Nahlawi coup míleata agus d'fhógair an scaradh.[3]

Réimeas Pháirtí an Ba'th agus mhuintir al-Assad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hafez al-Assad, 1977

Ón bhliain 1963 ar aghaidh tá páirtí an Ba'th - Páirtí an Aiséirithe Arabaigh Shóisialaigh, páirtí náisiúnach Arabach a bhí gníomhach san Ioráic freisin - i gceannas; ó 1970 ar aghaidh tagann an ceann stáit ón chlann Assad. Bhí Hafez al-Assad, oifigeach aerfhórsa agus ball de choiste míleata an pháirtí, i gceannas ó 1970 go dtí 2000 nuair a fuair sé bás.

Leasaíodh an bunreacht i ndiaidh bhás Hafez al-Assad ionas go bhféadfaí a mhac, Bashar, a bhí faoi bhun na haoise bunreachtúla .i. 40 bliain, a thoghadh ina chomharba air.

Is é déachtóir Bashar al-Assad uachtarán na Siria ón am sin.

Is éard is "an tEarrach Arabach" ann ná tonn réabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí thosaigh sa Túinéis an 18 Nollaig 2010 agus a leath go tíortha eile ar nós na hÉigipte, Éimin, na Libia, Bhairéin agus na Siria.

Cogadh cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

2011. Thosaigh cogadh cathartha i ndáiríre sa tSiria i 2011. Bhí agóid bheag ar son an daonlathais sa Damaisc an 15 Márta 2011. Bhris agóidí ollmhóra amach i gcathair Deraa, sa deisceart, an 18 Márta agus mharaigh na fórsaí slándála beirt ar a laghad.[4] Leath na léirsithe go cathracha eile agus lean na fórsaí slándála de chos ar bolg a imirt ar na léirsitheoirí agus urchair a scaoileadh leo. De réir a chéile tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit[5]. Thosaigh cogadh cathartha sa tSiria mar sin, cogadh a bhí le bheith ar bharr an chlár oibre pholaitiúil dhomhanda go ceann i bhfad.

Saighdiúir de chuid na Siria, 2006, le AK-47

2016. I mí Márta 2016, tuairiscítear ar RTÉ[6] go raibh an Rúis lena gcuid fórsaí míleata a tharraingt amach as an tSiria go hiomlán.

Sa bhliain 2016, scriosadh cuid mhaith den taobh thoir d'Aleppo, a bhí faoi fhorlámhas na reibilúnach, le síorbhuamáil ó fhórsaí an rialtais. Chuaigh fórsaí de chuid na Siria isteach i in oirthear Aleppo i mí Nollag na bliana 2016, an bua ag an rialtas in aghaidh na reibiliúnach[7]. Rinne an rialtas "glanadh eitneach" ar an gcathair.

2017. I 2017, rinneadh ionsaí ceimiceach ar cheantar ceannairceach gar do chathair Homs. Rinne na Stáit Aontaithe ionsaí diúracán ar bhunáit aeir sa tSiria cúpla lá ina dhiaidh[8].

2018. Ar an 13 Aibreán, rinne na Stáit Aontaithe, an Fhrainc agus an Bhreatain ionsaithe diúracáin ar ionaid de chuid rialtas na Siria i ndiaidh d’arm Bashar al-Assad úsáid a bhaint as airm cheimiceacha in ionsaí ar an gcathair Douma, a bhí i lámha reibiliúnach.[9]

Inniu tá na céadta míle tar éis bháis ó thús an chogaidh, agus tá na milliúin ar a dteitheadh.

Daonra agus déimeagrafaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir shonraí an Bhainc Dhomhanda, b'ionann is 21,362,541 daonra na Siria in 2010, an bhliain dheireanach roimh an chogadh chathartha. Ba é 18,275,704 an daonra in 2021 tar éis 10 mbliana den choinbhleacht.

In 2021, bhí 6.6 milliún Siriach ina dteifigh lasmuigh den tír, agus 6.7 milliún eile easáitithe laistigh di, de réir staitisticí Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR).

Ní fhoilsítear staitisticí oifigiúla maidir leis an chreideamh ná an bunadh eitneach sa tSiria, ach tá meastacháin foilsithe ag acadóirí, ionaid taighde, agus rialtais eile. Is ábhar íogair na figiúirí sin toisc an chumhacht a bheith, go bunúsach, i lámha dreama den mhionlach Alabhaíteach, agus mar gheall ar idé-eolaíocht náisiúnach Arabach an réimis, nach mbíonn sásta glacadh le héilimh ó mhionlaigh eitneacha agus go háirithe ó na Coirdínigh.

Ó thaobh an chreidimh de, in 2020 mheas Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá gur Mhoslamaigh Shunnaíocha 74% de dhaonra na Siria, agus gur bhain 13% eile díobh le 'grúpaí Muslamacha eile', lena n-áirítear Alabhaithe, Siaigh, agus Iosmaelaigh. Measann rialtas SAM go bhfuil 3% de Dhrúsaigh sa tSiria (cé gurb iondúil iad a áireamh mar Mhoslamaigh sa tír féin) agus 10% de Chríostaithe, ach luann sé go dtuairiscítear gur tháinig meath mór ar an bpobal sin le linn an chogaidh.[10]

De réir an taighdeora Fabrice Balanche, in 2010 ba Shunnaígh Arabacha iad 65% de dhaonra na Siria, ba Choirdínigh 15% acu, b'Alabhaithe 10%, ba Chríostaithe 5%, ba Dhrúsaigh 3%, b'Iosmaelaigh 1% agus ba Shiaigh Dháréagacha 1% acu.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tSiria: An Chéad Domanó Eile?, Beo.ie, 128 · NOLLAIG 2011

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Report of the Commission Entrusted by the Council with the Study of the Frontier between Syria and Iraq".
  2. Mufti, Malik, Sovereign Creations: Pan-Arabism and Political Order in Syria and Iraq, Cornell University Press, 1996, lgh. 49-56
  3. Mufti, op.cit., lgh 132-134
  4. Aron Lund. "The Politics of Memory: Ten Years of War in Syria".
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2017-12-16.
  6. https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0317/775529-an-ruis-le-tarraingt-amach-as-an-tsiria/ 17 Márta 2016
  7. https://www.rte.ie/news/nuacht/2016/1213/838540-sibhialtaigh-a-maru-in-aleppo-de-reir-an-un/
  8. https://www.rte.ie/news/nuacht/2015/1001/731779-ruathair-aeir-aris-inniu-on-ruis-ar-an-tsiria/, 7 Aibreán 2017.
  9. Alex Hijmans (29 Nollaig 2018). "‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.
  10. Roinn Stáit Stáit Aontaithe Mheiriceá. "2020 Report on International Religious Freedom: Syria".
  11. Balanche, Fabrice. "Sectarianism in Syria's Civil War". The Washington Institute for Near East Policy. Dáta rochtana: 23 Iúil 2022.